‘Teach an phobail’ ag dúnadh san Ísiltír…cheal pobail

Tá 280 teach pobail i ndeoise Utrecht faoi láthair, ach deir easpag na deoise sin go mbeidh 270 díobh á ndúnadh go luath

‘Teach an phobail’ ag dúnadh san Ísiltír…cheal pobail

Le deireanas, is minic an chléir in Éirinn ag tabhairt amach faoi Chaitlicigh nach dtéann ar Aifreann, ach bheadh a macasamhla san Ísiltír go mór in éad leo.

Dar le hardeaspag Utrecht, Willem Eijk, gur dóichí ná a mhalairt nach mbeidh an tAifreann á rá ach i ndeich gcinn de thithe pobail ina dheoise, an ceann is mó san Ísiltír, as seo go ceann deich mbliana. Tá 280 teach pobail i ndeoise Utrecht faoi láthair, ach in agallamh leis an nuachtán áitiúil De Gelderlander an deireadh seachtaine seo, deir an t-easpag Eijk go mbeidh ar 270 de na tithe pobail sin a ndoirse a dhúnadh go luath – cheal pobail. 

Dar leis an easpag go bhfuil deich faoin gcéad de na paróistí ina dheoise ‘ionann is bancbhriste’ cheana féin. Seanfhoirgnimh ársa iad cuid mhaith de na tithe pobail i ndeoise Utrecht agus tá costas mór ag baint lena gcaomhnú agus lena gcothabháil.

Ar an bpobal – agus ní ar an Eaglais Chaitliceach ná air féin – a bheidh an locht má dhúnfar 270 séipéal as seo go ceann deich mbliana, a deir Eijk.

‘Ní hiad siúd a bhíonn fós ag dul ar Aifreann go rialta ná mise is cúis leis go mbeidh na tithe pobail sin ag dúnadh, ach iad siúd a fhanann sa bhaile agus nach dtugann ofrálacha.’

Deir 3.5 milliún duine san Ísiltír gur Caitlicigh iad, ach de réir na bhfigiúirí is déanaí ní théann ach 173,500 acu sin ar Aifreann go rialta agus is i laghad atá a líon ag dul: tá pobal na n-aifreannach ag dul in aois, agus bíonn titim 5 nó 6 faoin gcéad ar a líon gach bliain.

Mura mbeidh fágtha i ndeoise Utrecht faoi cheann deich mbliana ach deich séipéal, mar atá á thuar ag an easpag Eijk, beidh ar na paróistí cónascadh agus beidh ar chuid den phobal taisteal i bhfad le dul ar Aifreann. Deir Eijk nach mbeadh fágtha san Achterhoek, ceantar láidir Caitliceach in oirthear na hÍsiltíre atá ar cóimhéid le Conamara, ach dhá shéipéal.

De réir na bhfigiúirí is déanaí (2014), is Caitlicigh iad 24% de mhuintir na hÍsiltíre. Protastúnaigh iad 16%, Moslamaigh iad 5% agus baill de reiligiúin eile iad 6%. Níl reiligiún ar bith ag leath den daonra, agus tá líon na ndaoine nach bhfuil aon chreideamh acu ag dul i méad seasta.

Fág freagra ar '‘Teach an phobail’ ag dúnadh san Ísiltír…cheal pobail'

  • murchadh

    Tuigtear dóibh siúd nach bhfreastalaíonn ar Aifreann, b’fhéidir, nach insa teach pobail a thiocfaidh siad ar ghrá Dé.

  • An Teanga Bheo

    Nach bhfuil an scéal ceanna fíor thart i nGaillimh go minic níl aifreann Domhnach ann níos mó !