Bronnadh an Bhratach Ghorm ar thrá Chéibh an Spidéil i nGaeltacht na Gaillimhe den chéad uair ó 2012. Bhí an trá aitheanta i nGaeltacht Chois Fharraige fágtha gan an bhratach, a bhronntar ar thránna atá thar a bheith glan agus sábháilte, le trí bliana déag mar gheall ar dhroch-chaighdeán an uisce, i measc rudaí eile.
Tá trá Chéibh an Spidéil anois ar cheann de na 99 trá ar fud na tíre a bhfuil sárchaighdeáin bainte amach acu ó thaobh an uisce snámha, an bhainistithe comhshaoil agus na sábháilteachta de.
Fógraíodh i dtuarascáil de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil níos túisce an mhí seo go raibh caighdeán an uisce snámha feabhsaithe go mór le bliain anuas agus an stádas ‘caighdeán den scoth’ bainte amach ansin.
Bhí cosc ar an snámh ag an trá sa bhaile beag atá ar cheann de na háiteanna is mó turasóireachta sa Ghaeltacht mar gheall ar an leibhéal ard baictéar a bhíodh san uisce ann. Thóg Uisce Éireann ionad nua cóireála fuíolluisce sa Spidéal dhá bhliain ó shin le dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce.
Dúirt Pádraic Mac Diarmada ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil gur údar mór ríméid do mhuintir na háite a bhí sa scéala go mbeidh an Bhratach Ghorm ar foluain os cionn Chéibh an Spidéil.
“Tá muid an-ríméadach, tá muid ag éirí ó thalamh i ndáiríre. Bhí an bhratach caillte againn ó 2012 agus an bhratach ar Thrá na mBan caillte ó 2022 chomh maith. Tá gach a bhfuil de dhearfacht a bhaineann leis an mBratach Ghorm faighte ar ais arís, agus tá i bhfad níos mó i gceist leis ná glaineacht an uisce.
“Tá an trá féin anois glanta go hálainn, tá rochtain ann ag daoine atá faoi mhíchumas, tá seacht mbord picnice ann, tá cithfholcadh ann do shnámhaithe, tá áit pháirceála ann do dhaoine atá faoi mhíchumas, agus tá leithreas poiblí ann,” a dúirt Mac Diarmada le Tuairisc.
Dúirt sé go raibh dea-thionchar na Brataí Goirme le brath cheana féin sa bhaile beag Gaeltachta agus an trá “plódaithe” an deireadh seachtaine seo caite le daoine a bhí amuigh ag baint taitneamh as an dea-aimsir.
“Bhí Trá na Céibhe plódaithe ag an deireadh seachtaine nuair a scaipeadh an scéala go raibh an Bhratach Ghorm faighte ar ais. Is é fírinne an scéil é go raibh a fhios ag muintir na háite go bhfuil caighdeán an uisce thar barr.
“Tá na tástálacha a tógadh ó 2022 ar fheabhas nó ‘excellent’, mar sin tá a fhios ag muintir na háite é seo agus go bhfuil an t-ionad cóireála ag déanamh a jab. Tá an t-uisce chomh glan is a bheidh go brách,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur comhartha í an Bhratach Ghorm féin do “strainséirí” go bhfuil an trá glan agus sábháilte agus go bhfuil áiseanna den scoth ann. Dúirt sé go rabhthas anois ag súil le tuilleadh “cuairteoirí agus fámairí” chun an bhaile.
Rinne cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe, Martina Kinane, comhghairdeachas le pobal an Spidéil agus dúirt gur “éacht” a bhí i ngnóthú na Brataí Goirme.
“Tá clú agus cáil ar thránna Chontae na Gaillimhe as a dtimpeallacht ghlan, cáilíocht iontach an uisce agus an áilleacht nádúrtha, agus tá áthas orainn go bhfuil Gradaim an Bhrait Ghorim agus an Chósta Ghlais, a bhfuil an-tóir orthu, bainte amach acu arís.
“Léiriú ar obair chrua agus ar thiomantas gach duine a ghlanann ár dtránna is ea na gradaim seo. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur bhain Trá Chéibh an Spidéil a Brat Gorm amach arís, éacht a gcuirfidh an pobal áitiúil an-fháilte roimhe,” a dúirt an Comhairleoir Kinane.
Bronnadh an Bhratach Ghorm ar 11 trá Ghaeltachta ar fad – péire i nGaeltacht Dhún na nGall, sé cinn i nGaeltacht na Gaillimhe, agus trí cinn i nGaeltacht Chiarraí.
Bronnadh an Bhratach Ghorm ar 11 trá Ghaeltachta ar fad – péire i nGaeltacht Dhún na nGall, sé cinn i nGaeltacht na Gaillimhe, agus trí cinn i nGaeltacht Chiarraí.
Chomh maith leis an mBratach Ghorm, d’éirigh le dhá thrá Ghaeltachta gradam an Chósta Ghlais a bhaint amach – Trá Inis Oírr i nGaillimh agus Trá Bhaile an Sceilg i gCiarraí. Bronntar an Cósta Glas ar thránna a bhfuil sárchaighdeáin bainte amach acu ó thaobh glaineachta, áilleachta, agus uisce de.
Cuirtear san áireamh agus measúnú á dhéanamh don ghradam sin tábhacht oidhreachta agus bithéagsúlachta an chladaigh freisin.
Fág freagra ar 'Trá Ghaeltachta ‘plódaithe’ agus Bratach Ghorm aici den chéad uair ó 2012'