‘This is a rather futile exercise’ – Ré nua polaitíochta, an bhaothchaint chéanna sa Dáil

Sa Dáil Déardaoin, breis agus 15 nóiméad tar éis don Cheann Comhairle a rá go raibh an chaint a bhí ar bun as ord, thosaigh díospóireacht ar an gcéad ábhar eile ar Chlár an lae…

Cathal pictiúr

Tá ábhair achrannacha éagsúla á gcur faoi bhráid choistí na Dála nua beagnach ó tháinig sí le chéile, ach beidh promhadh géar á chur sul i bhfad ar na Teachtaí Dála a toghadh ar an 26 Feabhra.

Gearrliosta na bpríomhábhar:

  1. Breatimeacht
  2. Buiséad sa bhfómhar.
  3. An pá íseal a fhaigheann múinteoirí agus Gardaí óga.
  4. Tithíocht (plean geallta i mí Iúil).
  5. Maoiniú agus atheagrú na seirbhíse sláinte.
  6. Maoiniú an chórais uisce.
  7. Ginmhilleadh, ar ball.

Idir an dá linn, tá an ré nua pholaitiúil faoi lán seoil. Tá amhras ort, a léitheoir dhil? Faraor, ní tearc na cúiseanna amhrais agat.

Seo sampla amháin.

Sa tseanré pholaitiúil, roimh an olltoghchán, bhí nós ag Teachtaí Dála ón bhfreasúra a ndícheall a dhéanamh go rialta chun ábhair nach raibh ar chlár na Dála a tharraingt anuas.

Is é a dhéanadh an Ceann Comhairle de ghnáth ná géilleadh dóibh ar feadh scaithimh, ach iad a rialú as ord tar éis cúpla abairt nuair a chlis ar a fhoighne.

Ó tionóladh an 32ú Dáil den chéad uair ar an 10 Márta, tá an nós céanna i réim agus am á chur amú dá bharr.

Mar a tharla Déardaoin.

An t-ábhar a bhí le plé, de réir an Chláir: na billí nua atá beartaithe ag an rialtas nó a shíleann Teachtaí Dála ba chóir a bheith beartaithe acu. Chuir Mick Barry ceist thar ceann an AAA/PbP, nó i nGaeilge an CFG/DRB*, faoin reachtaíocht phráinne pá a fhágann Gardaí agus múinteoirí óga ar phá níos ísle.

Dúirt Richard Bruton leis, thar ceann an rialtais, go raibh fadhb le réiteach, ceart go leor, ach níor thairg sé réiteach.

Is ina dhiaidh sin a thosaigh caint achrannach a mhair thart ar chúig nóiméad agus a chríochnaigh nuair a chuir an Ceann Comhairle an seisiún ar atráth ar feadh cúig nóiméad eile.

Na príomhphointí:

D’iarr Mick Barry, Bríd Smith, Séamus Healy, David Cullinane agus Ruth Coppinger arís, agus arís, agus arís eile, díospóireacht faoin reachtaíocht phá.

Chuir an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl i gcuimhne dóibh, arís agus arís eile, go raibh caint ar a leithéid as ord, de réir an Chláir. D’iarr sé orthu éirí as.

Níor stop an chaint, in ainneoin gur iarr an Ceann Comhairle os cionn 40 babhta ar an gcúigear a bheith ina dtost.

Stróic Bríd Smith cóip den reachtaíocht phá. Arsa an Ceann Comhairle léi: “You can tear up all you like, but please resume your seat.

Dúirt na Teachtaí Dála thuasluaite arís, agus arís eile, go raibh díospóireacht de dhíth. Dúirt an Ceann Comhairle arís eile nach bhféadfaí a n-iarratas a phlé. “This is a rather futile exercise,” a dúirt sé.

Ar deireadh, dúirt Seán Ó Fearghaíl le David Cullinane ó Shinn Féin go gcuirfeadh sé an Dáil ar atráth mura suífeadh sé síos. Níor shuigh. Cuireadh an Dáil ar atráth.

Thosaigh imeachtaí arís tar éis briseadh seacht nóiméad. Chuir an Ceann Comhairle i gcuimhne don Dáil gur socraíodh Dé Céadaoin go bpléifí an reachtaíocht phráinne pá Dé hAoine seo chugainn, agus ina dhiaidh sin arís dá n-iarrfaí breis ama.

Leanadh leis an bplé ar feadh cúig nóiméad eile. Dúirt David Cullinane leis an gCeann Comhairle (“with respect”) nár thuig sé an scéal i gceart.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl leis gur thuig.

Ar deireadh, breis agus cúig nóiméad déag tar éis don Cheann Comhairle a rá go raibh caint ar an ábhar as ord, thosaigh díospóireacht ar an gcéad ábhar eile ar Chlár an lae.

Más léir d’aon léitheoir aon difríocht a bheith ann idir baothchaint mar seo sa 32ú Dáil agus an cineál cainte a chualamar go minic i ngach Dáil eile, cuir scéala chugainn led’ thoil gan mhoill.

* Comhghuaillíocht Fhrith-Dhéine/Daoine Roimh Bhrabach (Anti-Austerity Alliance/People Before Profit)

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar '‘This is a rather futile exercise’ – Ré nua polaitíochta, an bhaothchaint chéanna sa Dáil'