Ní haon iontas a bheadh ann dá mbuafadh na Carmannaigh ar an gClár

Ní chóir go mbeadh muintir Chorcaí ná muintir chontae an Cláir ag cur na traenach chuig Baile Átha Cliath in áirithe go fóill

Ní haon iontas a bheadh ann dá mbuafadh na Carmannaigh ar an gClár

Bhí cuid mhaith gearán faoi lá agus am na gcluichí ceathrú ceannais iomána i dtosach na seachtaine. Bhí déistin ar chuid mhaith daoine nach raibh na cluichí á n-imirt tráthnóna Dé Domhnaigh. Níl ach cúig cluiche iomána fágtha againn agus is mór an trua go bhfuil ceann dóibh á imirt ag am lóin ar an Satharn.

Ach sin mar atá agus beidh dhá chontae ar ais ar ais ar pháirc na himeartha inniu agus iad gonta dona go leor ag na taispeántais agus na torthaí i gcluichí ceannais a gcúigí. I gcluiche ceannais Chúige Laighean, faoi mar a déarfadh duine dá mbeidís ag caint faoi rásaí na gcon, ‘níor tháinig Áth Cliath amach as na cliabháin in aon chor’. i gcraobhchluiche Laighean.

Thóg sé níos mó ná fiche nóiméad sara chuireadar cúilín ón imirt ar chlár na scór.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin bhí deireadh leis an gcluiche ó thaobh na coimhlinte de nuair a rinne cúl báire Átha Cliath praiseach de sheilbh an tsliotair, a thit amach go héasca as a lámh. Chuir TJ Reid isteach san eangach é agus bhí na Cait aon chúilín déag chun tosaigh. Chuir Adrian Mullen an chéad trí iarracht eile thar an trasnán agus bhí Cill Chainnigh chun cinn ag an mbriseadh,  2-18 in aghaidh 0-9.

Ba bhuille trom do leads na hardchathrach é. Bhíodar gob ar ghob leis na Cait cúpla seachtain roimhe sin agus caithfidh go raibh an-mhuinín iontu i ndiaidh an bhua a bhí acu i gcoinne na Gaillimhe.

Tá an fhoireann seo óg agus feicim go bhfuil dul chun cinn déanta acu, ach bhí go leor leor den imirt nach raibh thar mholadh beirte.

Ní raibh Corcaigh róiontach seachtain ó shin agus ní raibh an bainisteoir Pat Ryan nó formhór a leantóirí róshásta leo.

Ach tá an buntáiste ag Pat go bhfuil formhór an phainéil folláin sláintiúil agus iad ullamh chun troda. Ceann de na fadhbanna atá aige ná go bhfuil an creidiúint go láidir sa chontae go mbuafaidh siad an cluiche seo éasca go leor.

Bhí scéal ar na meáin roimh an gcluiche deireanach go raibh na traein go léir ó Chorcaigh chuig Baile Átha Cliath lá an chluiche leathcheannais curtha in áirithe  ag leantóirí an chontae.

Tá súil agam go mbeidh na himreoirí dírithe go hiomlán ar an gcluiche seo a bhuachan inniu. Mar Chorcaíoch bheinn ag súil go mbeidh mé ag cur traein nó bus éigin in áirithe níos déanaí inniu.

Sa chluiche eile tagann an Clár isteach agus iad gonta ach tuigeann siad go raibh dóthain seansanna acu chun buachan ar Luimneach.

Bhí an méid sin cainte faoi bhua stairiúil Luimnigh gur deineadh dearmad air go raibh a lán a bhí dearfach faoi thaispeántas an Chláir.

Dá mba rud é gur chuaigh iarracht Mark Rodgers a bhuail an posta déanach sa chluiche isteach san eangach bheadh móiminteam ag contae an Chláir agus cá bhfios cén sórt críoch a bheadh againn. Ach ní mar sin a tharla agus ba é críoch agus deireadh na mbeart gur chaill siad a dtríú craobh i ndiaidh a chéile in aghaidh an fhreasúra chéanna. Cinnte bhí díomá orthu agus beidh orthu a bheith i mbarr a maitheasa inniu mar ní bheidh mórán le spáráil ag pé fhoireann a bhuann.

Mar a scríobh mé roimh chraobhchluiche na Mumhan (agus cé gur bhuaigh siad an sraithchomórtas) ní dóigh go bhfacamar an chuid is fearr den Chlár fós i mbliana agus b’fhéidir nach bhfeicfidh in aon chor.

Beidh Loch Garman ag teacht le móiminteam i ndiaidh an bhua le dosaen cúilíní a bhí acu i gcoinne Laoise. Bhí carn mór cúilíní acu (32) ach ní bhfuair siad aon chúl. Seans go mbeidh báire nó dhó ag teastáil inniu. Tá Loch Garman ag brath go mór ar Lee Chin ón imirt agus o na pocanna saora ach tá Conor McDonald agus Rory O Connor ag feabhsú le gach cluiche.

Ní bheidh mórán eatarthu. Ní bheidh ionadh orm má bhuann na Carmannaigh an ceann seo.

Fág freagra ar 'Ní haon iontas a bheadh ann dá mbuafadh na Carmannaigh ar an gClár'