Teipthe ar ‘cainteanna Stormont’ agus diúltaithe ag an DUP d’éileamh ar acht Gaeilge

Mhaígh Arlene Foster tráthnóna go raibh meas aici ar an nGaeilge agus ar lucht a labhartha ach nár léirigh Sinn Féin an meas céanna ar an gcultúr aontachtach agus Briotanach

Teipthe ar ‘cainteanna Stormont’ agus diúltaithe ag an DUP d’éileamh ar acht Gaeilge

Tá teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta Ghaeilge.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster tráthnóna nach raibh aon seans ann go n-athbhunófaí an feidhmeannas agus thug sí le fios arís nach bhféadfadh a páirtí glacadh le hacht don Ghaeilge amháin.

“Le ceithre seachtaine nach mór, tá idirbheartaíocht dhian ar siúl againn le Sinn Féin. Rinneamar iarracht teacht ar bhunús margaidh, maidir leis an déabhlóid a chur ar ais ar a boinn, a bheadh seasmhach agus inmharthana. Níor éirigh leis an bplé sin.

“D’ainneoin go ndearnamar ár ndícheall, tá bearnaí suntasacha agus tromchúiseacha idir muide agus Sinn Féin, go háirithe i dtaobh cheist na Gaeilge,” a dúirt Arlene Foster tráthnóna.

Dúirt Foster go raibh sí “an-soiléir” i gcónaí nach nglacfadh aontachtaithe le hacht don Ghaeilge amháin.

“Is é diongbháilteacht Shinn Féin faoi acht don Ghaeilge amháin a fhágann go bhfuil cúrsaí ina stad.”

Dúirt ceannaire an DUP gur thug sí faoi phlé le daoine “a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus ar mór acu í”  i ndiaidh thoghchán tionóil na bliana seo caite.

“Tá meas agam ar an nGaeilge agus lucht a labhartha ach i sochaí roinnnte ní féidir glacadh le sráid aontreo,” a dúirt Foster.

Mhaígh sí nár léirigh Sinn Féin an meas céanna ar an gcultúr aontachtach agus Briotanach is a léirigh sí féin ar an nGaeilge agus dá bharr sin nach raibh “aon seans” faoi láthair go dtiocfadh feidhmeannas as na cainteanna.

Dúirt sí gur faoi Rialtas na Breataine atá sé anois na cinntí tromchúiseacha buiséid agus eile a dhéanamh don Tuaisceart.

“Is é an cuspóir atá againn i gcónaí rialtas déabhlóidithe lánfheidhmeach agus inmharthana a athbhunú, ach ní ghlacfaimid le margadh aontaobhach,” a dúirt ceannaire an DUP.

Tuairiscíodh roimhe seo gur trí phíosa reachtaíochta ar leith a moladh mar leigheas ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh– reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht do chúrsaí cultúir. Tuairiscíodh chomh maith go raibh socrú casta á phlé a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.

Is léir anois áfach gur sheas Sinn Féin leis an éileamh ar acht don Ghaeilge amháin agus nach raibh an DUP sásta géilleadh dó sin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill tráthnóna gur ar an DUP a bhí an milleán maidir le stad a bheith curtha leis na cainteanna.

“Le 13 mí anuas tá Sinn Féin ag obair chun an feidhmeannas a athbhunú a bheadh bunaithe ar mheas, ionracas agus comhionannas do gach dream sa tsochaí,” a dúirt sí.

Dúirt O’Neill gur ghlac Sinn Féin páirt sna cainteanna “le dea-chroí” agus go ndearna siad “níos mó ná a gceart”.

“D’éirigh linn teacht ar shocrú le lucht ceannais an DUP.  Theip ar an DUP an margadh a chríochnú. Tá deireadh curtha acu leis an bpróiseas seo. Tá na ceisteanna seo fós ann. Tá Sinn Féin anois i dteagmháil leis an dá rialtas agus nochtfar amárach, tar éis machnaimh, ár seasamh. Ba chóir don DUP machnamh a dhéanamh ar a seasamh féin,” arsa Michelle O’Neill tráthnóna.

Fág freagra ar 'Teipthe ar ‘cainteanna Stormont’ agus diúltaithe ag an DUP d’éileamh ar acht Gaeilge'

  • Sráid dhá threo!

    A Arlene, tá tú ag maíomh gur sráid aontreo a theastaíonn ó na Gaeilgeoirí atá ag éileamh cearta teanga. Tá cearta ag na Béarlóirí cheana agus níl aon chearta á ngéilleadh do na Gaeilgeoirí – sin agat do shráid aontreo. Is ag iarraidh sráid dhá threo atáimidne – nílimid ag moladh aon chosc ar Bhéarla, ach mhaith linn cead gluaiseachta don Ghaeilge.