Tarraingíonn muid 22,000 anáil chuile lá, tabhair aird ar fiú ceann acu agus beidh faoiseamh agat

Sa saol gnóthach a bhíonn againn, is furasta dearmad a dhéanamh gur uirlis shimplí agus chumhachtach an t-análú chun an intinn a shuaimhniú agus athcheangal a dhéanamh linn féin

Tarraingíonn muid timpeall 22,000 anáil chuile lá, agus fós, den chuid is mó, déanaimid dearmad aird a thabhairt ar fiú anáil amháin díobh sin. Sa saol gnóthach a bhíonn againn, is furasta dearmad a dhéanamh gur uirlis shimplí agus chumhachtach an t-análú chun an intinn a shuaimhniú agus athcheangal a dhéanamh linn féin.

Téann go leor againn tríd an saol ag análú díreach a ndóthain le maireachtáil. Ach nuair a thugaimid ár n-aird ar chumhacht na hanála, tuigeann muid go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná feidhm bhitheolaíoch amháin. Tugann dea-nósanna análaithe deis dúinn a bheith ‘i láthair’, na mothúcháin a rialú agus imní a mhaolú.

Mo thaithí féin leis an análú

Bhí suim agam fhéin san análú mar uirlis le strus a mhaolú ó bhí mé óg. Mar dhéagóir, bhíodh imní orm go minic agus ní raibh a fhios agam cén chaoi le déileáil leis. Thug mo mháthair chuig rang machnaimh mé, agus is ann a d’fhoghlaim mé faoin análú mar uirlis shimplí chun faoiseamh a fháil. Le himeacht ama, thuig mé go bhfuil ár n-anáil linn i gcónaí. Tá na buntáistí a bhaineann leis an obair anála anois i gcroílár mo shaoil agus mo chuid oibre. Rud é a chabhraíonn liom féin agus le daoine eile spás agus faoiseamh a fháil ina saol. Is iomaí lá ó shin go raibh m’anáil mar sheanchara liom nuair a bhí an saol deacair.

Céard is obair anála ann?

Is é atá in obair anála ná dul i dtaithí ar aird chomhfhiosach a thabhairt ar an análú, agus an anáil a úsáid chun leasa d’intinne, do mhothúchán agus do cholainne. Tugann obair anála cúnamh dúinn an córas néarógach a rialú freisin.

Is féidir léi cabhrú linn an imní agus an strus a ruaigeadh agus suaimhneas a thabhairt dúinn taobh istigh de chúpla nóiméad. Ach an obair anála a chleachtadh go rialta, is uirlis an-éifeachtach í a thacaíonn leis an mothú go bhfuil tú ‘i láthair’ agus aird agat ar an rud atá timpeall ort. Mothaíonn tú socair ionat féin.

Cén fáth go bhfuil análú tábhachtach?

Tá nós againn breathnú taobh amuigh dínn féin nuair a theastaíonn faoiseamh uainn – níos mó caiféine a ól le dúiseacht, níos mó scrollála a dhéanamh ar an bhfón chun éalú ó mhíchompord istigh, nó iarracht a dhéanamh smacht a chur ar an saol thart orainn le go mothóidh muid slán. Cuireann an t-análú bealach eile ar fáil dúinn le faoiseamh a fháil — bealach inmheánach a nascann muid lenár gcroí féin.

I mo chuid oibre féin le daoine gairmiúla, tuismitheoirí agus scoláirí, feicim go dtugann an t-análú spás do dhaoine. Cruthaíonn sé spás — spás idir an spreagadh agus an freagra, idir an rud a tharlaíonn agus an chaoi go ndéileálfaidh tú leis.  Tugann sé an spás duit le freagairt stuama a thabhairt ar rudaí a tharlaíonn seachas a bheith ag frithghníomhú.

Deir daoine liom go bhfuil an obair anála cosúil le cnaipe athshocraithe nár tuigeadh dóibh é a bheith acu.  Deir daoine go mothaíonn siad níos éadroime ina diaidh, go mbraitheann siad ceangal níos láidre leo féin nó go mbíonn siad ag codladh I bhfad níos fearr ina diaidh.

Bain triail as – seo leat, cleachtas an-simplí

Análú an bhosca

  • Tarraing anáil isteach tríd do shrón ar feadh ceithre shoicind
  • Coinnigh d’anáil istigh ar feadh ceithre shoicind
  • Análaigh amach ar feadh ceithre shoicind tríd do bhéal
  • Ná tarraing anáil ar bith ar feadh ceithre shoicind

Glac sos gearr agus tabhair faoi arís trí nó ceithre bhabhta.

Tabhair faoi deara cén chaoi a bhfuil do cholainn agus d’intinn ag mothú ina dhiaidh sin, fiú tar éis cúpla babhta.

Is féidir an cleachtadh seo a dhéanamh cibé áit a mbíonn tú, ag do dheasc, sa gcarr, roimh chruinniú, ag luí sa leaba ar maidin, nó ag deireadh an lae roimh dhul a chodladh.

Cuireadh chun sos beag a ghlacadh

Má tá tú ag mothú faoi bhrú, buartha nó scoite, tarraing anáil dhomhain. Ní bhíonn de dhíth ach anáil amháin a tharraingt go comhfhiosach chun cúrsaí a athrú.

Bíodh muid ag análú lena chéile.

  • Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais anseo

Fág freagra ar 'Tarraingíonn muid 22,000 anáil chuile lá, tabhair aird ar fiú ceann acu agus beidh faoiseamh agat'

  • WTF

    Grmama. Nach suntasach an ní é gurb ionann brí do ‘anáil’ agus ‘tionchar’ sa Ghaeilge freisin!