Tá an t-airgead atá curtha ar fáil ag an rialtas do na coláistí samhraidh Gaeilge agus do mhná tí méadaithe beagnach faoina leath ó 2014.
De réir figiúirí atá foilsithe ag Roinn na Gaeltachta, cuireadh €5,364,443 ar fáil anuraidh d’earnáil na gcoláistí Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, an scéim faoina íoctar mná agus fir tí na Gaeltachta as daltaí a choinneáil.
Is ionann sin agus €1.65 milliún breise, nó ardú 44%, ar an €3,712,755 a cuireadh ar fáil faoin scéim chéanna i 2014.
Tá roinnt arduithe ar an airgead a chuirtear ar fáil do na coláistí agus do lucht lóistín fógartha le blianta beaga anuas in iarracht teacht i gcabhair ar an earnáil.
Bheadh beagnach leath den airgead breise atá curtha ar fáil ídithe ag an mboilsciú, áfach, agus é léirithe ag an bPríomhoifig Staidrimh gur ardaigh an ráta boilscithe os cionn 21% idir mí an Mheithimh 2014 agus mí an Mheithimh 2024.
Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar an scéim is sine atá á riar ag Roinn na Gaeltachta.
Beagnach €45 milliún ar fad a íocadh faoin scéim idir 2014 agus 2024 agus chuaigh os cionn leath de ag dul chuig coláistí Gaeilge agus mná tí i nGaillimh, €26.8 milliún nó 57% den iomlán a caitheadh i nGaillimh.
Bhí 16 coláiste samhraidh Gaeilge ag reáchtáil cúrsaí i nGaillimh anuraidh agus 11,658 dalta a d’fhreastail orthu. B’ionann sin agus breis is leath den 22,753 dalta ar fad a d’fhreastail ar chúrsa i gcoláiste samhraidh Gaeilge in 2024.
Tá an méad airgid a cuireadh chuig na coláistí samhraidh agus lucht lóistín faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2024 beagnach dúbailte ó 2014. Cuireadh beagán os cionn €311,000 ar fáil i Maigh Eo faoin scéim an bhliain sin, ach d’ardaigh an sciar sin go dtí dtí os cionn €600,000 in 2024.
D’fhreastail os cionn 3,400 dalta ar choláistí Gaeilge i Maigh Eo anuraidh, 15% de líon iomlán na ndaltaí a d’fhreastail ar chúrsaí timpeall na tíre.
Tháinig ardú thart ar 75% ar an airgead a cuireadh ar fáil do choláistí Gaeilge agus mná tí i nDún na nGall agus i gCiarraí idir 2014 agus 2024.
Is go dtí Dún na nGall a théann duine as gach cúigear a fhreastalaíonn ar choláiste samhraidh Gaeilge agus d’ardaigh an t-airgead a cuireadh ar fáil sa gcontae faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó €629,770 in 2014 go dtí €1.1 milliún in 2024.
I gCiarraí, d’ardaigh an t-airgead ó €305,220 go dtí €537,552 le linn na tréimhse céanna.
Ardú níos lú, ó €83,021 go dtí €102,365 a bhí i gceist i bPort Láirge.
Ní arduithe ar fad a bhí le feiceáil, áfach agus bhí titim shuntasach le feiceáil i gcontae na Mí agus i gCorcaigh.
Níor cuireadh aon airgead ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i gcontae na Mí in 2024 toisc gan aon chúrsaí a bheith á reáchtáil sa gcontae.
Laghdú os cionn 90% a bhí ann i gCorcaigh chomh maith idir 2014 agus 2024, ó €106,337 go dtí €9,924. Tá Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh dúnta le cúpla bliain anuas agus iarracht á déanamh ag an bpobal áitiúil seilbh a fháil ar an gcoláiste.
Bhíodh airgead á fháil freisin ag Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe i gcontae an Chláir, ach dúnadh an coláiste sin in 2017.
Tá dóchas léirithe go bhféadfadh ardú teacht ar an deontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh Gaeilge.
Fógraíodh anuraidh go raibh ardú euro in aghaidh na hoíche ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta. €13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoctar le fir agus mná tí.
Fógraíodh chomh maith ardú €2.50 ar an deontas laethúil ó €7 go €9.50 a bhíonn á íoc leis na brúnna agus scoileanna cónaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.
Tá sé ráite go minic le blianta beaga anuas go dteastaíonn níos mó airgid a chur ar fáil do mhná agus fir tí chun teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil do scoláirí. Tá titim mhór tagtha ar líon na dteaghlach Gaeltachta a choinníonn scoláirí le roinnt blianta anuas agus imní léirithe faoi thodhchaí na gcoláistí dá bharr.
Fág freagra ar 'Ardú breis is 40% tagtha ar an airgead a chaitear ar lóistín do choláistí samhraidh ó 2014'