GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fógra faoin fhorbairt atá beartaithe ar nasc bóthar rochtana chalafort Chill Mhantáin

Baineann scéim Nasc Bóthar Rochtana Chalafort Chill Mhantáin le forbairt droichid nua do choisithe agus rothaithe thar Líne IARNRÓID Bhaile Átha Cliath go Ros Láir

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fógra faoin fhorbairt atá beartaithe ar nasc bóthar rochtana chalafort Chill Mhantáin

De réir fhorálacha CUID XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Chill Mhantáin fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici scéim Nasc Bóthar Rochtana Chalafort Chill Mhantáin a thógáil i mbailte fearainn (Bollarney) BUAILE AIRNE Thuaidh, Co. Chill Mhantáin.

Baineann scéim Nasc Bóthar Rochtana Chalafort Chill Mhantáin le forbairt droichid nua do choisithe agus rothaithe thar Líne IARNRÓID Bhaile Átha Cliath go Ros Láir, lena n-áirítear ardaitheoirí agus staighrí rochtana chuig an stáisiún, agus soláthar carrchlós nua agus limistéar tuirlingthe ó thuaidh den stáisiún, mar aon le tírdhreachú agus oibreacha láithreáin gaolmhara. Is é aidhm na scéime ná nasc ardchaighdeáin do choisithe agus rothaithe a sholáthar idir Bóthar Rochtana Chalafort Chill Mhantáin (PAR), Stáisiún Traenach Chill Mhantáin agus Bóthar an Stáisiúin.

De réir Airteagal 6(3) den Treoir AE maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE) agus Airteagal 250(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), rinneadh Scagadh Measúnachta Cuí ar an bhforbairt. Chinn an Scagadh nach raibh gá le Measúnacht Chuí mar nach dócha go mbeadh éifeacht shuntasach ag an bhForbairt Bheartaithe ar láithreán Eorpach.

De réir airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tá Comhairle Contae Chill Mhantáin tar éis a chinneadh ó scrúdú réamhghníomhach de bhun fhorálacha Airteagal 120(1)(b)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) nach bhfuil aon dóchúlacht réadúil go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar an bhforbairt bheartaithe agus nach bhfuil gá le Measúnacht Tionchair Timpeallachta.

Sa chás go measann aon duine go mbeadh éifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar an bhforbairt bheartaithe, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh dheireadh 4 seachtaine ag tosú ar dháta foilsithe an fhógra seo, iarratas a dhéanamh de réir fhorálacha airteagal 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), chuig An Bord Pleanála le haghaidh cinneadh scagtha maidir le cibé an mbeadh éifeachtaí den sórt sin ag an bhforbairt.

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil le hiniúchadh, nó le ceannach ar tháille nach sáróidh costas réasúnta a macasamhla a dhéanamh, le linn uaireanta oifige Luan go hAoine, seachas Laethanta Saoire Bainc, ag na suíomhanna seo a leanas, idir 15 Deireadh Fómhair 2024 agus 11 Samhain 2024:

  1. Oifigí Chomhairle Contae Chill Mhantáin, Foirgnimh an Chontae, An Geata Bán, Bóthar an Stáisiúin, Cill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin, A67 FW96.
  2. Ceantar Bardasach Chill Mhantáin, Halla an Bhaile, An Chearnóg Mhargaidh, Baile Chill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin, A67 YO18.

Tá pleananna agus sonraí ar fáil freisin le feiceáil ar www.wicklow.ie/Living/ConsultationHub agus https://www.eplanning.ie/WicklowCC/searchtypes.

Is féidir aighneachtaí nó breathnuithe maidir leis an bhForbairt Bheartaithe, a bhaineann le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeidh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig Carol Murphy, O/Oifigeach Riaracháin don Fhoireann Taistil Ghníomhach WCC, ag Oifigí Cheantar Bardasach Arklow, Páirc an Chaisleáin, Arklow, Y14 FX63, Co. Chill Mhantáin. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh freisin trí ríomhphost chuig an seoladh seo a leanas: activetravel@wicklowcoco.ie, nó ar an suíomh gréasáin ar líne: www.wicklow.ie/Living/ConsultationHub.

Ní mór gach aighneacht a dhéanamh ar nó roimh 25 Samhain 2024. Ba chóir “Nasc Bóthar Rochtana Chalafort Chill Mhantáin Cuid 8” a mharcáil go soiléir ar aighneachtaí agus breathnuithe.

Tá tuilleadh eolais ginearálta ar fáil ón Oifig Taistil Ghníomhach, Stiúrthóireacht Iompair, Seachadta Bonneagair & Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Chill Mhantáin, go díreach ar 0404 20120.

Carol Murphy, Oifigeach Riaracháin d’Fhoireann Taistil Ghníomhach WCC, ag Oifigí Cheantar Bardasach Arklow, Páirc an Chaisleáin, Arklow, Y14 FX63, Co. Chill Mhantáin.

Dáta: 15 Deireadh Fómhair 2024

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fógra faoin fhorbairt atá beartaithe ar nasc bóthar rochtana chalafort Chill Mhantáin'