Tá go leor ráite faoi bhagairt Donald Trump do mhúnla eacnamaíochta na hÉireann. Ach is bagairt é toghadh Donald Trump, agus a fhíor-leasuachtarán (mar a thugann roinnt daoine ar Elon Musk) freisin do mhúnla daonlathais na hÉireann agus na hEorpa.
I Meiriceá is féidir le billiúnaí seiceanna $1 milliún a thabhairt do vótóirí i lár feachtas toghcháin. Is féidir le daoine saibhre agus comhlachtaí airgead gan teorainn a chaitheamh, faoi rún, ag tacú lena rogha iarrthóra nó páirtí. Is féidir le podchraoltóirí, tionchairí agus ‘iriseoirí’ (mar dhea) bréaga millteanacha a scaipeadh faoi iarrthóir. Is féidir leo scaipeadh na mbréag a mhéadú trí fógraíocht ar líne a cheannach. Tugtar ‘saoirse cainte’ air seo.
Ní mar seo a eagraíonn muid ár dtoghcháin in Éirinn nó i dtíortha Eorpacha eile. Mar shampla in Éirinn ní féidir le comhlacht príobháideach tabhartas níos mó ná €2500 a thabhairt do pháirtí polaitiúil nó níos mó ná €1000 d’iarrthóir agus caithfear an tabhartas a chlárú má tá sé os cionn €200.
Níl cead ag polaiteoirí glacadh le síntiús níos mó ná €100 ó dhuine anaithnid in aon bhliain féilire amháin. Tá dualgas ar na meáin chraolta aimsir thoghcháin sciar ionadaíoch ama a thabhairt do na páirtithe polaitiúla éagsúla. Agus tá srianta níos déine ar bhréaga a scaipeadh faoi iarrthóirí. Tá rialacha den chineál céanna i bhfeidhm i bhformhór thíortha na hEorpa, agus go deimhin i dtíortha daonlathacha in áiteanna eile ar domhan.
Tá an dóchas a bhí ann i mblianta luatha na meán sóisialta go mbeadh siad ina n-ardáin neodracha a cheadódh don phobal páirt a ghlacadh i ndioscúrsa poiblí ar pháirc imeartha chothrom tráite i bhfad ó shin. Tuigeann muid anois mar shampla tábhacht na n-algartam rúnda a úsáidtear chun an t-eolas a fheiceann muid a ionramháil chun aidhmeanna ar leith a bhaint amach. Tuigeann muid an chumhacht atá ag úinéirí saibhre na n-ardán sóisialta chun an dioscúrsa poiblí a ionramháil chun a leasa féin.
Tuigeann muid mar is féidir leo siúd a bhfuil pócaí doimhne acu fógraí bréagacha a scaipeadh faoi pholaiteoirí. Agus mé á scríobh seo tá fógra bréagach ag tabhairt le fios gur alt as an Irish Independent faoi Simon Harris é le fáil i m’fhotha ar x. Nuair a ghliogálann tú air tugann sé tú gur leagan bréagach de shuíomh an Irish Independent atá ann. Níl a fhios againn cé atá ag íoc as seo ar fad nó cén clár oibre atá acu.
D’éirigh leis an Bhrasaíl, ceann de na tíortha is mó ar domhan, ina streachailt chumhachta in aghaidh Elon Musk anuraidh nuair a cuireadh cosc ar X go dtí gur thoiligh Musk cloí le dlíthe na tíre. Ach in aon streachailt chumhachta maidir le rialacháin idir ceann d’fhathaigh seo na teicneolaíochta agus tír bheag dhaonlathach, ní bheidh ann ach buaiteoir amháin.
Le blianta beaga anuas tá an tAontas Eorpach ag iarraidh a neart aontaithe a úsáid chun cóimheá na cumhachta a aistriú ar ais beagáinín ó na hollchomhlachtaí príobháideacha seo agus ar ais i dtreo tíortha flaitheasacha.
Go teoiriciúil, is féidir Acht Sheirbhísí Digiteacha an Aontas Eorpaigh a úsáid chun comhlachtaí idirlín a rialú, fíneálacha a ghearradh orthu agus i gcásanna eisceachtúla cosc a chur orthu mura gcloíonn siad leis an dlí. Ceann de na haidhmeanna is tábhachtaí atá leis an acht ná iachall a chur ar na comhlachtaí a bheith trédhearcach. Faoi láthair níl a fhios againne, na saoránaigh, an bhfuil siad ag cur tuairimí áirithe chun cinn, ag cur tuairimí eile faoi chois, ag éascú feachtais pholaitiúla eagraithe ag dreamanna anaithnide, ar chúla téarmaí nó ag spreagadh círéibeacha foréigneacha, agus níl a fhios againn cé atá ag íoc as na feachtais sin, mar an feachtas bréagaisneise faoin Tánaiste Simon Harris, nó cé a d’íoc na céadta míle euro as an bhfeachtas ag tacú le hiarrthóir uachtaránachta na Rómáine a bhí ag éileamh deireadh a chur leis an tacaíocht don Úcráin.
Bhí dóchas ann go raibh cóimheá na cumhachta chun aistriú níos mó i dtreo na dtíortha flaitheasacha. Ach tá toghchán Donald Trump tar éis sin ar fad a athrú. Anois tá comhghuaillíocht dhaingean idir an fear is saibhre ar domhan, Elon Musk, na hollchomhlachtaí teicneolaíochta Meiriceánacha eile, agus an tír is cumhachtaí ar domhan, Stáit Aontaithe Mheiriceá, chun brú a chur ar an Eoraip cead a gcinn a thabhairt do na comhlachtaí teicneolaíochta a rogha rud a dhéanamh.
Tá ráite ag an leasuachtarán JD Vance go bhféadfaí deireadh a chur le tacaíocht Mheiriceá do NATO má leanann an tAontas Eorpach ar aghaidh le pleananna chun rialú a dhéanamh ar X. Agus tá ráite ag Mark Zuckerberg go bhfuil sé dóchasach go gcuirfidh Donald Trump iachall ar an Aontas Eorpach gan a dhlíthe féin a chur i bhfeidhm ar Facebook. ‘Measaim gur mian leis go mbeidh an bua ag Meiriceá,’ arsa Zuckerberg.
Feiceann muid mar atá Musk ag úsáid a chumhacht ollmhór chun tacú le polaiteoirí, páirtithe agus gníomhaithe i bhfad amach ar an eite dheis ar fud na hEorpa ar nós Tommy Robinson sa Bhreatain agus an AFD sa Ghearmáin.
Go dtí seo síleadh gurb í an Rúis an phríomhbhagairt ó thaobh feachtais ar líne ar chúla téarmaí chun institiúidí agus aontacht Eorpach a lagú. Ní maith le Putin an tAontas Eorpach mar go bhfuil sé níos mó agus níos láidre ná an Rúis, ach bheadh an Rúis níos mó agus níos láidre ná aon tír Eorpach aonair.
Anois, áfach, tá grúpa billiúnaithe Meiriceánacha ag tabhairt dúshlán an Aontais Eorpaigh ar an gcúis chéanna. Agus ós rud é gur in Éirinn atá ceanncheathrú Eorpacha X agus Meta ní bheidh aon éalú ag an tír seo ón streachailt chumhachta seo. Chonaiceamar mar ab éigean don Cholóim géilleadh do Trump faoi cheist a bhain le cúrsaí inimirce nuair a bhagair sé dleachtanna móra orthu.
Abair go mbagraíonn Trump pionós mór a chur ar gheilleagar na tíre seo mura dtugann muid cead a gcinn do Musk agus Zuckerberg? An mbeidh polaiteoirí na hÉireann ábalta leanúint orthu ag freastal ar an dá thrá? Nó an mbeidh cinntí crua le déanamh go luath idir tábhacht thionscal na teicneolaíochta dár ngeilleagar agus múnla daonlathach na tíre seo, idir ár gcaidreamh le Meiriceá agus an tAontas Eorpach, idir Elon Musk agus ár gcumas toghcháin fhéaráilte a reáchtáil?
Fág freagra ar 'Trump agus a Mhuskaedóirí – ní bheidh aon éalú againn sa tír seo uathu'