Maidin amháin tháinig mé isteach go Duga na Canálach Móire agus ní raibh dé ar an MV Naomh Éanna…

Tá an MV Naomh Éanna imithe ach tá iarracht ar siúl iarsmaí di a athchóiriú chun an stair a bhaineann léi a choinneáil beo

Maidin amháin tháinig mé isteach go Duga na Canálach Móire agus ní raibh dé ar an MV Naomh Éanna…

Mí Eanáir 2024 briseadh an MV Naomh Éanna agus baineadh ó chéile í.

Rinneadh iarracht aon rud a bhí úsáideach nó a mbeadh cuimhní ag daoine orthu a shábháil. Agus mar sin, cuireadh cloigeann na loinge ar leataobh agus tugadh do chomhlacht Chalafort na Gaillimhe é. Tugadh an deireadh do Chumann Staire na Rinne i mBaile Átha Cliath.

Bhí an Naomh Éanna bhocht an fhad sin i nDuga na Canálach Móire sa Rinn i mBaile Átha Cliath, 35 bliain, gur measadh ar deireadh gur long de chuid Bhaile Átha Cliath a bhí inti.

Chonaic mise go minic í ansin sa Duga Grábhála. Tá an duga áirithe sin díreach taobh leis an sleamhnán a mbaineann muide úsáid as chun an bád dragain a chur san uisce. Is le Uiscebhealaí Éireann na huiscí ar fad thart ansin agus ar deireadh ba iadsan a thóg an cinneadh í a bhriseadh.

Nuair a bhí sí fós sábháilte ar an uisce sa mbliain 1989, thosaigh dream a raibh baint acu le spóirt uisce, ag baint úsáid aisti i gcomhair lárionad gnó ach tháinig deireadh leis sin agus sa mbliain 2014, aistríodh go dtí an duga beag grábhála í.

Téann mo chuimhní féin ar an long i bhfad siar. Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ó dheas ar na báid éagsúla i gCuan na Gaillimhe i rith shaoire an tsamhraidh. Bhíodh trí uair go leith an t-am sin, más buan mo chuimhne, ar an turas as Gaillimh go hInis Mór. Gealladh domsa nuair a bhí mé beag, go dtabharfaí isteach go hÁrainn mé ar an SS Dún Aengus, nuair a bheinn i ‘mo chailín mór’.

Ach faoin am sin, bhí deireadh leis an SS Dún Aengus agus chuaigh scata againn go hÁrainn ar an MV Naomh Éanna. Níl aon chuimhne shona agam ar an lá sin. Chuamar chomh fada le Dún Aengus de shiúl na gcos agus mise ag caitheamh bróga a d’fhág deirfiúr éicint le huacht agamsa.

Tháinig spuaiceanna chomh mór agus chomh pianmhar sin ar mo chosa gur bhain mé díom na bróga lochtacha agus shiúil mé ar ais go Cill Rónáin cosnochta. Ní cuimhin liom an turas báid go Gaillimh.

Bhí cuimhne dheas ag an scríbhneoir Breandán Ó hEithir ar an ‘Naomh Éanna’ agus thagair mé dó sin – bhí baint aige leis an gclog – anseo cheana. Bhí súil ag gach éinne a raibh baint acu léi, nó cuimhní acu ar an long, go mb’fhéidir go sábhálfaí í agus go mbainfí úsáid fhiúntach eile aisti i mBaile Átha Cliath.

Ba sa bpríomhchathair a tógadh í sa mbliain 1958, i mBádchlós na Life – an Liffey Dockyard.

Dúradh go raibh sí neamhghnách, fiú amháin an uair sin – toisc gur tógadh í le cabhail a bhí seamaithe nó ‘riveted’. Bhí sí ar cheann de na longa deiridh a tógadh sa mbádchlós sin.

Trí mhí tar éis di dul i mbun seirbhíse idir Gaillimh agus Oileáin Árann, thug sí cúnamh tar éis na timpiste a bhain don eitleán KLM 607 E. Chuaigh an t-eitleán de chuid na hÍsiltíre go tóin poill amuigh san Atlantach tar éis di Aerfort na Sionainne a fhágáil ar an mbealach go Meiriceá. Níor tháinig éinne slán ón timpiste – bhí 91 paisinéir agus ochtar criú ar bord.

Tríocha bliain a chaith an MV Naomh Éanna i mbun seirbhíse idir Gaillimh agus Árainn. Rinneadh í a dhíchoimisiúnú sa mbliain 1986.

Sa mbliain 1989, fuair Iontaobhas Farraigí na hÉireann [Irish Nautical Trust] í agus tugadh áit nua chónaithe di i nDuga na Canálach Móire, áit ar fhan sí ó shin.

Is dócha go raibh dóchas áirithe ann go bhféadfaí í a shábháil agus a dheisiú toisc go ndearnadh an rud céanna le bád eile de chuid an Liffey Dockyard. Tá an MV Cill Airne – bád fartha eile – sábháilte agus ag feidhmiú mar bheár agus mar bhialann ar Abhainn na Life i mBaile Átha Cliath. Measadh go mbeadh sé róchostasach an MV Naomh Éanna a dheisiú –luadh €1.7 milliún mar chostas ag tráth amháin. Bhí iontas agus díomá ar dhaoine nach bhféadfaí deontais athchóirithe nó deontais i gcomhair seoid stairiúil, nó a leithéid, a aimsiú don obair.

Ach de réir mar a bhí na blianta ag dul ar aghaidh, bhí an mheirg ag fáil an ceann is fearr uirthi agus na meastacháin ar chostais ag méadú dá réir. Nuair a bhí sí ag titim as a chéile, bhíodh caint fós agus scéalta dá réir sna nuachtáin, ar óstán ‘cúig réalt’ a dhéanamh aisti, nó músaem mara, nó ionad oidhreachta nó a leithéid. Ach ba léir dúinn féin seachtain i ndiaidh seachtaine, nach raibh dóchas ar bith go dtarlódh a leithéid.

An geimhreadh seo caite, chuaigh sí ar a taobh. Dá mba rud é go raibh an t-uisce sa duga grábhála domhain go leor, bheadh sí tite go tóin poill. Ba léir go raibh sí pollta áit éigin thíos fúithi. Bhí caint faoin gcontúirt a bhainfeadh len í a bhriseadh agus a bhaint ó chéile.

Ach an chéad rud eile, chonaic muid na crainn tógála ag teacht ar an láthair. Ba léir go raibh a lá caite.

Maidin amháin tháinig mé isteach go Duga na Canálach Móire i gcomhair seisiún traenála agus ní raibh dé ar an MV Naomh Éanna. Cheap mé go raibh sí ina smionagar faoin am sin ar láthair dhumpála loinge.

Ach ansin le gairid chonaic mé alt sa nuachtán áitiúil Newsfour ag inseacht an scéil agus an stair ar fad. Tugadh le fios gur tugadh an tosach agus an deireadh don dá dhream a luaigh mé agus tá siadsan anois i mbun iarrachtaí iad sin a dheisiú agus a chur ar taispeáint mar chuimhne ar laethanta glórmhara an MV Naomh Éanna.

Rinneadh iarrachtaí móra an deireadh a chur in áit áisiúil – tugadh spás dó in Ionad an Phobail sa Rinn, áit a mbeidh na daoine agus na ceardaithe cuí in ann é a ghlanadh, a phéinteáil agus a chur ar taispeáint áit a bhfeicfear é. Cé go maíonn Richie Saunders, an fear a bheas i mbun an athchóirithe, gur ionad mealltach do dhaoine áitiúla a bheas ann toisc go raibh an long  i mBaile Átha Cliath ar feadh achair níos faide ná mar a bhí sí san iarthar, tá mé cinnte go mbeidh corrdhuine ó iarthar na hÉireann ag caitheamh súil ar iarsma an bháid ina lamairne nua.

Fág freagra ar 'Maidin amháin tháinig mé isteach go Duga na Canálach Móire agus ní raibh dé ar an MV Naomh Éanna…'