Bheadh na Daonlathaigh níos fearr as dá mbeadh Biden uafásach sa díospóireacht in aghaidh Trump

I gcás Joe Biden tá an oiread sin fianaise ann go bhfuil sé ag meath nach ndéanfaidh aon rud cúis ach scrios ar Donald Trump sa díospóireacht chun an scéal atá i mbéal an phobail a athrú

Bheadh na Daonlathaigh níos fearr as dá mbeadh Biden uafásach sa díospóireacht in aghaidh Trump

Tá seans gurbh é an rud is fearr a d’fhéadfadh tarlú don Pháirtí Daonlathach ag an bpointe seo ná go mbeadh Joe Biden chomh tubaisteach sin i mbun díospóireachta le Donald Trump ar an 27 Meitheamh nach mbeidh éinne ábalta a shéanadh a thuilleadh gur seanfhear é seo a bhfuil a chumas cognaíoch ag teip.

Tá an fhianaise feicthe againn ar fad arís agus arís agus tá ag teip ar na hiarrachtaí í a cheilt ar an bpobal. An deireadh seachtaine seo caite ag ócáid tiomsaithe airgid d’fhan Biden ina staic nuair a bhí sé in ainm dul ar stáitse agus b’éigean do Barack Obama breith ar lámh air agus é a threorú.  

Nuacht bhréagach a thugann lucht an Tí Bháin ar na scéalta seo, agus is cinnte go mbíonn eagarthóireacht á déanamh ar fhíseáin ag naimhde Biden chun cuma níos measa a chur orthu. Ach ag am go bhfuil an oiread sin airde ar aois an uachtaráin, murar gá do dhaoine thart timpeall air breith ar a lámh chun é a threorú chun an stáitse canathaobh go leanann siad orthu á dhéanamh? Ní gan chúis a chreideann 86% de phobal Mheiriceá go bhfuil Biden róshean i gcomhair téarma uachtaránachta eile.

De ghnáth i gcás mar seo deirtear gur buntáiste d’iarrthóir gurbh é tuairim na coitiantachta go mbeidh sé nó sí lag i mbun díospóireachta. Ansin má éiríonn níos fearr leo ná mar a bhíothas ag súil leis, tugann sin spreagadh agus móiminteam dá fheachtas. Ach i gcás Joe Biden tá an oiread sin fianaise ann go bhfuil sé ag meath nach ndéanfaidh aon rud cúis ach scrios ar Donald Trump sa díospóireacht chun an scéal atá i mbéal an phobail a athrú agus an t-amhras faoina aois a ruaigeadh. Ní chreidim go bhfuil Joe Biden chun scrios a dhéanamh ar Donald Trump sa díospóireacht agus is ar éigean go gcreideann duine ar bith atá á léamh seo é sin ach an oiread.

Fágann sin go bhféadfadh dhá rud tarlú. D’fhéadfadh go mbeadh lá maith ag Biden, rud a tharlaíonn i gcás seanfhir atá tosaithe ag meath, agus go ndéanfadh sé níos fearr ná mar atáthar ag súil leis. Coimeádfaidh sin sa rás é, ach ní chuirfidh sé deireadh leis an imní faoina aois agus is cinnte go mbeidh ócáidí eile nuair a nochtfar a leochaileacht don phobal. Leanfaidh sé ar aghaidh le feachtas toghcháin a bhfuil an chuma air gur teip atá i ndán dó.

Nó d’fhéadfadh go mbeadh drochlá ag Joe Biden agus go bhfeicfí fianaise dhoshéanta a léireodh teip chognaíoch. D’fhéadfadh go bhfanfadh sé ina staic nuair a chuirfí ceist air. Nó d’fhéadfadh go ndéarfadh sé rudaí nach bhfuil ciall ag baint leo. Nó beith ag monabhar.

Seans go gcruthódh sin géarchéim san fheachtas a chuirfeadh ina luí air féin go gcaithfidh sé éirí as, nó a chuirfeadh ina luí ar a mhuintir a rá leis éirí as. Mura ndéanfadh sé féin nó a mhuintir an cinneadh, b’fhéidir gurbh é Barack Obama, Bill Clinton agus boic mhóra eile na nDaonlathach a rachadh chuige agus a déarfadh leis go gcaithfeadh sé éirí as ar mhaithe leis an tír agus an páirtí.

Dar ndóigh bheifí ag dul sa seans go mór iarrthóir a athrú chomh déanach seo sa lá, ach tagann an uair gur mó an baol gan an t-iarrthóir a athrú. Bí cinnte de go bhfuil na comhráite seo ag dul ar aghaidh ar chúla téarmaí i measc daoine sinsearacha sa pháirtí Daonlathach.

Dá n-éireodh Joe Biden as a fheachtas d’fhéadfaí iarrthóir nua a roghnú ag Comhdháil an Pháirtí Dhaonlathaigh ón 19-22 Iúil. Is í an Leas-Uachtarán Kamala Harris léiroidhre Biden. Tá iarrthóirí eile á lua ar nós an Rúnaí Iompair, Pete Buttigieg, a chuaigh san iomaíocht le Biden don ainmniúchán in 2020; Gretchen Whitmer, gobharnóir Michigan; Gavin Newsom, gobharnóir California; nó fiú Michelle Obama cé go bhfuil sí fhéin tar éis a rá go soiléir arís agus arís eile nach bhfuil spéis dá laghad aici sa phost. Ach is é is dóichí ná a mhalairt gurbh í Kamala Harris a roghnófaí. Ceapann 74% de vótóirí daonlathacha go mbeadh sí ina huachtarán maith, agus í i bhfad chun cinn ar na daoine eile a luaigh mé.

Ní hí an t-iarrthóir is láidre a d’fhéadfadh an Páirtí Daonlathach a roghnú ó thaobh dul i bhfeidhm ar an bpobal trí chéile. Tá tuairim mhífhabhrach ag 50% den phobal fúithi de réir mheántorthaí na bpobalbhreitheanna. Ach seachas nach seanfhear í a bhfuil an teip chognaíoch ag cur as dó, tá buntáiste mór amháin eile aici. Ní hí Donald Trump í. Tá tuairim mhífhabhrach ag 53.8% den phobal faoi siúd de réir mheánthorthaí na bpobalbhreitheanna. Agus i ndeireadh na dála, nach cuma má éiríonn leat toghchán a bhuachan toisc go bhfuil drochmheas níos mó ar an bpobal ar an iarrthóir eile ná mar atá acu ortsa? Bua is ea bua.

Fág freagra ar 'Bheadh na Daonlathaigh níos fearr as dá mbeadh Biden uafásach sa díospóireacht in aghaidh Trump'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá iarrthóir ar son na beatha de dhith ar na Daonlathaigh.
    Leis Us a thabhairt ar ais cun Dé.
    In Ainm Dé.