Tús spleodrach á chur le sraitheanna Pheil na mBan agus iomaíocht ghéar i measc na mboc mór

Cuirfidh Dún na nGall agus Gaillimh tús le Roinn 1 de Shraith Pheil na mBan inniu agus cluiche idir seaimpíní na hÉireann, an Mhí, agus a sean-naimhde, Áth Cliath, le himirt tráthnóna

Tús spleodrach á chur le sraitheanna Pheil na mBan agus iomaíocht ghéar i measc na mboc mór

Cuirfear tús ceart leis an séasúr idirchontae tráthnóna agus an chéad bhabhta i Sraitheanna Pheil na mBan Lidl le himirt inniu agus amárach.

Tá an iomaíocht i bpeil na mban níos géire ná bhí sé riamh agus seacht nó ocht gcinn d’fhoirne ag ceapadh anois i mí Eanáir go bhféadfadh siad dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann ag tús mhí Lúnasa.

Fágann caighdeán na bhfoirne go mbeidh roinnt cluichí suimiúla ann gach seachtain i Roinn 1 na sraithe as seo go ceann cúpla mí agus cúpla coimhlint spéisiúil againn tráthnóna chun tús bríomhar a chur leis an gcomórtas.

Is iad mná na Mí banríona na peile le cúpla bliain anuas agus Corn Uí Mháirtín buaite faoi dhó as a chéile acu ach tá cúpla rud tarlaithe ón dara bua sin mí Iúil seo caite a fhágann nach mbeidh earrach gan dua ag an Mhí.

Ar an gcéad dul síos, tá bainisteoir nua ag an bhfoireann, Davy Nelson, tar éis d’Éamonn Murray seasamh siar anuraidh agus buille mór a bhí ann freisin go ndeachaigh Paul Garrigan agus Eugene Eivers, beirt chóitseálaithe a raibh an-bhaint acu leis an rath a bhí ar chontae na Mí, le Colm O’Rourke agus foireann na bhfear.

Anuas air sin, tá Vikki Wall agus Orlagh Lally, beirt imreoirí thar a bheith tábhachtach, thíos san Astráil faoi láthair ag imirt san AFLW agus ní bheidh teacht ag seaimpíní na hÉireann orthu le linn na sraithe.

Fágann sin uile go mb’fhéidir go mbeadh Nelson ag iarraidh tús éasca go maith sa tsraith ach ní hin atá aige agus sean-naimhde na Mí, Áth Cliath rompu tráthnóna.

Tá beagáinín oibre athchóirithe ar bun sa phríomhchathair chomh maith. Bhí Lyndsey Davey ar an gcéad duine eile ó ré órga Átha Cliath a d’fhógair go raibh sí ag éirí as ag deireadh na bliana seo caite agus tá amhras ann go fóill an bhfillfidh an laoch Sinéad Aherne. Tá Sinéad Goldrick san Astráil freisin, rud a fhágann go mbeidh neart deiseanna ann d’imreoirí nua le linn na sraithe agus súil ag Mick Bohan go dtapóidh siad na deiseanna sin.

Casfaidh Gaillimh agus Dún na nGall ar a chéile sa chéad chluiche i sraith na bliana seo nuair a rachaidh siad chun páirce i dTuaim.

Thóg na Conallaigh céim mhór chun cinn anuraidh agus Áth Cliath sáraithe acu i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann, taispeántas a bhí de dhíth ar fhoireann Maxi Curran, agus thugadar dúshlán ceart don Mhí sna babhtaí leathcheannais. Beidh Curran ag súil go gcoinneoidh an fhoireann uirthi ag dul chun cinn in 2023 ach, mar aon le go leor foirne, tá imreoirí tábhachtacha in easnamh ar Dhún na nGall ag tús na sraithe. Ní bheidh ceathrar de na himreoirí is fearr acu, Niamh McLaughlin, Geraldine McLaughlin, Yvonne Bonner agus Karen Guthrie ar fáil inniu agus beidh Gaillimh ag iarraidh leas a bhaint as sin.

Tá a gcuid deacrachtaí féin ag bainisteoirí na Gaillimhe, Maghnus Breathnach agus Fiona Wynne. Bhuaigh Cill Chóirín/Cluain Bheirn Craobh Shinsir na hÉireann mí na Nollag ach níl ach beirt ón bhfoireann ar fáil inniu, Lynsey Noone agus Chloe Miskell.

Bliain chrua go maith a bhí ag na Gaillmhigh anuraidh ach thugadar an taispeántas is fearr a bhí acu sa bhabhta ceathrú ceannais nuair a bhí mí-ádh orthu gan teacht aniar aduaidh ar an Mhí agus beidh Breathnach agus Wynne ag súil gur taispeántais den chaighdeán céanna a bheidh le feiceáil ón bhfoireann i mbliana.

Dhá chluiche eile atá i Roinn 1 amárach, Maigh Eo in aghaidh Chorcaí agus Port Láirge in aghaidh Chiarraí.

Tá mná na Ríochta ar ais i Roinn 1 tar éis dóibh an t-ardú céime a bhaint amach agus iad cinnte i measc na mboc mór arís i ndiaidh an taispeántas a thugadar anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Beifear ag iarraidh tús maith a chur leis an bhliain seo le bua ar Phort Láirge.

Beidh Maigh Eo agus Corcaigh ag súil le babhtaí ceannais na craoibhe a bhaint amach chomh maith in 2023. Bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh i gcluiche ceathrú ceannais anuraidh agus thugadar taispeántas maith in aghaidh Chiarraí chomh maith. Dea-scéal é do Michael Moyles go bhfuil Rachel Kearns fillte ar an bhfoireann i mbliana agus má choinníonn cuid de na himreoirí óga ar an bhfoireann ag feabhsú, beidh seans maith acu i mbliana.

Tá scata mór imreoirí tar éis éirí as an imirt le Corcaigh, an sárthosach Orlagh Finn, Áine O’Sullivan, Martina O’Brien agus Eimear Scally ina measc. Beidh an bainisteoir Shane Roynane faoi bhrú bliain mhaith a bheith ag an bhfoireann ach fágann an rath a bhí ar fhoirne faoi aois Chorcaí le gairid gur cheart go mbeadh imreoirí ag teacht tríd.

Sraith Pheil na mBan – Roinn 1

Dé Sathairn, 21 Eanáir

Gaillimh v Dún na nGall – Tuaim, 2.00in
Áth Cliath v An Mhí – SCU St Clare’s, 5.15in (Beo ar TG4)

Dé Domhnaigh, 22 Eanáir

Maigh Eo v Corcaigh – Beacán, 1.30in
Port Láirge v Ciarraí – Baile an Phoill, 2.00in

Fág freagra ar 'Tús spleodrach á chur le sraitheanna Pheil na mBan agus iomaíocht ghéar i measc na mboc mór'