Tús á chur le hullmhúchán d’athchóiriú na Cartlainne Náisiúnta agus 95,000 bosca le haistriú

Tá deacrachtaí móra stórála sa Chartlann Náisiúnta le roinnt blianta anuas agus táthar ag súil go ndéanfaidh an athfhorbairt an scéal sin a leigheas

Tús á chur le hullmhúchán d’athchóiriú na Cartlainne Náisiúnta agus 95,000 bosca le haistriú

Tá tús á chur go luath leis an obair ullmhúcháin d’athfhorbairt atá le déanamh ar Chartlann Náisiúnta na hÉireann.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá i bhfeighil na hathfhorbartha seo ina dtógfar áiseanna nua stórála sa Chartlann Náisiúnta ar Shráid an Easpaig. 

Tá deacrachtaí móra stórála sa Chartlann Náisiúnta le roinnt blianta anuas agus táthar ag súil go ndéanfaidh an athfhorbairt an scéal sin a leigheas.  

Thug an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios gur gá mar chuid den obair athchóirithe  áit a bhí in úsáid mar áis stórála sa chartlann a ghlanadh amach. Dúradh gur taifid a ndearnadh digitiú orthu cheana féin agus nach gá dóibh a bheith ar fáil sa seomra léitheoireachta gach lá agus taifid nach bhfuil cead ag an bpobal iad a scrúdú atá i gceist leis na taifid atá le glanadh amach as an trádstóras. 

Mar chuid de chéad chéim na forbartha aistreofar 95,000 bosca d’ábhar cartlainne amach “chun a chinntiú go leanfar de bheith á gcaomhnú agus chun aon bhaol damáiste ó bheith á gcoimeád i gcóngar na n-oibreacha tógála a sheachaint”.  Ní foláir chomh maith, a dúradh, an Chartlann Náisiúnta a dhúnadh idir an 22-26 Deireadh Fómhair “chun cur ar chumas na foirne na hoibreacha ullmhúcháin don aistriú” a dhéanamh.

Cuirfear tús leis an bpróiseas chun conraitheoirí a roghnú don obair athchóirthe an bhliain seo chugainn agus cuirfear tús leis an obair féin amach sa bhliain 2019.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan gur tráthúil an scéala é go bhfuil an athfhorbairt le déanamh céad bliain ó scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí ag na Ceithre Cúirteanna.

“Is cuí go bhfuil infheistíocht á déanamh anois againn chun áis den chineál is nua-aimseartha a fhorbairt d’fhonn ár gcartlann náisiúnta a chosaint do na glúine atá le teacht.  Osclófar an Chartlann athfhorbartha i bhfad roimh chomóradh céad bliain an léirscrios sin,” a dúirt an tAire Cultúir Joesepha Madigan.

Dúirt John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta gur “iontach agus dúshlánach an ré é don Chartlann Náisiúnta” agus go raibh súil aige go dtuigfidh an pobal an gá atá ann “srian” a chur le seirbhísí na cartlainne “ar bhonn sealadach” agus go bhfuil an méid sin á dhéanamh “chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chách” amach anseo.

Fág freagra ar 'Tús á chur le hullmhúchán d’athchóiriú na Cartlainne Náisiúnta agus 95,000 bosca le haistriú'