Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta

Deir an Coimisinéir Teanga go raibh ‘iliomad teagmhálacha’ idir a oifig agus oifigigh na Roinne Cumarsáide ó thosaigh sé ag plé le faillí Eircode i leith na Gaeltachta, ach nach bhfuil aon réiteach faighte ar an scéal go fóill

Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta

Tá logainmneacha Gaeltachta i mBéarla fós á n-úsáid ag an gcóras Eircode in ainneoin go bhfuil breis is sé bliana caite ag an gCoimisinéir Teanga ag fiosrú an scéil.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur údar díomá dó gur léir nach bhfuil na moltaí a rinne sé maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta i gcóras Eircode curtha i bhfeidhm “go sásúil”.

Ní raibh aon dul as aige ach tuarascáil faoi theip an chórais a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Tá an Coimisinéir ag plé leis an scéal ó seoladh córas Eircode mí Iúil 2015 agus é ag iarraidh ar an stát a dhualgas reachtúil i leith logainmneacha Gaeilge a chomhlíonadh. Ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide atá an dualgas reachtúil sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná An Post, a dháil na héirchóid, mar gurb í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras.

Dúirt an Coimisinéir go raibh “iliomad teagmhálacha” idir a oifig féin agus oifigigh na Roinne Cumarsáide ó thosaigh sé ag plé leis an scéal ach nach raibh aon réiteach faighte air go fóill.

I dTuarascáil Faireacháin 2020/21 an Choimisinéara, a seoladh inniu, dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh iarrachtaí déanta ag an Roinn an scéal a leigheas ach nár éirigh leis na hiarrachtaí sin.

I mí na Samhna 2019 chuir An Post in iúl don Choimisinéir Teanga nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.

Dúradar go n-úsáideann “lear maith daoine seoltaí Béarla sa Ghaeltacht” agus go bhfuil dualgas reachtúil ar An Post faoi ComReg cloí le spriocanna áirithe seachadta. Bheadh sé “dodhéanta” na spriocanna sin a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu.

Tugadh le fios go bhféadfadh sé tarlú “amach anseo” go mbeadh “giuirléid láimhe ag fir agus mná poist” a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh le seoltaí a aithint

Dúirt an Roinn Cumarsáide leis an gCoimisinéir Teanga go raibh “cúrsaí ag bogadh ar aghaidh” maidir le huasdátú a dhéanamh ar na “bearnaí” sa chóras ó thaobh leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta.

Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na hiarrachta atá déanta ag an Roinn iachall a chur ar An Post an bunachar sonraí ar a bhfuil an córas Eircode ag brath a leasú, tá logainmneacha Gaeltachta i mBéarla fós á n-úsáid ag Eircode chomh maith leis na leaganacha oifigiúla Gaeilge, a dúirt Ó Domhnaill.

Seoladh Eircode mí Iúil 2015 agus rinneadh gearáin le hOifig an Choimisinéara Teanga láithreach faoin scéal go raibh sloinnte agus seoltaí daoine sa Ghaeltacht aistrithe go Béarla ag an gcóras.

Tá ráite ag Rónán Ó Domhnaill cheana gur tharraing an scéal níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Idir an dá linn, tá cur síos freisin i Tuarascáil Faireacháin 2020/21 an Choimisinéara ar an dul chun cinn a rinne roinnt láithreacha oidhreachta ar fud na tíre i leith a ndualgas teanga. Rinneadh iniúchadh ar chomharthaíocht ag deich láthair in 2019 agus fuarthas go raibh an soláthar “míshásúil’ i gcás ceithre cinn acu – Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch i gCill Mhantáin, Teamhair i gcontae na Mí, Cluain Mhic Nóis in Uíbh Fhailí agus Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848 i dTiobraid Árann.

Fuair an Coimisinéir Teanga tuairisc ó Oifig na nOibreacha Poiblí, atá i bhfeighil na láithreacha, inar glacadh le toradh an iniúchta agus inar deineadh cur síos ar na beartais a bhí déanta chun an scéal a leigheas.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill freisin sa tuarascáil go raibh súil aige nuair a achtófar Bille Teanga nua go mbeidh deis aige faireachán a dhéanamh ar achtacháin eile a bhfuil baint acu le cúrsaí teanga seachas Acht na dTeangacha amháin.

“Ba chóir go mbeadh deis ann, le hachtú an Bhille nua, faireachán níos uileghabhálaí a dhéanamh ná mar a cheadaítear don Choimisinéir Teanga faoin Acht reatha. Thabharfadh sé seo deis faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíochta teanga a bhaineann le cúrsaí oideachais, craolacháin, pleanála agus iompair i measc nithe go leor eile,” a dúirt sé.

Tá an Bille Teanga os comhair Thithe an Oireachtais i láthair na huaire agus súil ann go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Fág freagra ar 'Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta'