Tórramh Catherine O’Donnell agus a mac trí bliana déag d’aois James Monaghan ar siúl ar an Chraoslach inniu

I dTeach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga a bheidh Aifreann sochraide James O’Flaherty, duine eile den deichniúr a maraíodh sa phléasc thubaisteach ar an Chraoslach

Tórramh Catherine O’Donnell agus a mac trí bliana déag d’aois James Monaghan ar siúl ar an Chraoslach inniu

Beidh Aifreann sochraide ar siúl ar an Chraoslach tráthnóna do Catherine O’Donnell, 39, agus a mac trí bliana déag d’aois, James Monaghan, a cailleadh sa phléasc thubaisteach sa bhaile beag i nDún na nGall.

Bhí Catherine agus a mac James sa scuaine in oifig an phoist sa siopa nuair a tharla an phléasc ag an ionad Applegreen ar imeall an bhaile Dé hAoine seo caite.

Chuaigh siad ann nuair a chríochnaigh James an scoil don lá i mBaile na nGallógach.

Níos túisce ar maidin i dTeach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga a bheidh Aifreann sochraide James O’Flaherty.

Innealtóir arb as Sydney na hAstráile ó dhúchas dó ab ea James O’Flaherty.

Bhí sé ina chónaí i nDún Fionnachaidh lena bhean chéile Tracey agus a mac, Hamish.

Tháinig Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn abhaile ó Strasbourg aréir agus rachaidh sé go dtí Dún na nGall inniu chun freastal ar na sochraidí agus chun bualadh le muintir na marbh agus le baill de na seirbhísí éigeandála.

Deichniúr, idir cúig agus 59 bliain d’aois, a maraíodh sa tubaiste i mbaile beag an Chraoslaigh Dé hAoine seo caite.

Cuireadh i gcré na cille i nDún na nGall inné an chéad bheirt den deichniúr a maraíodh sa phléasc thubaisteach.

I dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach a bhí Aifreann sochraide Jessica Gallagher, dearthóir faisin 24 bliain d’aois, maidin inné agus rinneadh í a adhlacadh ansin i Reilig Chaisleán na dTuath.

Sa séipéal céanna tráthnóna inné a bhí Aifreann sochraide Martin McGill, 49.

Dúirt an sagart paróiste an tAthair John Joe Duffy gur duine “suáilceach” agus “cairdiúil” ab ea Jessica Gallagher agus gur lean an “dearfacht” í.

Roinn sí na dea-tréithe sin le gach duine a raibh aithne aici orthu, a dúirt sé.

Dúirt an sagart gur scaip Jessica “grá, cion, cineáltas agus cairdeas” pé áit a ndeachaigh sí.

Bhí Martin McGill ina chúramóir ag a mháthair agus duine lán le “grá, le cineáltas agus le trócaire” a bhí ann, a dúirt an tAthair John Joe Duffy.

Bhí Martin ina shamhail den “spiorad” a léiríodh ar an Chraoslach ó tharla an phléasc thubaisteach Dé hAoine, an spiorad céanna a bhí “riamh ann” i measc an phobail ansin.

Pobal briste brúite faoi bhrón iad muintir an Chraoslaigh faoi láthair a deir an tAthair John Joe Duffy, ach thagair sé chomh maith do theacht aniar an phobail agus an spiorad a bhí iontu.

Dúirt an sagart go raibh an tacaíocht a bhí á léiriú do mhuintir an Chraoslaigh ag daoine ar fud Dhún na nGall, ar fud na tíre agus ar fud an domhain mar a bheadh tonn mhór ann sinn “a thabhairt slán” as “súnámaí an bhróin”.

“Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht sin,” a dúirt sé.

Is iad an cúigear eile a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh, Robert Garwe, 50, agus a iníon cúig bliana d’aois, Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper, 14; Hugh Kelly, 59; agus Martina Martin 49.

Fág freagra ar 'Tórramh Catherine O’Donnell agus a mac trí bliana déag d’aois James Monaghan ar siúl ar an Chraoslach inniu'