Toghchán na Spáinne – Ré nua don pholaitíocht thall agus abhus?

Tá fórsaí nua den eite chlé tagtha chun cinn sa Ghréig, sa Phortaingéil agus anois sa Spáinn. Ní fada go mbeidh a fhios againn an dtarlóidh an rud céanna anseo in Éirinn…

Mariano Rajoy

Mura bhfuil rialtas déine na Spáinne ina bhrus, is cinnte gur baineadh siar go mór as nuair a chaill Mariano Rajoy agus an Partido Popular a móramh i bparlaimint na Spáinne.

Ach buille don seanchóras polaitiúil ar fad ab ea toradh an olltoghcháin toisc gur baineadh creathadh chomh maith as an bpáirtí sóisialach, agus gurbh iad an dá pháirtí nua – Podemos (ar aithris é ar Syriza na Gréige cuid mhór) agus Ciudadanos (páirtí den eite dheis ach atá i gcoinne na caimiléireachta) – is mó a rinne dul chun cinn.

Ní bheidh móramh ag an eite dheis nó an eite chlé, agus seans maith go mbeidh toghchán eile ann go luath san athbhliain.

Comhartha dá bhfuil i ndán dúinne in Éirinn, b’fhéidir? Seans maith, óir léiríonn pobalbhreitheanna anseo gur ar éigean a thiocfaidh ár rialtas déine cé gurb é Fine Gael is dóichí a bhéas sa gcéad áit, mar sin féin.

Is é an scéal is spéisiúla, ámh ná an dul chun cinn a rinne Podemos, páirtí den eite chlé, sa gCatalóin agus i dTír na mBascach.  Agus iad  ag cur na déine go droim seoil ar fad, gheall Podemos go mbeadh siad i bhfabhar reifreann neamhspleáchais sa gCatalóin (agus i dTír na mBascach?) agus tháinig an páirtí sa gcéad áit sa dá thír – comhartha go bhfuil daoine ag lorg neamhspleáchais agus ag diúltú don déine ag an am céanna.

Gan dabht, ní thabharfaidh an Partido Popular aon éisteacht don iarratas seo faoi neamhspleáchas, ach ní bhfaighidh an páirtí sin an tacaíocht ó na mionpháirtithe ach an oiread, rud a bheadh riachtanach le rialtas nua a bunú.

Céard faoin bPáirtí Sóisialach, an PSOE?

Go traidisiúnta, is páirtí impiriúlach Spáinneach atá sa bpáirtí seo, agus cosúil le páirtithe sóisialacha-daonlathacha ar fud na hEorpa, tá sé gafa le prionsabail an rachmais liobrálaigh a chothaigh an déine sa Spáinn (agus in Éirinn).

Rinne an PSOE go dona in 2011, ach chuaigh siad siar arís sa toghchán seo. Tá baol ann – cé go bhfuil an PSOE fós chun tosaigh ar Podemos faoi láthair – go dtógfadh Podemos a áit i bpolaitíocht na Spáinne, mar a thóg Syriza áit Pasok sa nGréig agus, b’fhéidir, mar a thógfaidh Sinn Féin áit Pháirt an Lucht Oibre abhus.

Beidh sé deacair ag an PSOE géilleadh don éileamh go reáchtálfaí reifreann faoi neamhspleáchas sa gCatalóin, ach is mó spéis go hiondúil ag páirtithe sóisialacha-daonlathacha sa gcumhacht ná in aon phrionsabail.  Agus más sin an praghas …

Tá a castacht féin ag an Spáinn, ar ndóigh, mar gheall ar an gceist náisiúnta, ach tríd an Eoraip is féidir a fheiceáil go bhfuil ag teip ar an seanchóras polaitiúil.

Sa nGréig, sa bPortaingéil agus anois sa Spáinn, tá fórsaí nua den eite chlé tagtha chun cinn agus iad ag diúltú don déine is ag iarraidh go mbeadh leagan amach nua ar Aontas na hEorpa. Agus ní fada go mbeidh a fhios againn an dtarlóidh an rud céanna anseo in Éirinn.

Tá dúshlán don seanchóras Eorpach ann freisin ó pháirtithe i bhfad amach ar an eite dheis, ar nós an Front National sa bhFrainc, Páirtí an Phobail sa Danmhairg, UKIP b’fhéidir i Sasana, agus páirtithe eile san Ungáir agus sa bhFionlainn.

Ach is é laigeacht na bpáirtithe clé ar fad ná nach bhfuil siad soiléir faoi Aontas na hEorpa ná faoin Euro. Mura bhfuil na páirtithe seo sásta briseadh leis an Euro caithfidh siad glacadh le rialacha an Euro, is é sin an déine a bhfuil na vótóirí ag diúltú dó. Sin é go díreach a tharla sa nGréig.

Mar sin féin, tabharfaidh na torthaí seo spreagadh mór do leithéidí Shinn Féin sa mbaile, cé go gcaithfear a aithint gur tháinig páirtí déine sa gcéad áit sa Spáinn agus sa bPortaingéil, fiú má chaill siad a gcuid móraimh. In Éirinn, tá Fine Gael ag treisiú a gcuid tacaíochta, is cosúil, an fhaid is atá Páirtí an Lucht Oibre i gcónaí in áit na leathphingine.

Ní léir dúinne cén comhrialtas a d’fhéadfaí a chur le cheile i ndiaidh an olltoghcháin atá ag teacht anseo, ach seans maith nach mairfidh sé rófhada.

Sa Spáinn freisin, tá seans láidir ann go mb’éigean go reáchtálfar toghchán luath arís ansin.

B’fhéidir go dtiocfaidh an tseanpholaitíocht ar ais nuair a chiúnóidh farraigí buartha na géarchéime, ach seans freisin go bhfuil an Eoraip ar fad ar tí tús a chur le próiseas agus le polaitíocht úr a chruthú ar fud na hEorpa.

Fág freagra ar 'Toghchán na Spáinne – Ré nua don pholaitíocht thall agus abhus?'