Teachtaireacht lom do Shinn Fein agus an DUP agus tacaíocht an phobail do Stormont ag laghdú

Is droch-chomhartha don Fheidhmeannas iad na pobalbhreitheanna go léir le roinnt míonna anuas

Teachtaireacht lom do Shinn Fein agus an DUP agus tacaíocht an phobail do Stormont ag laghdú

Níl an pobal róthógtha le haon cheann pháirtithe an Fheidhmeannais ach tá laghdú suntasach ar thacaíocht don dá mhórpháirtí, Sinn Féin agus an DUP, de réir na pobalbhreithe is deireanaí.

De réir suirbhé a rinne Institiúid an Leinn Éireannaigh in Ollscoil Learpholl tá tacaíocht Shinn Féin tite go 25.3%i gcomparáid le 29% i dtoghchán an Tionóil in 2022 agus 27% i dtoghchán Westminster anuraidh.

Is é Sinn Féin an páirtí is mó i gcónaí, é sé phointe céatadáin chun tosaigh ar an DUP. Tá 19.2% ag an DUP i gcomparáid le 21.3% i dtoghchán an Tionóil in 2022 agus 22% i dtoghchán Westminster inar chaill siad trí shuíochán. Tá na torthaí sin ag teacht cuid mhór le pobalbhreith Lucid Talk dhá mhí ó shin.

Tá siad ag teacht freisin leis an gcaint i measc an phobail atá patuar nó cáinteach faoin bhFeidhmeannas, go leor ag rá gur chuma ann nó as é. De réir na bhfigiúirí i suirbhé Learphoill bheadh an dá mhórpháirtí in éineacht faoi bhun 50% de vótaí an Tionóil den chéad uair ó fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic, an SDLP agus an UUP, in 2003.

Ní hiadsan amháin ata ag cailliúint tacaíochta. Tá dhá aireacht ag Alliance sa bhFeidhmeannas ach tá an páirtí ar 12.6%, titim beagnach pointe ó 2022 agus 2.4 (ó 15% ) anuraidh in olltoghchán Westminster. Is é an UUP an t-aon pháirtí sa chomh-aireacht a mhéadaigh de bheagán ó 2022, agus iad 12% i gcomparáid le 11.2%.

Nocht Lucid Talk an patrún céanna.

Is é páirtí Jim Allister, an TUV, atá ag fás go seasta, is cosúil. Tá sé ar 10.4% ag Learpholl, méadú ó 7.6% in 2022 (agus ar 13% ag Lucid Talk). Tá an DUP ar a dhícheall le tamall ag iarraidh vótóirí a mhealladh ar ais ón TUV ach seans go bhfuil sé fánach acu. ‘Más an TUV atá uait’ arsa vótóir le Tuairisc ‘cén fáth a gcaithfeá vóta do scáil an TUV’.

Tá oiread na fríde de mhéadú ag an SDLP ar 9.2% i gcomparáid le 9.1%, agus is údar díomá dá gceannaire Claire Hanna é nár bhain siad buntáiste as bheith sa bhfreasúra. Seans gur údar dóchais di é gurb é an SDLP an páirtí is mó a dtabharfadh daoine an dara rogha dó.18% de dhaoine a dúirt go ndéanfadh siad amhlaidh. Tá méadú ag Pobal roimh Bhrabach ó 1.1% go 2.6% agus léim mhór ag an gComhaontas Glas, ó 1.9% go 5.1%. Cheapfainn gur Sinn Féin agus Alliance a bheadh thíos leis an méadú ar vótaí an dá mhionpháirtí sin. Sí an cheist cá ngabhfadh a gcuid aistrithe.

Go ginearálta is droch-chomhartha don Fheidhmeannas iad na pobalbhreitheanna go léir le roinnt míonna anuas, an ceann seo ón Institiúid in Ollscoil Learpholl san áireamh.

Níor ghríos an casadh sin chun gnímh iad, áfach. Beidh am ag na páirtithe sa chomh-aireacht chun cruthú níos fearr i mbun a ngnóthaí idir seo agus an toghchán Tionóil i mBealtaine 2027 – má thograíonn siad . Beidh bochtáin, lucht gnó, mic léinn, lucht úsáidte na mbóithre, daoine breoite agus go leor eile ag súil le hathrú, ach gan a bheith ródhóchasach go bhfeicfidh siad a leithéid, seans.

Léirigh suirbhé Learpholl laghdú ar thacaíocht d’Éirinn aontaithe le bliain, titim 1.2% go 40.6%. Bhí 59.4% i bhfabhar fanacht san Ríocht Aontaithe. Mar sin féin thuairisc Learpholl go raibh méadú 5.6% ar thacaíocht d’Éirinn aontaithe ó 2017. An céatadán ba mhó tacaíochta ná 47.3%, san aoisghrúpa idir 18-34. As an ngrúpa go mbeadh an dá thaobh ag iarraidh iad a mhealladh i reifreann, daoine nach náisiúnaithe ná aontachtaithe iad, bhí 24% i bhfabhar Éire aontaithe, 40.9% ina choinne agus 35% éiginnte.

Níor mheas ach 2.3% díobh sin a ghlac páirt sa suirbhé gur cheart don bhFeidhmeannas tosaíocht a thabhairt don cheist bhunreachtúil. Ba iad cúrsaí sláinte, eacnamaíochta, tithíochta agus oideachais na hábhair a bhí ag dó na geirbe ag vótóirí. Teachtaireacht lom do Shinn Fein agus an DUP.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht lom do Shinn Fein agus an DUP agus tacaíocht an phobail do Stormont ag laghdú'