Téann TG4 i ngleic leis an ‘useless dead Language’ arb iontach an rud í a chloisteáil á labhairt

Dhein Ciara Ní É iniúchadh ar conas mar atá ag éirí le pobail ar fud an oileáin ó thaobh na teanga agus ‘saol trí Ghaeilge’ mar rosc catha aici

Téann TG4 i ngleic leis an ‘useless dead Language’ arb iontach an rud í a chloisteáil á labhairt

Ag deireadh na míosa seo caite thug Gaeltacht 2020 éachtaint dúinn ar staid na Gaeltachta sa lá atá ann, idir chraiceann agus chnámha.

Seo chugainn an comhlacht léiriúcháin céanna le Saol trí Ghaeilge (TG4, Dé Céadaoin), clár faisnéise aon uaire a chaitheann súil ar lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Agus tá scata acu ann. Beagnach 74,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, de réir an daonáirimh, agus tá breis is 70% díobh siúd buailte fúthu sa Ghalltacht (téarma nár thaitin liom féin riamh caithfidh mé a rá).

Deir an láithreoir Ciara Ní É linn ag tús an chláir gurb iad “great to hear the aul Irish” nó “why are you speaking that useless dead language,” an dá ráiteas is coitianta a chaitear le Gaeil is iad ag labhairt na Gaeilge. Bleá Cliathach í Ní É, duine nár tógadh le Gaeilge agus nár fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge ach atá báite sa teanga le blianta.

Is éard a chuireann sí roimpi ná fáil amach conas mar atá ag éirí le daoine ar fud an oileáin ó thaobh na teanga agus “saol trí Ghaeilge” mar rosc catha aici.

Vae léi ó Bhaile Átha Cliath go Conamara agus ó thuaidh go Doire agus Béal Feirste. Bhí dreasanna deisbhéalacha filíochta againn ó Chiara go minic agus go nádúrtha pointeáilte a chuir sí caint ar a cuid aíonna.

Ní lia duine ná tuairim, agus ní lia áit ná cur chuige. Ní nach ionadh tháinig ceist na Gaeilge sa chóras oideachais go barr uisce.

D’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh ar Mhicheál Ó Foighil agus labhair bainisteoir Choláiste Lurgan go neamhbhalbh macánta, mar is dual dó. É ag cáiseamh an dochar a dhéanann an córas oideachais don Ghaeilge, an “sraith pictiúr lofa sin” san áireamh.

Lena chois sin bhí sé den tuairim nach bhfuil an tsuim ná an cumas ag leor múinteoirí grá agus cumas sa Ghaeilge a sheachadadh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Is saghas deasghnáth aistrithe saoil iad na coláistí samhraidh féin d’ógánaigh ar fud na tíre agus bíonn siad an-tábhachtach do mhórán ó thaobh a ngaol leis an nGaeilge. Ach cad a tharlaíonn nuair a fhilleann siad ar an mbaile agus ar an scoil?

Dar liom go léiríonn na coláistí samhraidh an nasc tábhachtach idir an Ghaeltacht agus lucht a labhartha taobh amuigh di, nasc atá riachtanach má tá an teanga chun teacht slán.

Bhí an príomhoide meánscoile Colm O’Rourke chomh diongbháilte céanna faoi laigí an chórais oideachais agus é go láidir den tuairim go mba cheart go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus go mbeadh pointí bónais ag dul di sna scrúduithe. “Purgadóireacht” a bhíonn ann do mhúinteoirí a bheith ag múineadh Gaeilge na hArdteiste ag an ngnáthleibhéal, dar leis.

Cé go n-éiríonn go maith leis an oideachas lán-Ghaeilge, agus go bhfuil an-tóir air, cuirtear abhaile orainn sa chlár nach leor sin le pobal teanga a neartú.

Is minic go n-imíonn scoláirí an tumoideachais le cúr abhainn an Bhéarla ceal deiseanna an Ghaeilge a labhairt.

Ábhar dóchais agus tús maith iad tionscnaimh cosúil leis an Pop-Up Gaeltacht agus an “bat-signal” a chuireann siad os cionn na dtithe tábhairne chun na Gaeilgeoirí a mhealladh agus chun a chruthú, mar a dúirt lucht bunaithe an Pop-up, gur “ann” dúinn.

B’údar dóchais ag Ní É chomh maith na healaíontóirí agus ceoltóirí a bhaineann leas as an nGaeilge agus ba léir gur mhór an spreagadh di leis ‘Gaeltacht uirbeach’ iarthar Bhéal Feirste, an lonnaíocht bheag cainteoirí Gaeilge a bhunaigh Seán Mac Seáin is a chomhghleacaithe ar Bhóthar Seoighe agus an obair mhór atá déanta ar son na teanga i gCarn Tóchair.

Bheadh sé suimiúil fáil amach conas mar atá ag éirí leis an teanga sna Líonraí Gaeilge eile a luadh, Cluain Dolcáin, Baile Locha Riach agus Inis.

Cad é an freagra mar sin ar chás na teanga? Tuilleadh oideachais trí Ghaeilge agus tuilleadh deiseanna an teanga a úsáid go sóisialta, an dá phríomh-mholadh a bhí sa chlár bríomhar seo.

Ní haon phort nua é sin, ach an bhfuil aon duine ag éisteacht?

Fág freagra ar 'Téann TG4 i ngleic leis an ‘useless dead Language’ arb iontach an rud í a chloisteáil á labhairt'