Tá an chumhacht i gcónaí ag uafáis an Dara Cogadh Domhanda stangadh a bhaint asainn. Bhí mídhaonnacht chórasach, thionsclaíoch ag baint leis an gcogadh ar fud na cruinne, go háirithe san Eoraip a bhí faoi chois na Naitsithe. Go minic níl le déanamh ag saothar ach cultacha na Naitsithe nó an svaistice a thaispeáint leis an lucht féachana a chur ar chipíní.
Cuimhneoidh mé go deo ar an tslí a ndeachaigh Schindler’s List (1993) agus The Pianist (2002) i bhfeidhm orm. Ó thaobh na cogaíochta tá leithéidí Saving Private Ryan (1998) agus Band of Brothers (2001) againn.
Ní hé nach féidir a bheith ag tochailt san ábhar seo i gcónaí ach caithfidh tú a bheith os cionn do bhuille lena cheart a thabhairt don ábhar agus a bheith in ann é a fhéachaint le saothar den scoth san iomaire céanna. Tá tráthúlacht ag baint le huafáis na Naitsithe agus borradh faoin eite dheis ar fud na hEorpa.
Buncloch mhaith é go bhfuil an mhionsraith ocht gclár We Were The Lucky Ones (Disney+) bunaithe ar leabhar beathaisnéiseach ó Georgia Hunter a foilsíodh in 2017. Leanaimid muintir Kurc ó Radom na Polainne ar feadh tréimhse deich mbliana. Tosaímid amach in oifig na Croise Deirge in Lodz na Polainne mar a bhfaigheann Halina Kurc (Joey King) scéal éigin faoina muintir.
De gheit déantar sin a theilgean siar seacht mbliana chuig Radom na bliana 1937. Tá an frith-Sheimíteachas ag bailiú nirt ach tá muintir Kurc, atá réasúnta gustalach, ábhairín neamhairdeallach nó ag séanadh na fírinne. Sin téama a ritheann tríd an chéad chúpla gála; daoine den tuairim ná féadfadh an saol a bheith chomh cruálach seo agus go dtiocfadh deireadh leis an uafás.
Tá cúigear clainne i dteaghlach Kurc agus címid iad ag ceiliúradh Cáisc na nGiúdach le chéile; i ngan fhios dóibh seo an ceann deireanach acu le chéile. Mheabhraigh an chlann mhór gheanúil seo The Pianist dom. Iad ag maireachtaint in árasán breá i gcathair sa Pholainn, dúil sa cheol acu agus dul chun cinn sa saol á dhéanamh acu. I gcaitheamh na n-ocht gclár feicimid scaipeadh na mionéan ag teacht orthu.
Trí scéalta na gcarachtar éagsúil (a chítear ar chúig mhór-roinn éagsúla) déantar uafáis na tréimhse a léiriú dúinn. Cinnte, tá briseadh croí, foréigean, eachtraíocht agus ardú croí ag baint leis an saothar. Ag an am céanna taibhsíodh dom go minic nach bhfuil sa saothar ach scáil saothair níos cumasaí. Tá comhrá liobarnach go maith in áiteanna agus cuma róshaothraithe ar chuid de na radharcanna; saghas scannán teilifíse ós na hochtóidí. Déanann na haisteoirí a ndícheall an scéal agus comhrá seo a iompar.
Faoi mar a thugann an teideal le fios bhí an t-ádh ina rith ar an dteaghlach seo, más ceadmhach an focal sin a úsáid sa chomhthéacs seo. Cothaíonn sé sin teannas ar leith agus beidh tú ar tinneall agus an scéal ag teannadh ar cheann scríbe.
Fág freagra ar 'An t-ádh san uafás i ‘We Were The Lucky Ones’'