Tiobraid Árann ag súil clabhsúr a chur ar an mbliain le corn eile, ach Corcaigh sa mbealach orthu

Tá Tiobraid Árann agus Corcaigh sách cumasach le corn James Nolan a bhreith leo i gcluiche ceannais faoi-20 na hÉireann i Luimneach tráthnóna

Tiobraid Árann ag súil clabhsúr a chur ar an mbliain le corn eile, ach Corcaigh sa mbealach orthu

Bryan O'Mara (Tiobraid Árann) agus Charlie McGuckin (Loch Garman). Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá Tiobraid Árann ar rothaí an tsaoil arís a bhuíochas dá dtaispeántas thar a bheith cumasach sa dara leath den chluiche ceannais sé lá ó shin. Agus cad é mar dhifríocht a bhí idir an dá leath.

Caithfear a admháil, d’ainneoin go raibh teacht aniar déanta ag Tiobraid Árann faoin tráth sin, gur athraigh an cluiche nuair a tugadh cárta dearg do Richie Hogan. Páirc ‘oscailte’ a bhí ag teastáil ó imreoirí Thiobraid Árann agus sa dara leath, sin a bhí acu. D’úsáideadar an spás sin go paiteanta sa ceathrú dheireanach den chluiche. 

Na buachaillí faoi 20 a bheidh faoin spotsolas an deireadh seachtaine seo agus an cluiche ceannais ar siúl i staid na hinstitiúide teicneolaíochta i Luimneach um thráthnóna. Seaimpíní agus tánaistí na Mumhan a bheidh in adharca a chéile agus Tiobraid Árann agus Corcaigh ag dul chun páirce.

Anuraidh thug Corcaigh stánáil cheart do Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan ach ba iad fir óga Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann.

Cúpla seachtain ó shin i gcluiche ceannais na Mumhan bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh an cluiche buaite ag Corcaigh ach sciob Tiobraid Árann a mbua uathu a bhuíochas do chúl iontach,a fuair an t-imreoir sinsir Jake Morris sa nóiméad deiridh.

Sa chluiche sin bhí Corcaigh chun cinn cúpla uair ach níor lig Tiobraid Árann leo. Bhíodar gob ar ghob agus an fheadóg dheiridh ag bagairt nuair a chuir Conor Bowe cúilín chun tosaigh iad agus gan ach aon nóiméad amháin fágtha. Ní raibh Corcaigh cloíte áfach agus bháigh an t-ionadaí Evan Sheehan an sliotar san eangach. Ansin loit Morris ceiliúradh na gCorcaíoch lena chúl cinniúnach deireanach.

Ardchluiche a bhí ann agus, bunaithe  ar an bhfianaise sin, ba cheart go mbeadh cúrsaí amhlaidh inniu. Moladh a thuill an cluiche iontach ar na meáin shóisialta agus an réiteoir Thomas Walsh as Port Láirge molta ag a lán chomh  maith.

Sa dá chluiche leathcheannais thug an dá chontae an-taispeántais uathu chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an lae inniu. Thug Tiobraid Árann greadadh ceart do Loch Garman i gcluiche, 8-16 in aghaidh 1-15. Chuir siad an sliotar san eangach ceithre huaire sa chéad fiche nóiméad agus uaidh sin ar aghaidh sórt taispeántas iománaíochta a bhí ann seachas cluiche ceart. Bhí easpa iomaíochta ann agus an cluiche ró-aontaobhach agus dar ndóigh, ní haon chabhair a leithéid mar ullmhúchán do dhúshlán an lae inniu. 

A mhalairt ar fad a bhí ag Corcaigh i gcoinne Cill Chainnigh sa chluiche leathcheannais eile mar ní raibh mórán idir na foirne go dtí lár an dara leath nuair a scóráil Corcaigh cúig chúilín i ndiaidh a chéile. Is annamh a bhíonn foireann faoi 20 nó faoi 21 gan imreoir nó dhó ó na sinsir ach sin mar atá ag Corcaigh. Níl aon imreoir acu a d’imir leis na sinsir sa chraobh i mbliana.

Ach is foireann stuama cliste láidir iad mar sin féin agus cuid maith imreoirí acu a mbeidh geansaí na sinsear orthu sula i bhfad. Is tosaithe cumasacha iad Tommy O’Connell, Brian Turnbull agus Shane O’Regan ach tá aonad cúlaithe thar a bheith láidir ag Tiobraid Árann agus dar ndóigh, tá triúr imreoirí acu atá ar an bpainéal sinsir, Morris, Jerome Cahill agus Paddy Cadell.

Is mór a chuirfidh cluiche an Domhnaigh seo caite le muinín fhoireann Thiobraid Árann. Beidh an-slua ón dá chontae i Luimneach inniu agus táim ag súil le hardchluiche agus le himirt oscailte. Tá an dá chontae seo sách cumasach le corn James Nolan a bhreith leo.

Is Corcaíoch mé féin agus ba mhaith liom go mbuafaidís gan amhras. B’fhéidir go dtarlódh sé, ach is cinnte go mbeidh sé deacair.

Fág freagra ar 'Tiobraid Árann ag súil clabhsúr a chur ar an mbliain le corn eile, ach Corcaigh sa mbealach orthu'