Deontas ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta chun lóistín a thógáil do choláistí samhraidh

D’fhógair an tÚdarás go bhfuil deontas ceadaithe chun tacú le tithe  nua i mBaile an Fheirtéaraigh atá á bhforbairt le dul i ngleic leis an easpa lóistín atá ag cur isteach ar choláistí samhraidh Gaeilge

Deontas ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta chun lóistín a thógáil do choláistí samhraidh

Tá deontas €275,000 le cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt tithíochta nua i gCorca Dhuibhne a chuirfidh lóistín ar fáil do dhaltaí an choláiste samhraidh sa gceantar.

D’fhógair an tÚdarás inniu go bhfuil an deontas ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta chun tacú le togra tithíochta nua i mBaile an Fheirtéaraigh a dhíreoidh ar an ngéarchéim lóistín atá ag cur isteach ar choláistí samhraidh Gaeilge.

Tá an Comharhchumann ag tabhairt faoi cheithre theach trí stór a thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh. Beidh cúig sheomra leapa i ngach teach, agus áit do 12 foghlaimeoir Gaeilge i ngach ceann. Ligfear na tithe ar cíos le daoine a choinneoidh foghlaimeoirí Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, go bhfuil an togra “ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí le tacú le todhchaí na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht”.

“Ní hamháin go gcuirfidh sé le hinfheistíocht sa phobal áitiúil, ach tacóidh sé freisin le cur chun cinn na Gaeilge agus le cothú na hóige,” a dúirt sé.

Cuirfear an t-airgead ar fáil faoin scéim Deontais Caipitil Tithíochta. Faoin scéim, cuirtear deontas caipitil 10% ar fáil suas go huasmhéid €300,000 d’eagrais forbartha pobail sa Ghaeltacht atá ag fáil deontas reáchtála ón Údarás le cur ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar thograí beaga tithíochta, a bhíonn bunaithe ar chur chun cinn na teanga.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidio na Gaeltachta, ghabh Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, buíochas le hÚdarás na Gaeltachta as an deontas a chur ar fáil. Dúirt sé go “dtuigeann an tÚdarás go bog” na deacrachtaí tithíochta atá ann sa nGaeltacht agus an “bánú” atá ar bun.

Dúirt Ó Sé gur chuir an Comharchumann iarratais isteach “ar gach aon sórt deontas” don togra seo ach gurb é an tÚdarás “an t-aon dream sa stát a thug an tacaíocht seo dúinn”.

Mheas Ó Sé go gcosnódh sé thart ar €500,000 in aghaidh an tí na ceithre theach a thógáil. Dúirt sé, áfach, go bhféadfadh gach teach idir €70,000 agus €100,000 sa mbliain a thabhairt isteach don Chomharchumann, a riarann Coláistí Chorca Dhuibhne, ag brath ar cé mhéad daltaí a bheadh ag fanacht iontu.

Dúirt Ó Sé gur dóigh leis go mbeadh an múnla seo in úsáid ag coláistí samhraidh Gaeltachta eile amach anseo agus an earnáil ag iarraidh dul i ngleic le heaspa ban tí. 32 teaghlach a chuireann lóistín ar fáil do Choláistí Chorca Dhuibhne i láthair na huaire ach dúirt Ó Sé go raibh roinnt mná tí nach mbeadh ar fáil an bhliain seo chugainn.

Dúirt sé go raibh bunsraitheanna na dtithe i mBaile an Fhéirtéartaigh críochnaithe agus go raibh an obair ar leagan na mbloc ag tosú inniu. Tá súil ann go mbeidh na tithe réidh le lóistín a chur ar fáil do dhaltaí faoi 2027.

Tá suim léirithe cheana féin ag deich dteaghlach na tithe a thógáil ar cíos agus dúirt Ó Sé go raibh coiste bunaithe chun dul i dteagmháil leo agus agallaimh a dhéanamh.

Dúirt Ó Sé go raibh an Comharchumann fós ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an seanchlochar atá i mBaile an Fhéirtéaraigh agus go bhféadfaí 42 leaba a chur ar fáil ann. Dúirt sé go raibh cás gnó réitithe agus go raibh sé á mheas ag Comhairle Contae Chiarraí.

Fág freagra ar 'Deontas ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta chun lóistín a thógáil do choláistí samhraidh'