An t-iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile an ball de Shinn Féin a sheol téacsanna ‘míchuí’

Dúirt Ó Donnghaile go ndeachaigh sé i gcomhairle le Sinn Féin agus gur ghlac sé leis gur chóir dó éirí as an bpáirtí agus as an Seanad

An t-iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile an ball de Shinn Féin a sheol téacsanna ‘míchuí’

Tá sé ráite ag an iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile gurb eisean an té atá i gceist leis an gconspóid faoi bhall de Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí chuig déagóir.

Bhí Ó Donnghaile ar dhuine de na baill Oireachtais is mó a bhíodh ag caint faoi chás na teanga nó gur éirigh sé as anuraidh.

Dheimhnigh sé tráthnóna gurb é a sheol na teachtaireachtaí míchuí i mí Mheán Fómhair seo caite.

De réir na dtuairiscí cuireadh an PSNI ar an eolas faoi na teachtaireachtaí a seoladh go dtí an déagóir ach ní bhfuarthas aon ghearán oifigiúil ó aon duine faoin  scéal.

Dúirt Ó Donnghaile go ndeachaigh sé i gcomhairle le Sinn Féin agus gur ghlac sé leis gur chóir dó éirí as an bpáirtí agus as an Seanad.

Dúirt sé go dtabharfadh a chinneadh éirí as an deis dó díriú ar a shláinte agus go raibh deacrachtaí sláinte aige a mbíonn sé ag plé leo lena dhochtúir ó 2021.

“Glacaim leis chomh maith go bhfuil náire shaolta tarraingthe agam ar mo mhuintir, mo chairde agus m’iar-chomhghleacaithe – is oth liom go ndearna mé é sin,” a dúirt Ó Donnghaile.

“Ó d’éirigh mé as saol na polaitíochta agus an saol poiblí nach mór bliain ó shin, agus anois agus mé i mo ghnáthshaoránach, bím ag díriú go príomha ar fheabhas a chur ar mo mheabhairshláinte agus ar thacú le gaol liom atá go dona tinn le tamall –  seo an rud is tábhachtaí dom agus táim ag iarraidh go dtabharfadh daoine seans do gach duine a bhfuil baint acu leis an scéal seo bogadh ar aghaidh, agus go léireofaí meas ar ár bpríobháideachas.”

Fág freagra ar 'An t-iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile an ball de Shinn Féin a sheol téacsanna ‘míchuí’'

  • Niall Ó Flaithbheartaigh

    Is ait liom an ceannteidil! N’fheadar cén baint atá idir líofacht a chuid Gaeilge agus é a bheith ag seoladh téacsanna!! :-)