Ní raibh an caidreamh idir an Bhrasaíl agus na Stáit Aontaithe riamh chomh dona agus atá faoi láthair – agus gach seans gurb iad na Meiriceánaigh a bhfuil dúil acu i gcaife a íocfaidh as.
Coicís ó shin, agus ceannairí an bhloc trádála BRICS i mbun cruinniú mullaigh (NASC: https://tuairisc.ie/nior-thainig-brics-chun-cinn-chun-olc-a-chur-ar-einne-lula/) i gcathair Rio de Janeiro, d’fhógair uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go gcuirfear i bhfeidhm táille iompórtála breise 50 faoin gcéad ar earraí ón mBrasaíl.
Sa litir oifigiúil a chuir Trump chuig rialtas na Brasaíle maidir lena chinneadh an táille sin a chur i bhfeidhm, maíonn sé go bhfuil ‘géarleanúint’ á déanamh ag údaráis na Brasaíle ar iar-uachtarán na tíre sin, Jair Bolsonaro, atá cúisithe as iarracht a dhéanamh coup d’état a chur i gcrích in Eanáir 2023, agus atá á scrúdú maidir le hiarrachtaí cur as do na fiosrúcháin ina choinne.
Dé hAoine seo caite, cuireadh bráisléad leictreonach ar rúitín Bolsonaro le go mbeifear in ann monatóireacht 24/7 a dhéanamh air; tá air a bheith istigh ina theach féin idir a 7pm agus a 6am; níl cead aige dul ar na meáin shóisialta, ná teagmháil a dhéanamh le taidhleoirí agus ambasadóirí eachtrannacha.
Níos túisce an tseachtain seo caite, in agallamh a thug sé do na meáin Bhrasaíleacha, d’iarr Bolsonaro ‘cead’ar uachtarán reatha na Brasaíle, Luis Inácio da Silva (Lula), ‘idirbheartaíocht’ a dhéanamh le Trump maidir leis an táille iompórtála 50 faoin gcéad – ach bagairt a bhí sa tairiscint sin, dáiríre.
‘Má theastaíonn ó Lula … labhróidh mise le Trump. An té nach mbeidh sásta dul i mbun cainte, íocfaidh sé praghas ard,’ a dúirt Bolsonaro Déardaoin seo a chuaigh thart.
Ach d’athraigh sé a phort ó cuireadh an bráisléad leictreonach air agus ó chuir Cúirt Uachtarach na Brasaíle fiosrúchán breise ar bun ina choinne, féachaint ar chuir sé flaitheas náisiúnta na tíre i mbaol lena thairiscint ’idirbheartaíocht’ a dhéanamh le Trump.
‘An rud seo faoi na táillí, sin cinneadh rialtas Trump. Níl aon bhaint aige sin linne [.i. mise, mo chlann agus mo lucht tacaíochta.] Tá siad [rialtas Lula] ag iarraidh an milleán faoin 50 faoin gcéad sin a chur orainne. Bréag. Níl aon teagmháil agamsa leis na húdaráis Mheiriceánacha,’ a dúirt Bolsonaro Dé Luain, d’ainneoin gur thairg sé, cúpla lá roimhe sin, go labhródh sé féin go pearsanta le Trump.
Ón 1 Lúnasa a chuirfidh na Stáit Aontaithe an táille iompórtála breise 50 faoin gcéad i bhfeidhm ar earraí ón mBrasaíl, agus cuirfidh an tír sin an táille chéanna i bhfeidhm ar earraí ó na Stáit Aontaithe. Ach iompórtálann na Stáit i bhfad níos mó earraí ón mBrasaíl ná an bealach eile timpeall, agus lena chois sin, earraí daora nach bhfuil géarghá leo cuid mhór de na hearraí a iompórtálann an Bhrasaíl as na Stáit Aontaithe, rud a fhágann nach mbeidh tionchar rómhór ag an gcogadh trádála ar na praghsanna in ollmhargaí na Brasaíle.
Ach bia cuid mhór de na hearraí a iompórtálann na Stáit Aontaithe as an mBrasaíl: feoil, oráistí, agus thar aon rud eile, pónairí caife. Gan dabht tá beithígh acu i Meiriceá freisin agus plandálacha oráiste lena chois, ach ní fhástar mórán caife sna Stáit (Haváí an t-aon eisceacht.) Go deimhin is as an mBrasaíl a thagann an tríú cuid den chaife a óltar sna Stáit Aontaithe, rud a fhágann gurb iad andúiligh chaife Mheiriceá a íocfaidh an praghas is airde sa chogadh trádála seo – má théann sé ar aghaidh ar chor ar bith, óir tá Trump tar éis cúlú i gcásanna den chineál seo go minic cheana, agus deir rialtas Lula nach bhfágfaidh an Bhrasaíl an bord idirbheartaíochta.
Fág freagra ar 'Trump agus Bolsonaro V Lula: andúiligh chaife Mheiriceá a íocfaidh an praghas'