CULTÚR: Bród na Gaeltachta,  Féile Ucailéile agus ealaíontóirí de dhíth ar Inis Oírr

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

CULTÚR: Bród na Gaeltachta,  Féile Ucailéile agus ealaíontóirí de dhíth ar Inis Oírr

FÉILTE

Bród na Gaeltachta – féile ealaíon phobail LGBTQIA+

Beidh Bród na Gaeltachta (#BRÓD2024), féile ealaíon phobail LGBTQIA+, ar ais arís i mbliana agus ar bun sa bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall ón 4 go dtí an 7 Iúil. Cuireadh tús leis an bhféile sa mbliain 2022, an chéad fhéile dá leithéid in aon Ghaeltacht tuaithe in Éirinn agus d’éirigh an-mhaith léi.

Fuair an fhéile seo gradam pobail ó Chomhlacht Forbartha Dhún na nGall don Tionscnaimh Pobail is Nuálaí in 2022 agus dámhachtain ón Bright Ideas Project Fund do Lá na Filíochta ó Éigse Éireann.

Seo í an tríú bliain acu. Is í an aidhm atá leagtha amach ag lucht a heagraithe ná ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, ar na healaíona tuaithe agus ar an bpobal aerach.

Tá féile 2024 ag comóradh 50 bliain ó cuireadh an chéad pharáid Bród ar bun ar an 27 Meitheamh, 1974. Déanann clár Bhród na Gaeltachta 2024 ceiliúradh ar an ócáid stairiúil sin trí réimse imeachtaí – litríocht, ceol beo, ealaín, comhráite painéil agus eile.

I measc na n-imeachtaí, beidh an gearrscannán Normáilte le Caoimhghín Ó hEoghusa le feiceáil sa tSean-Bheairic ar an Déardaoin, an 4 Iúil.  Maidin Dé hAoine, an 5 Iúil, cuirfidh an staraí Brian Lacey agus stiúrthóir Chartlann Aiteach na hÉireann, Tonie Walsh, turas ar cheantar Chloch Cheann Fhaola i láthair. Le linn an turais tabharfaidh na treoraithe caint ar stair an aiteachais agus mar a glacadh gan bhreithiúnas leis sa tsochaí ársa Ghaelach.

Beidh ócáid ar a dtugtar ‘Tábla Fada’ i bPuball na Féile ag Teach Bhaile Chonaill ar an Aoine, an 5 Iúil ag a 3pm. Gheofar ceol, bia agus comhrá ansin. Beidh filíocht ann ó na filí Mícheál McCann agus Annemarie Ní Chuirreáin agus ceol nuachumtha le Joseph Leighton agus Conor Murray

Tá neart imeachtaí eile ar bun agus tá clár na féile agus ticéid le fáil anseo.

 

’Plinky Plonk go dtí Honky Tonk’ ag Féile Ucailéile na Gaillimhe

Beidh Féile Ucailéile na Gaillimhe ar bun ón Aoine an 21 go dtí an Domhnach 23 Meitheamh ag ionaid éagsúla ar fud na cathrach. Is beag ceol atá níos spraíúla ná plinc plonc an ucailéile agus bíonn atmaisféar cairdiúil, fáiltiúil ag an bhféile seo a fheileann spiorad na huirlise féin. Bhí tobshlua seinnteoirí ucailéile ar cheann de bhuaicphointí na féile anuraidh, agus iad ag casadh amhráin de chuid na Saw Doctors i lár an bhaile le tionlacan na hucailéile.

Tháinig os cionn 500 seinnteoir ucailéile chuig féile na bliana seo caite agus tá súil ag an lucht eagraithe cur leis sin i mbliana. Cuirfear tús leis an bhféile ag am lóin ar an Aoine bheag seo, an 21 Meitheamh, sa Dew Drop Inn, mar a mbeidh seisiún ceoil. Ina dhiaidh sin beidh céilí ucailéile sa King’s Head ag a 3pm. Beidh ceolchoirm sa Taibhdhearc oíche Dé hAoine, doirse ag oscailt ag 7:30pm agus is iad Galway Ukers, RUGS, agus Opera-LeLe a bheidh ar stáitse.

Beidh ceardlann do ghlantosaitheoirí á cur ar bun maidin Dé Sathairn le Gerry Savage sa Mechanics Institute ar an tSráid Láir i nGaillimh ag 10:30am. Ag an am céanna sa Taibhdhearc beidh ceardlann eile do dhaoine atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a scileanna sa gceardlann ‘Plinky Plonk to Honky Tonk’ le Matt Hicks.

Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.

GAIRM

Glaoch oscailte ar ealaíontóirí ó Áras Éanna Inis Oírr

Tá glaoch oscailte fógartha ag Áras Éanna in Inis Oírr agus iad ag iarraidh ar ealaíontóirí iarratais a chur isteach ar chónaitheacht in Inis Oírr don bhliain 2025. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip agus tá ealaíontóir cónaitheach á lonnú ansin le breis agus fiche bliain.

Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí lena gclár Ealaíontóir Cónaithe. Cuirtear an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht an oileáin seo, ina bhfuil thart ar 300 duine ina gcónaí.

Ritheann na cónaitheachtaí atá á bhfógairt faoi láthair ó mhí Eanáir 2025 go mí na Bealtaine agus ó mhí an Mheán Fhómhair go Nollaig. Tá fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí, beag beann ar an gcéim a bhfuil siad ina saol gairmiúil, bíodh an t-ealaíontóir i dtús na gairme nó aitheanta ag an saol mór.

Maireann na tréimhsí cónaitheacha ar feadh tréimhse socraithe ama, idir coicís agus mí, agus cuirfidh Áras Éanna turas fillte ar an mbád farantóireachta go hInis Oírr ar fáil chomh maith le lóistín, spás stiúideo agus liúntas a shocrófar  i rith an phróisis roghnúcháin.

Iarrtar ar ealaíontóirí ar mhaith leo a chur isteach ar cheann de na cónaitheachtaí iarratas a sheoladh isteach le sonraí teagmhála, samplaí oibre agus litir chlúdaigh. Is é an 30 Lúnasa, 2024 an sprioclá d’iarratais.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Áras Éanna.

Taispeántas fís-ealaíne le Janice Cherry i nDánlann Dillon

Cuireadh tús an tseachtain seo caite leis an taispeántas fís-ealaíne ‘Torsos: Leochaileacht agus Mianach’ le Janice Cherry i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Déanann an taispeántas iniúchadh ar an gcoincheap go bhfuil cuimhne againn ó dhúchas ónár sinsir. Baineann sí úsáid as saothar atá bunaithe ar chabhlacha ban chun an cheist seo a scrúdú. Bailiúchán dealbha criadóireachta atá sa taispeántas agus deirtear go scrúdaíonn an t-ealaíontóir ceisteanna ar nós an tráma, easpa cumhachta, leochaileacht agus  teacht aniar an duine, an dóchas agus an grá.

Deirtear go bhfuil tionchar na seandálaíochta agus coirp a fuarthas sna portaigh ar stíl na ndealbh.

Is í Cherry a bhuaigh Ghradam Dhánlann Dillon na bliana seo. Beidh an taispeántas le feiceáil go dtí an Déardaoin, 25 Iúil.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Bród na Gaeltachta,  Féile Ucailéile agus ealaíontóirí de dhíth ar Inis Oírr'