Turas chuig an Bhreatain Bheag nó lár na hEorpa roimh fhoireann na hÉireann

Ag meán lae inniu a gheobhaidh Heimir Hallgrímsson agus a fhoireann amach cé a bheidh rompu sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain 2026

Turas chuig an Bhreatain Bheag nó lár na hEorpa roimh fhoireann na hÉireann

Gheofar amach tráthnóna cé air a thabharfaidh foireann sacair na hÉireann aghaidh chun áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2026.

Is in Zurich ag meán lae a dhéanfar an tarraingt do na babhtaí cáilithe.

Is i bPota 3 a bheidh foireann Heimir Hallgrímsson don tarraingt, rud a fhágann go n-imreoidh Éire as baile sa gcéad bhabhta in aghaidh ceann de na ceithre fhoireann atá i bPota 2, sin iad an Pholainn, an Bhreatain Bheag, an tSeicia nó an tSlóvaic.

Bhí seans ag Éirinn Pota 2 a bhaint amach murach go raibh bua mór 7-1 ag an mBreatain Bheag ar an Macadóin Thuaidh oíche Dé Máirt.

Imreofar na cluichí cáilithe mí an Mhárta 2026. Imreofar na babhtaí leathcheannais ar an 26 Márta. Má éiríonn le hÉirinn an bua a fháil sa gcéad chluiche cáilithe, imreoidh siad cluiche ansin ar an 31 Márta in aghaidh ceann de bhuaiteoirí na gcluichí idir na foirne ó Phota 1 agus Pota 4.

Déanfar an tarraingt do na babhtaí ceannais sin tráthnóna chomh maith agus d’fhéadfadh gur sa mbaile a bheadh Éire ag imirt, má éiríonn leo teacht slán ón gcéad chluiche.

Bhain Éire áit amach sna babhtaí cáilithe leis an mbua stairiúil a bhí acu ar an Ungáir Dé Domhnaigh seo caite. Ba é an cúl ó Troy Parrott sna soicindí deireanacha a chinntigh gur bua 3-2 a bhí ag Éirinn ar an bhfoireann baile i mBúdaipeist.

Tháinig an bua sin sna sála ar an mbua 2-0 a bhí ag Éirinn i gcoinne na Portaingéile seachtain ó shin. Parrott a d’aimsigh gach ceann de na cúig chúl a scóráil Éire sa dá chluiche.

Dar le rangú nua FIFA, a ndearnadh uasdátú air inné, tá Éire anois ar an 59ú foireann is fearr ar domhan, suas ón 62ú áit.

Maidir leis na foirne a bhféadfadh Éire casadh orthu sa gcéad bhabhta eile, tá an Pholainn sa 31ú áit, an Bhreatain Bheag sa 32ú áit, sa 44ú áit atá an tSeicia agus tá an tSlóvaic sa 45ú áit.

Tá Éire ag iarraidh áit a bhaint amach ag Corn Sacair an Domhain den chéad uair ó 2002. Ba in 2016, nuair a bhí Craobhacha na hEorpa ar súil sa bhFrainc, an uair dheireanach gur bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas.

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus i Meicsiceo a bheidh Corn an Domhain 2026 ar siúl an samhradh seo chugainn.

Pota 1

An Iodáil,
An Danmhairg,
An Tuirc
An Úcráin

Pota 2

An Pholainn
An Bhreatain Bheag
An tSeicia,
An tSlóvaic

Pota 3

Éire
An Albáin
An Bhoisnia
An Chosaiv

Pota 4

An Rómáin
An tSualainn
An Mhacadóin Thuaidh
Tuaisceart Éireann

 

Fág freagra ar 'Turas chuig an Bhreatain Bheag nó lár na hEorpa roimh fhoireann na hÉireann'