‘Théis ‘Home and Away’ rithimis síos go Coláiste Chonnacht ag foghlaim amhrán’

Labhair Mairéad Ní Fhlatharta, amhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe, le Tuairisc faoin ngrá atá aici do na hamhráin ar an sean-nós –‘scéalta daonna a théann go croí ionat’

‘Théis ‘Home and Away’ rithimis síos go Coláiste Chonnacht ag foghlaim amhrán’

De bhunadh Bhaile an tSléibhe i gceantar an Spidéil í Mairéad Ní Fhlatharta, áit a bhfuil traidisiún láidir amhránaíochta ar an sean-nós. Thosaigh sí ag ghabháil fhoinn nuair a bhí sí sé nó seacht mbliana d’aois agus í ag freastal ar ranganna amhránaíochta ar an sean-nós a bhí á reáchtáil i gColáiste Chonnacht ag an nGaelacadamh.

Bhíodh grúpa beag acu ag dul chuig na ranganna chuile sheachtain le Pat Phádraic Tom Ó Conghaile i dtosach agus ina dhiaidh sin le Peatsaí Ó Ceannabháin.

“Chaith mé blianta ag dul ag Pat, chuile oíche Dé Luain, díreach théis Home and Away bheadh muid rite síos go Coláiste Chonnacht ag foghlaim amhrán.”

Labhraíonn sí go ceanúil ar na hamhráin a d’fhoghlaim sí sna blianta luatha sin. “Is dóigh mar gheall go raibh muid an-óg is iad na hamhráin sciobtha is mó a d’fhoghlaim muid uaidh, leithéidí ‘Bean Pháidín’, ‘Cúnla’, ‘Sadhbh Ní Bhruinneala’, ‘Cill Aodáin’ agus amhráin mar sin.”

Chomh maith leis na hamhráin, d’insíodh Pat Phádraic Tom scéalta beaga dóibh faoi stair na n-amhrán agus chuaigh sé seo i bhfeidhm go mór ar Mhairéad. “Ceann de na rudaí móra a gcuimhním air ná go mbíodh sé ag insint blúiríní beaga eolais dúinn faoi na hamhráin agus ag insint dúinn faoi na daoine eile a chasadh iad.”

Is é an t-amhránaí aitheanta Peatsaí Ó Ceannabháin a bhíodh ag múineadh ranganna amhránaíochta dóibh agus iad sa mheánscoil. Sa tréimhse sin agus í ina déagóir a d’fhás a suim sna hamhráin agus sa stair agus an traidisiún a bhaineann leo.

“Is dóigh mar gheall go raibh mé ag an aois sin go raibh mé in ann níos mó tuisceana a bhaint as na hamhráin agus mhéadaigh mo shuim iontu.

“Nuair a bhí muid le Pat Phádraic Tom is é a chur an síol agus faoin am go ndeachaigh mé chuig ranganna Pheatsaí bhí mé ag teacht in inmhe agus sin é an uair gur thuig mé go raibh suim ar leith agam san amhránaíocht.

“Is é an spreagadh a fuair mé ó Pheatsaí a thug an t-ugach dom leanúint ar aghaidh leis an amhránaíocht. Spreag sé i gcónaí mé.”

Ní hiad na foinn amháin a mheallann í ach an doimhneacht a bhaineann leis na liricí agus fuair sí go leor de sin ó Pheatsaí.

“Ní hamháin gur thug sé na hamhráin dom ach thug sé i bhfad níos mó dom. Thug sé an chroíúlacht agus an anamúlacht agus chuile shórt a bhí taobh thiar de na hamhráin dúinn sna ranganna.

“Tá sé go hálainn nuair a théann rud éigin go domhain ionat, sin é an chaoi a n-airímse go bhfuil sé ionamsa. Bhíodh go leor cairde liom ag déanamh ranganna ach nuair a tháinig sé go dtí an teastas sóisearach d’éirigh go leor daoine díobh as mar go raibh siad ag staidéar le haghaidh na scrúduithe. Ansin b’fhéidir nach mbeadh ach triúr againn sa rang, ach lean mé orm.”

Lean sí uirthi leis na ranganna go dtí gur bhásaigh Peatsaí sa mbliain 1998.

“Chlis a shláinte air, gar don am a raibh mé ag teacht ag an Ardteist, beannacht Dé leis. Bíonn sé deacair a chur i bhfocail céard a thug sé dom. Ach sílim gurb é an bhríúlacht agus an doimhneacht agus an meas ar na hamhráin agus ar an sean-nós a thug sé ar aghaidh.”

Tháinig athrú lena linn féin ar an gcaoi a mbíonn amhrán á seachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile.

“Fadó, d’fhoghlaim siad na hamhráin cois tine, ach chuaigh mise ag rang lena bhfoghlaim. Bhí am leagtha amach chuile sheachtain le dul agus iad a fhoghlaim. Níl mé ag rá nár airigh mé sa mbaile an sean-nós ar Raidió na Gaeltachta ach is dóigh go raibh athrú ann le mo linnse go ndeachaigh go leor againn ag ranganna.”

Tá ceangail láidir aici leis na hamhráin féin agus na scéalta a bhaineann leo. Is iad na scéalta a théann i bhfeidhm uirthi agus deir go bhfuil go leor le foghlaim uathu faoi nádúr an duine nár athraigh ó scríobhadh na hamhráin seo.

“Bhí na hamhráin i gcónaí mar chuid de mo shaol agus beidh siad i gcónaí mar chuid de mo shaol. Airím go bhfuil sé tábhachtach ag chuile dhuine a ghabháil i ngleic le mothúcháin agus déantar é sin go láidir sna hamhráin. Is scéalta daonna iad, scéalta grá. Tá go leor samhlaíochta ag baint leo agus go leor den nádúr ag baint leo chomh maith. Scéalta daonna iad a théann go croí ionat.”

Thosaigh sí ag múineadh ranganna sean-nóis nuair a bhí sí ag tosú amach ina saol mar mhúinteoir scoile.

“Bhí mé cáilithe mar mhúinteoir agus mé thuas i Ráth Chairn le haghaidh mo chéad phost i Scoil Uí Ghramhnaigh agus bhí an t-ádh liom go raibh an-chúlra sean-nóis sa gceantar agus go leor suim ag daoine ann. Cuireadh ceist orm ranganna a mhúineadh do dhéagóirí i gceantar Ráth Chairn. Cuireann sé ríméad orm go bhfuil na daoine sin fós ag gabháil fhoinn.”

Cuireann sí béim mhór ar an moladh agus an spreagadh nuair atá ranganna amhránaíochta á dtabhairt aici do dhaoine óga.

“Go minic beidh an bua istigh sa duine, ach is é an moladh agus an spreagadh a thugann amach é. Is dóigh go bhfuil mé ag iarraidh an grá agus an gean atá agamsa do na hamhráin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.”

Mar amhránaí cónaitheach le hIonad an Léann Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe, ról ar thosaigh Máiréad air i mí Feabhra na bliana seo, tá deis aici a cleachtas féin a fhorbairt chomh maith lena roinnt le daoine eile.

Spreagann sé í nuair a éisteann sí siar le hamhránaithe móra, daoine ar nós Dara Bán Mac Donnchadha, agus cé go mbíonn sí ag iarraidh a stampa féin a chur ar na hamhráin bíonn sí ag iarraidh éisteacht leis na leaganacha a chas na daoine eile a chuaigh roimpi.

“Nuair a chloisim leithéidí Dhara Bán ag casadh amhrán ar an sean-nós airím go bhfuil sé ar nós abhainn nó srutháinín ag dul le fána. Sileann chuile nóta amach as. Sin é a bhímse a iarraidh nuair a dhúnaim mo shúile, bím ag iarraidh a shamhlú go bhfuil srutháinín ann agus go bhfuil sé ag sileadh amach asam. Má tá mé mar sin agus mé ag gabháil fhoinn, airím go bhfuil mé ag insint scéal an amhráin agus níl mé ag cuimhneamh orm féin mar dhuine.”

Fág freagra ar '‘Théis ‘Home and Away’ rithimis síos go Coláiste Chonnacht ag foghlaim amhrán’'