TURAS TOGHCHÁIN: Díospóireacht TG4 agus baothgheallúintí Gaeilge

Sa cholún toghcháin seo caitear súil go heasurramach ar imeachtaí Olltoghchán 2016…

Toghchán Strap

Cuir focail i mo bhéal…

13/02/2016. Sinn Fein Canvassing. Pictured Sinn Fein President Gerry Adams TD stops at Naomh Fionnbarra GAA Club in Cabra in Dublin this afternoon to play hurling with (LtoR) Calvin kearney (12), Kian ryan (12) Jack Naughton (13) whilst canvassing in the area with Deputy Leader and candidate in Dublin Central. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie

3/2/2016 General Election Campaigns Starts

15/2/2016. Taoiseach Enda Kenny at the APC

3/2/2016 General Election Campaigns Starts

Baothgheallúintí Gaeilge

Agus a bpolasaithe Gaeilge foilsithe anois ag na páirtithe ar fad mar chuid dá bhforógraí toghcháin, cad iad na baothgheallúintí is áiféisí ar fad a tugadh?

Bhí go leor acu ann, ach ba dheacair an ceann seo ó pháirtí an Lucht Oibre a shárú:

“Maidir le seirbhísí poiblí, tuigimid go bhfuil sé rí-tábhachtach go gcuirfear gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge agus oibreoimid chun an aidhm seo a thabhairt chun críche.”

Agus beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir…

Gerry agus Joan agus díospóireacht TG4

Bhí liosta de ‘50 Ceannlíne Nuachta Nach bhfeicfear in 2016’ ag an gCúigiú Colúnaí ar an iris Comhar an mhí seo caite.

I measc na gceannlínte nach bhfeicfí i 2016, bhí an ceann tráthúil seo:

‘Imeacht an ghinidigh ón gcaint bheo ina chnámh spairne idir Adams agus Burton ar dhíospóireacht toghcháin TG4’

Amhrán an lae…

Bíodh siad ar an eite dheis nó an ar an eite chlé, ina neamhspleáigh chruthanta nó ina saighdiúirí maithe páirtí, cuimhnigh sa deireadh go bhfuil an mhian chéanna acu ar fad is a bhí ag Alice Cooper thiar i 1972…

Dog bites man

Cad é a d’imigh ar an seanrá i gcúrsaí iriseoireachta nach ábhar nuachta atá ann má bhaineann madra greim as fear ach gur ábhar nuachta atá ann má bhaineann fear greim as madra…

Fág freagra ar 'TURAS TOGHCHÁIN: Díospóireacht TG4 agus baothgheallúintí Gaeilge'

  • padraig

    á foc, lag ag gáirí