‘Trí sheans’ a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di – an HSE

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil dóthain Gaeilge chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach ag ‘fíorbheagán’ dá baill foirne agus maítear go bhfuil an t-éileamh ar sheirbhísí dá leithéid nach mór  ‘non-existent’ lasmuigh den Ghaeltacht

‘Trí sheans’ a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di – an HSE

Admhaítear i ndréachtscéim náisiúnta teanga an HSE gur ‘trí sheans’ a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, nó gurb amhlaidh go dtapaítear an deis seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil de réir mar a thagann a leithéid de dheis aníos.

“For the most part Irish language services in the Gaeltachtaí and elsewhere have evolved opportunistically,” a deirtear sa dréachtscéim a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie.

Admhaítear chomh maith nach bhfuil dóthain Gaeilge chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach ag “fíorbheagán” de bhaill foirne an HSE agus maítear go bhfuil an t-éileamh ar sheirbhísí dá leithéid nach mór  “non-existent” lasmuigh den Ghaeltacht.

“Very few staff have the confidence or language skills to deliver services in Irish…

“Demand for services through Irish is very low in non-Gaeltacht areas, and almost non-existent in some services, which has led the HSE – in the development of this Scheme – to tailor its principal efforts to where the demand does exist.”

Maidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú don Ghaeltacht, deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:

As vacancies arise through routine staff attrition, replacements will be Irish-speaking where possible.”

Deirtear chomh maith go mbeidh “[that] the ability to work through Irish will be deemed highly desirable for staff recruited or assigned to Gaeltacht-based Primary Care Teams” agus go dtabharfar tacaíocht do bhaill foirne atá ag iarraidh feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge.

Nach mór 12 bliain ó iarradh a leithéid orthu an chéad uair, tá geallta ag an HSE go bhfoilseoidh siad a scéim náisiúnta teanga, ach níl oiread agus pingin amháin curtha i leataobh acu dá bplean maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.

Is ina dtuarascáil nua Primary Care Island Services Review Report a gheallann an HSE go bhfoilseodh siad sa chéad ráithe den bhliain seo chugainn a scéim náisiúnta teanga, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.

Tá sé i gceist fáil réidh le córas na scéimeanna teanga faoin dréachtreachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifgiúila, bille nár foilsíodh fós.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh gur ligthe in aimhréidh a bhí an córas atá in ainm is a chinntiú nach mbíonn gá ag lucht labhartha na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag an am go raibh an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”. Dúirt sé chomh maith gur minic “gur mó de mhianaidhmeanna seachas tiomantais shoiléire a bhíonn i gceist agus go scríobhtar gealltanais i slite a sheachnaíonn aon dliteanas ar an eagraíocht má theipeann uirthi na seirbhísí sin a chur ar fáil”.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar dhréachtscéim an HSE, tá béim mhór inti ar an gcineál ‘mianaidhmeanna’ ar thagair an Coimisinéir Teanga dóibh, seachas do ‘thiomantais shoiléire’.

Deirtear sa dréachtscéim go bhfuil na cuspóirí inti ag brath ar “Irish capability and resources”.

I gcás na Gaeltachta, deirtear go reáchtálfar cruinnithe ansin i nGaeilge “where required” agus go ndéanfar iarracht cúrsaí oiliúna don phobal a reáchtáil “through Irish and English, within available resources”.

Deirtear i gcás Gaelscoileanna go ndéanfar iarracht “all pre-planned correspondence to Gaelscoileanna” a chur amach i nGaeilge.

“It may not always be possible to issue bilingual correspondence at once; however, the Irish version will follow as soon as possible upon the initial communication,” a deirtear.

Ní ghealltar go gcuirfí seirbhísí teanga agus urlabhra ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, ach gealltar go ndéanfaí measúnú ar “staff capacity to deliver sessions in Irish to Irish speakers as required”.

Deirtear chomh maith ‘[that] the HSE endeavours to respond in Irish to any communication requests from the public’.

Fág freagra ar '‘Trí sheans’ a chuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di – an HSE'