Tuaim Uí Mheára ar ais sa chluiche ceannais i dTiobraid Árann ach obair le déanamh acu

Casfaidh Tuaim Uí Mheára ar Luachma-Caisleán Laighnigh i Staid Semple amárach agus fir Luachma ag iarraidh na craobhacha iomána agus peile a bhuachan in aon bhliain amháin den tríú huair

Tuaim Uí Mheára ar ais sa chluiche ceannais i dTiobraid Árann ach obair le déanamh acu

An tseachtain seo caite, scríobh mé alt faoi mhonaplacht a bheith ag clubanna éagsúla ina gcontaetha féinig. Níor luaigh mé Tiobraid Árann, contae ina n-imreofar cluiche ceannais na craoibhe amárach, mar, le blianta beaga anuas, tá teipthe ar aon dream greim a choinneáil ar Chorn Dan Breen.

Ó thosach na mílaoise, ní raibh ach tréimhse monaplachta amháin sa chontae, idir 2014 agus 2017 nuair a bhuaigh na Sáirseálaigh-Durlas Éile ceithre chraobh as a chéile. Ó shin i leith, ní raibh aon chlub ábalta an dara craobh as a chéile a bhuachan, fiú. É sin ráite, bhuaigh Tuaim Uí Mheára sé chraobh idir 1998 agus 2004 agus bhuaigh na Sáirséalaigh dhá chraobh eile in 2009 agus 2010.

Ach in iomáint na linne seo, níl aon chlub in uachtar sa chontae. Anuraidh theastaigh athimirt sarar thug Cill an Daingin an corn leo i gcoinne na Sáirséalach.

I mbliana, tá fir Thuaim Uí Mheára ar ais sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2008. Bhíodar ina ríthe sa chontae ó thosach na nóchaidí go dtí an bhliain 2008 sin, tréimhse inar bhuaigh siad aon chraobh déag. Roimhe sin bhí tréimhsí in uachtar acu agus tréimhsí fada in íochtar. Faoi dhó, chuaigh siad beagnach tríocha bliain gan an corn iomráiteach seo a bhuachan.

Coicíos ó shin, bhí an bua stairiúil acu i gcoinne Mhaigh Chairce-an Bhuirgéis sa bhabhta leathcheannais a thug isteach go dtí an cluiche seo iad. Is é an t-ógánach Darragh McCarthy a bhí ina laoch dóibh an lá sin. Sin an Darragh céanna a bhailigh a thorthaí Ardteiste cúpla seachtain ó shin agus a d’ardaigh Corn an Artaigh do CBS Naomh Ioseph an Aonaigh níos luaithe i mbliana, an Darragh céanna a scóráil cúilín míorúilteach an bhua i gCraobh faoi 20 na Mumhan i gcoinne Chorcaí agus an Darragh céanna a bhuaigh bonn mionúir uile-Éireann in 2022 i gcraobh a sciob/ghoid/bhuaigh siad le cúl thar a bheith déanach i gcoinne Uíbh Fhailí.

Dar ndóigh, tá imreoirí eile ag Tuaim Uí Mheára ach tá an leaid seo thar a bheith ábalta. Beidh níos mó ná Darragh ag teastáil amárach, áfach.

Mar fhreasúra tá club atá lán le taithí, spiorad agus scil. Sea, is iontach an club é Luachma-Caisleán Laighnigh, club beag tuaithe gar go leor do Dhurlas Éile, atá ag imirt sna gráid shinsir sa dá chód i dTiobraid Árann.

Ba iadsan an chéad chlub sa chontae a bhuaigh an dhá corn sinsir in 2013 and an ceann peile arís in 2014. Chailleadar cluiche ceannais iomána 2020 i ndiaidh am breise agus bhuadar an dá chraobh arís in 2021. Tá aithne againn go léir ar na deartháireacha McGrath, Noel agus John, laochra Thiobraid Árann le tamall, agus Brian a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir na dTiobraid Árannach nuair a thugadar leo craobh na hÉireann in 2016.

Sa chluiche leathcheannais coicíos ó shin, bhí dhá chúilín le spáráil acu i gcoinne Sháirséalaigh-Durlas Éile, cluiche inar scóráil John McGrath dhá chúilín déag as na seacht gcinn déag a scóráil a fhoireann in aimsir nach raibh ródheas don iománaíocht.

Ansin, an Domhnach seo caite, bhí rith an ráis leo ar Fhánaithe na Maoiligh sa babhtaí leathcheannais peile agus iad ag buachaint leis an scór 2-16i gcoinne 0-5. Ní sé éasca é sin a dhéanamh ach amárach is iad na camáin a bheidh acu agus iad ag siúl isteach an gheata i Staid Semple.

Seo an chéad uair ag na foirne casadh ar a chéile sa chluiche ceannais. Is dócha gurb iad fir Luachma a bheidh mar rogha agus is dócha gur acu a bheidh an bua. Beidh an cluiche á chraoladh ar TG4.

Tá cluichí móra i Luimneach freisin amárach agus an dá chluiche leathcheannais ar siúl, Na Piarsaigh i gcoinne Chill Mocheallóg agus Dún Bleisce i gcoinne Thobar Phádraig.

I gCill Chainnigh, tá na babhtaí céanna sroichte agus Gaeil Uí Lochlainn ag imirt i gcoinne Dhroichead Binéid (le feiceáil ar TG4) agus Muileann an Bhata i gcoinne Bhaile Mhic Andáin.

Sa chontae céanna tá a stádas sinsir caillte ag ceann de bhoic mhóra an chontae, Cumann Shéamuis Mhic Stiofáin, agus buailte ar ‘The Village’ i gcluiche dícháilithe i gcoinne an Ghleanna Mhóir.

I nBaile Átha Cliath, Cill Mochuda agus Sairséalaigh Leamhcáin a bheidh sa chéad chluiche leathcheannais amárach agus Na Fianna agus a gcomharsana Naomh Uinseann a bheidh in aghaidh a chéile sa dara ceann.

Fág freagra ar 'Tuaim Uí Mheára ar ais sa chluiche ceannais i dTiobraid Árann ach obair le déanamh acu'