Tosaithe Shasana sách maith chun an tSeirbia a chur de dhroim seoil

Rogha an Lae Táthar muiníneach i Sasana go n-éireoidh go maith leis an bhfoireann seo sa Ghearmáin agus an cluiche ceannais a bhaint amach. Agus é ocht mbliana i gceannas, tá neart daoine ann nach bhfuil go hiomlán tógtha leis an mbainisteoir Gareth Southgate agus mura mbeidh toradh maith acu inniu in aghaidh na Seirbia, […]

Tosaithe Shasana sách maith chun an tSeirbia a chur de dhroim seoil

Rogha an Lae

Táthar muiníneach i Sasana go n-éireoidh go maith leis an bhfoireann seo sa Ghearmáin agus an cluiche ceannais a bhaint amach. Agus é ocht mbliana i gceannas, tá neart daoine ann nach bhfuil go hiomlán tógtha leis an mbainisteoir Gareth Southgate agus mura mbeidh toradh maith acu inniu in aghaidh na Seirbia, tosóidh an cáineadh sa bhaile láithreach.

Tá sé tábhachtach do na Sasanaigh mar sin an tSeirbia a chur díobh gan mórán stró. Ach cé go bhfuil an cumas sa bhfoireann é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh a gcéilí comhraic cúpla fadhb a chruthú dóibh ag an am céanna.

Tá bainisteoir na Seirbia, Dragan Stojković, faoi níos mó brú sa bhail ná mar atá Southgate. Níor éirigh go maith ar chor ar bith leis an tSeirbia ag Corn an Domhain sa Chatar agus níor tháing móran feabhais ar chúrsaí ó shin. Bhí cuma lag go maith orthu sna cluichí cáilithe do EURO 2024, in ainneoin gur bhain siad áit amach sa Ghearmáin faoi dheireadh.

Tá imreoirí maithe sa scuad, go háirithe i measc na dtosaithe. Cruthóidh an tosach láidir Aleksandar Mitrović agus an t-imreoir sciliúil Dušan Tadić deacrachtaí don fhreasúra ach laige don tSeirbia é nach bhfuil áit ar an bhfoireann ag Dušan Vlahović, a áirítear i measc na dtosaithe óga is fearr san Eoraip.

Níl an tSeirbia chomh láidir ar an taobh eile den pháirc, áfach, agus cé nach bhfuil Sasana gan locht, is cinnte go bhfuil imreoirí iontacha acu sna tosaithe. Ba cheart go mbeadh Harry Kane, Bakayo Sake, Phil Foden agus Jude Bellingham sách maith chun scata deiseanna a chruthú tráthnóna agus má éiríonn leo ceann nó péire a thapú, beidh leo.

Tá ceisteanna le freagairt go fóill faoi chnámh droma Shasana agus tá dúshláin níos mó le teacht. Deis a bheidh anseo ag leithéidí Marc Guéhi agus Conor Gallagher blaiseadh a fháil den mhéad a bheidh ag teastáil.

Cluichí

An Pholainn v An Ísiltír – 2pm (Grúpa DC)
An tSlóivéin v An Danmhairg – 5pm (Grúpa C)
An tSeirbia v Sasana – 8pm (Grúpa C)

Fág freagra ar 'Tosaithe Shasana sách maith chun an tSeirbia a chur de dhroim seoil'