Tá próiseas comhairliúcháin le bunú faoin gcosc ar spóirt uisce ag Trá na gCeann i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe.
Mar chuid den phróiseas rachaidh Coiste Pleanála Straitéisí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (SPC) i gcomhairle leis an ngrúpa eagraíochtaí agus comhlachtaí spóirt uisce a tháinig le chéile le cur in aghaidh an chosc.
Ag cruinniú den chomhairle Dé Luain, ritheadh rún a chuir an Comhairleoir de chuid Fhine Gael Clodagh Higgins chun cinn go gcasfadh an SPC leis an ngrúpa le tús a chur le “próiseas comhairliúcháin a mbeidh éifeacht leis”. De réir an rúin forbróidh an chomhairle plean bainistíochta agus zónála do thránna uile na cathrach agus lorgóidh an chomhairle aiseolas agus aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara agus na pleananna agus léarscáileanna zónála á gcur le chéile.
Dúirt Higgins go dtabharfar aird ar na coinníollacha a leagtar amach sa cháipéisíocht a bhaineann le stádas an Bhrait Ghoirm agus go gcuirfear áiteanna ar leith ar fáil le hárthach le cur chun farraige.
Nuair a crochadh fógraí ag Trá na gCeann le cosc a chur ar an spórt uisce ann i gcaitheamh an tsamhraidh mhaígh an chomhairle cathrach go gcaithfí a leithéid a dhéanamh leis an mBrat Gorm a choinneáil ag an trá. Ní luaitear a leithéid de chosc sa cháipéisíocht a bhaineann le gradam an Bhrait Ghoirm. Deirtear, áfach, go gcaitear “bainistiú” a dhéanamh ar thránna le “timpistí agus coimhlintí” a sheachaint.
“Ba chóir snámhaithe a chosaint ó gach árthach mara. Nuair is gá, ba chóir zónáil a dhéanamh trí bhaoithe, rabhcán nó comharthaíocht a chur in áit. Caithfear an rud céanna a dhéanamh do cheantair shurfála,” a deirtear sa cháipéisíocht.
Mhaígh Higgins go gcinnteoidh an zónáil nua ag tránna na cathrach go mbeidh snámhaithe, lucht spóirt uisce, agus na daoine eile a thugann cuairt ar an trá “sábháilte”.
“Is céim thábhachtach í seo le cinntiú go mbeidh tránna na Gaillimhe níos sábháilte, go mbeidh rochtain níos fearr ar fáil orthu, agus go ndéanfar bainistiú níos fearr orthu do chách,” a dúirt sí.
Mhol an grúpa spóirt uisce cheana go gcuirfí 50 méadar den trá ar leataobh le hárthaigh a chur i bhfarraige agus go bhfágfaí an chuid eile den trá faoi lucht snámha. Dúirt an grúpa gur fhág crochadh na bhfógraí níos luaithe i mbliana “mearbhall agus imní” ar dhaoine a bhíonn ag úsáid na trá go rialta le haghaidh spóirt uisce agus go bhféadfadh sé go gcruthófaí aighneas nó achrann idir snámhaithe agus lucht spóirt uisce.
Fág freagra ar 'Tús á chur le plé faoi chosc ar spóirt uisce ag trá Ghaeltachta'