Turas chun na hIodáile leis an zaipire, agus chuig an Tour de France ar an TGV (LCD)

Bhí mé ag cuimhneamh ar an mbosca a chasadh as ar fad nuair a shábháil an rothaíocht mé 

Turas chun na hIodáile leis an zaipire, agus chuig an Tour de France ar an TGV (LCD)

Tiocfaidh deireadh leis an Rás Tailteann tráthnóna inniu i mBeigthigh na Mí. Tá sin 10 míle ó dheas den áit a mbíodh an tAonach as a bhfuair an rás a ainm. Ní raibh aon trácht ar an rothar nuair a chuir Lugh Lámhfhada cluichí agus comórtais ar bun ansiúd os cionn 3,500 bliain ó shin i gcuimhne ar a mháthair altrama Tailtiú.

Ós ag caint ar rothair é, tearc go leor atá muid ar eolas faoin té a chéadcheap an gaireas a d’fhág athrú ollmhór ar shaol an ghnáthdhuine. Athrú níos mó b’fhéidir ná a rinne an guthán agus an t-eitleán. Fós féin tá ainmneacha Alexander Graham Bell agus na deartháireacha Wright ar bharr a ngoib ag an gcuid is mó againn.

Bhí tuairim ann tráth go ndearna dalta de chuid Leonardo de Vinci sceitseáil ar a leithéid chomh fada siar leis an mbliain 1500, ach cé go bhfuil daoine ann a chreideann sin i gcónaí, meastar go coitianta gur eolas bréige é.

Fiú agus 300 bliain eile caite, is cosúil nach raibh an rothar ar an saol go fóill. Níl aon ghlacadh ag na húdair go raibh a leithéid cruthaithe sa bhFrainc i 1792 ag duine den uasalaicme – ceann nach raibh aon troitheáin air agus nár mhór na cosa a bheith ar an talamh lena bhogadh.

Tráthúil go leor is cosúil go mba fear eile de na huaisle a chuir le chéile an gaireas a bhfuil aitheantas tugtha dó a bheith ar an rothar ba thúisce. An Barún Karl von Drais ab ainm dó. Is féidir a bheith cinnte gurb í sin an fhírinne mar gur chuir sé paitinn air. Céard eile a dhéanfadh Gearmánach?

I Leath Mhogha nach mór a bhí Rás Tailteann ar fad i mbliana, cé le ceart gur dócha gur i Leath Choinn ar éigean a thosaigh staid deiridh an lae inniu a thug iad as Maigh Nuad go Beigthigh atá cúpla míle ó dheas den Uaimh agus ar bhruach na Bóinne.

Rud a tharlaíonn annamh go leor a chuir an rothar agus a mbaineann leis isteach i m’intinn an oíche faoi dheireadh – mé a bheith sa mbaile asam féin, zaipire na teilifíse caite ar an tolg agus contúirt ann go dtolgfadh sé ruaig den niúmóine mura gcoinneofaí teolaí é i lámh dhuine éicint. Le teann trua don chréatúr, rug mé air agus thug beocht don scáileán.

Má thóg sé 90 soicind orm dul ó chainéal uimhir 1 go dtí uimhir 399, ní mba mhórán lena chois sin é. Mhoilligh mé ar an luas nuair a tháinig mé suas leis na cainéil spóirt, ach ba bheag a bhí orthu siúd ach an oiread a choinnigh mórán moille orm.

Lár na seachtaine a bhí ann agus gan aon ghalf ar siúl. Ar na roghanna a bhí os mo chomhair bhí cruicéad, rásaí capall as na Státaí, achoimre ar an Premiership 2002, Craobh an Domhain sa Dreapadóireacht, Cluiche Sraith 2 an tSacair idir Crawley agus dream éicint a bhí níos ‘Cróilí’. Ó agus Speedway!

Bhí mé ag cuimhneamh ar an mbosca a chasadh as ar fad agus stoca a chur timpeall an zaipire bocht nuair a shábháil Eurosport mé.

Le fírinne bhí mé imithe thairis sin freisin ach gur thug an chlascairt báistí a bhí le feiceáil ar an scáileán ar ais chuige mé go bhfaca mé na 10 nóiméad dheireanacha den 16ú Staid den Giro d’Italia.

Tá críoch leis an rás sin freisin inniu, aistear 3,500km bealaigh a mhair trí seachtaine déanta ag na rothaithe anuas cósta na Meánmhara chomh fada le Napoli agus suas ar an taobh thall den tír go dtáinig siad go Sappada ar theorainn na hOstaire inné.

Aréir chuaigh siad ar eitleán chun na Róimhe, áit a dtiocfaidh deireadh lena gcamchuairt (Giró) inniu.

Nuair a shuigh mise síos níor thuig mé go raibh Staid an lae sin (16) giorraithe de bharr clamhsán a bhí déanta ag na rothaithe faoin gcontúirt a bhain lena raibh de shneachta agus de fhlichshneachta á chaitheamh. Thóg sé uaireanta an chloig ar an lucht eagair géilleadh dóibh agus ba go drogallach féin a rinne siad sin…

D’fhág an ciorrú agus an tseachaint a rinneadh ar na sléibhte a dtugann na hIodálaigh Dolomiti orthu nach raibh aon radharc ag an lucht féachana ar áilleacht an cheantair agus go deimhin bí cuid mhaith den fheisteas báistí caite díobh ag na rothaithe nuair a shroich siad ceann cúrsa.

Go deimhin muinchillí gearra a bhí ar Tadej Pogačar nuair a thrasnaigh sé an líne, an cúigiú staid buaite aige i mbliana.

Ní hé go bhféachaim ar an oiread sin den rothaíocht, ná go bhfuil aon tsuim faoi leith agam sa spórt. Anuas air sin beidh smál go deo air ag an gceangal idir cuid de na laochra móra a chleacht é agus ábhair choiscthe. Dá mbeadh leithéid Seán Kelly nó Stephen Roche againn inniu, seans gur malairt scéil a bheadh i gceist.

Fós mar a tharla an oíche faoi dheireadh meallann sé anois agus arís mé. An duine aonair i gcoimhlint le cruth na cruinne nó a leithéid is dócha.

Faoi cheann cúpla seachtain tá súil agam a bheith sa bhFrainc nuair a bheas an Tour de France ar siúl. Is minic ráite agam dá bhfaighinn mo mhian go mba bhreá liom giota de a fheiceáil.

Ní dóigh liom go bhfuil sé ag teacht i ngaobhar na háite ina mbeidh mé. Ach LCD agus TGV, má thuigeann tú leat mé.

Fág freagra ar 'Turas chun na hIodáile leis an zaipire, agus chuig an Tour de France ar an TGV (LCD)'