‘Tóg gach lá mar an lá is gile’ –  file a bhí báite sa dúchas ab ea Máire Uí Ráinne

File a bhí báite sa dúchas ab ea Máire Uí Ráinne agus roinn sí an bua sin a thug sí óna mianach go fial

‘Tóg gach lá mar an lá is gile’ –  file a bhí báite sa dúchas ab ea Máire Uí Ráinne

Mí sa lá inniu a cuireadh i gcré na cille ar bhruach na mara sa Trá Bháin i gcomhluadar a sinsir corp an fhile Máire Uí Ráinne ach tá lorg a pinn agus a saothar mar oide fágtha le hoidhreacht aici ag an saol Fódlach.

File a bhí báite sa dúchas ab ea Máire agus roinn sí an bua sin a thug sí óna mianach go fial ag ócáidí pobail is siamsaíochta agus thug ugach agus misneach do na gasúir a raibh sí ina hoide acu.

Tá an dáimh a bhí ag Máire leis an nádúr, lena pobal agus lena muintir féin, idir bheo agus mharbh, beo beathach sa dá leabhar filíochta a tháinig ón peann Snáth Ceangail agus Cumraíocht.  

Mar ba dual riamh don fhile pobail rinne Máire ceiliúradh ar éachtaí, eachtraí, is ócáidí a pobail agus a muintire, an dólás agus an sólás. Laochra spóirt is litríochta an phobail á gcomóradh ach chomh maith leo na daoine ar fad a rinne soilíos agus cúram dá gcomharsana.

Grá máthar, seanmháthar, céile is deirféar, brón na himirce agus gadaíocht an bháis, bhí bealach ag Máire lena chur in iúl ionas gurbh é scéal is cinniúint chuile dhuine é.

Níorbh aon oileán cúng a haigne, ghoill an éagóir uirthi pé áit ina ndearnadh í – bíodh sin ar na sráideanna, sa Roinn Sláinte nó i nGaza.

Mar atá inár gcinniúint, bhain an easláinte agus an aois cor as Máire agus a muintir ach is iontach mar a chuireann sí na mothúcháin sin inár láthair gan ligean den mhaoithneachas ná den chumha a bua a thachtadh. Go raibh suaimhneas aici i measc éigse agus seanchaithe na bhFlaitheas. 

Ina hómós foilsímid as a leabhar Cumraíocht, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht roimh an Nollaig, dán dá cuid a léadh ag a sochraid le déanaí.

BUAN-SCARADH SAOLTA

Níl ins an saol ach ceo geal draíochta
A chuireann mearbhall ar an gcine daonna
Níl ann ach lá don té is sine
Mar beidh muid le chéile ag deireadh an chluiche.

Ná caoin mise, a ghrá mo chroí
Mar níl mé imithe ach ó imní an tsaoil
Buanaigh i do chroí na smaointe geala
A bhí idir muid agus tú do mo mhealladh.

Seas an fód agus giorraigh an t-aistear
Coinnigh do mhisneach ar an mbealach
Mar tiocfaidh an lá go mbeidh ár ngrá buan daingean
Is muid i dteannta a chéile le Rí na nAingeal.

I gcumar ceo tá loinnir i dtaisce
Séala an ghrá a bhí dár gceangal
Nach é an briseadh croí é an buan-scaradh
Ag Dia atá an roinnt agus an tarraingt.

Cuir cois chun tosaigh is cois i dteannta
In aghaidh bhuairt an tsaoil a bhíonn go síoraí ag bagairt
Ná cuir do bheart ar an méar is faide
Ach tóg gach lá mar an lá is gile.

Máire Uí Ráinne [1945-2026]

Fág freagra ar '‘Tóg gach lá mar an lá is gile’ –  file a bhí báite sa dúchas ab ea Máire Uí Ráinne'