‘Ní mhothaíonn muid mar chuid den Eoraip anseo,’ arsa an freastalaí óg liom, ‘mothaíonn muid mar chuid den Afraic.’
Bhí mé féin is mo bhean i mbialann bheag ghleoite ar oileán Naxos na Gréige, ag baint suilt as an ghrian agus as na sailéid bhlasta agus ag comhrá linn.
Dúirt sé linn gur €850 sa mhí an gnáth-thuarastal ag a mhacasamhail, nárbh fhéidir árasán a cheannach agus gur beag deiseanna a bhí ar fáil ag an aos óg ar oileán bheag i lár na Mara Aeigéiche.
Tá sé amhlaidh i gcuid mhór tíortha ina mbíonn an bhochtaineacht, an áilleacht agus an turasóireacht in éineacht agus bíonn an fhlaithiúlacht go minic leo sa mheascán.
I ndiaidh dúinn an Hotel Palatia ar Naxos a bhaint amach lá mall (thuirling muid den bhád farantóireachta ar an oileán chontráilte – ná cuir ceist) dúirt an t-úinéir go raibh rudaí socraithe aige le booking.com agus nach mbeadh a dhath sa bhreis le híoc.
Thug sé isteach sa seomra muid agus, ag amharc amach ar an fhuinneog, bhí trá de ghaineamh bhán ag bualadh le farraige ghormghlas thíos fúinn.
Bhí Naxos chomh hálainn, suaimhneach agus muintir an oileáin chomh forbhfáilteach sin gur fhan muid cúig lá ann, in áit an dá lá a bhí beartaithe againn, tréimhse a chaith muid ag snámh, ag spaisteoireacht agus ag comhrá le bunadh na háite.
Is é Teampall Apalló an séadchomhartha is mó clú ar an oileán, geata ollmhór marmair, a bhí mar chuid de theampall a théann siar go 530 RC.
Bailíonn daoine anseo le hamharc ar luí na gréine, míorúilt laethúil ón nádúr. Agus muid ann, i ndiaidh don ghrian imeacht as radharc, thosaigh ráth deilfeanna ag súgradh san uisce thíos fúinn.
Ní dhéanfaidh mé dearmad den tsuaimhneas anama a thug an t-eispéireas sin dom an oíche sin.
I ngan fhios dúinn, ceiliúrann an Eaglais Cheartchreidmheach an Cháisc níos moille ná mar a dhéantar san iarthar mar sin, bhí sráideanna agus tithe pobail an oileáin ag cur thar maoil le daoine agus atmaisféar spleodrach faoin áit, coinneáil ag gach duine agus tinte ealaíne ag pléascadh os ár gcionn agus ceol eaglasta le cluinstin.
Bhí an ceiliúradh ag dul ar aghaidh san Aithin fosta, cathair ina bhfuil an t-ársa agus an nua-aimseartha ina suí taobh le taobh anseo “i gcliabhán an daonlathais”.
An chéad tráthnóna sa phríomhchathair, amach linn fá choinne greim bia agus de thaisme bhí coirm cheoil faoin ghrian ag dul ar aghaidh, na sluaite ina suí timpeall ag éisteacht le ceol binn de chuid na Gréige, an Partanón ag breathnú go maorga anuas orainn.
Tá lár na hAithne beoga le heaglaisí beaga agus le bialanna ach ní haute cuisine a gheobhaidh tú mura bhfuil pócaí móra agat ach má tá tú sásta le souvlaki (feoil agus glasraí ar chipíní le prátaí rósta agus sailéad) íosfaidh tú do sháith.
An dara lá, d’éalaigh muid ar an tram a fhad le trá fhada Edem le seal bolg le gréin a dhéanamh, Clannad sna cluaisíní, beoir fhuar taobh linn agus an saol go maith.
Níor chaith muid ach dhá lá taiscéalaíochta san Aithin mar bhí ár dtriall ar na hoileáin.
Chuaigh muid go Paros agus go Santorini ach ba é Naxos an t-eispéireas ab fhearr a bhí againn ar an chuairt ghearr seo ar an Ghréig.
Fág freagra ar 'TAISTEAL: Suaimhneas anama le fáil ar oileán Naxos na Gréige'