Togra nua le seoladh chun ‘éan Gaeltachta’ a thabhairt slán

Tá an traonach, a bhíodh fairsing ar fud na hÉireann tráth, i mbaol a dhíothaithe ach tá obair ar bun chun borradh a chur faoi líon na n-éan

Togra nua le seoladh chun ‘éan Gaeltachta’ a thabhairt slán

Tá togra nua le seoladh an tseachtain seo chun caomhnú a dhéanamh ar éan gur i gceantair Ghaeltachta is mó atá fáil air. 

Tá an traonach, a bhíodh fairsing ar fud na hÉireann tráth, anois i mbaol a dhíothaithe ach tá obair ar bun chun cur le líon na n-éan atá fágtha.

Seolfar an togra Traonach LIFE i nGaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo mar chuid den obair sin. Iarracht atá sa togra seo úinéirí talún, feirmeoirí agus pobail áitiúla a thabhairt le chéile chun iarracht a dhéanamh an traonach a thabhairt slán.

Díreofar ar ocht gceantar ar leith – in iarthar na Gaillimhe, Maigh Eo agus Dún na nGall – agus é mar sprioc líon na gcoileach traonach atá sa tír a ardú 20%.

Cé gur tháinig ardú beag ar líon na dtraonach in Éirinn le blianta beaga anuas, thit líon na gcoileach a raibh taifead fúthu ó 162 go dtí 146 in 2020. Meastar go bhfuil suas le 85% de na traonaigh atá sa tír seo sna ceantair ar a mbeidh an togra seo ag díriú.

De réir staidéar a rinneadh in 2017 is é an traonach an fauna is mó atá i mbaol a dhíothaithe in Éirinn, agus bail níos measa air ná mar atá ar an ialtóg, an cnádán, an bheach agus an eascann. 

Tá titim 90% tagtha ar líon na dtraonach in Éirinn ó na 1970idí. Meastar gurb í an dianfheirmeoireacht is siocair leis an titim sin agus an úsáid a bhaintear as buainteoirí féir chun sadhlas a dhéanamh. I measc na mbeartas a chuirfear chun cinn faoin togra seo, socrófar i gcomhar leis na feirmeoirí gan féar a bhaint róluath sa bhliain chun deis a thabhairt do na héin cúpláil.

Seolfar Traonach LIFE in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce i nDún na nGall Dé hAoine beag seo ag 9.30am. Beidh an tAire Stáit Malcolm Noonan, atá freagrach as cúrsaí oidhreachta, i láthair chun an togra a sheoladh.

Fág freagra ar 'Togra nua le seoladh chun ‘éan Gaeltachta’ a thabhairt slán'