Taispeántas ealaíne in ómós d’oileáin na hÉireann, Féile Joe Éinniú i gCarna, Aiséirí an ‘Phoenix’ ag Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Taispeántas ealaíne in ómós d’oileáin na hÉireann, Féile Joe Éinniú i gCarna, Aiséirí an ‘Phoenix’ ag Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne

TAISPEÁNTAS EALAÍNE

> ENTER Image Name+Size

Taispeántas Ealaíne le Pamela de Brí

‘Ar an ImeallOn the Edge’

Tá 258 oileán ar chósta na hÉireann agus cuid mhaith acu treafa ag an ealaíontóir Pamela de Brí le roinnt blianta. Tá tírdhreach, pobal, stair agus dán na n-oileán sin scrúdaithe agus cíortha ag Pamela in ómós don phobal a chónaíonn iontu inniu nó a mhair orthu san am a caitheadh.

Sa taispeántas nua seo féachann Pamela le croí is anam trí scór de na hoileáin sin a léiriú ina cuid ealaíne mar is cuid bhunúsach dá tuiscint ar an ealaín go mbeadh sí ceangailte leis an bpobal ónar eascair sí nó a spreag í.

Mar bharr maise ar an taispeántas ealaíne seo beidh leabhar dátheangach faoi na hoileáin á fhoilsiú ag Pamela faoi Shamhain.

Beidh an taispeántas nua seo á sheoladh i nGailearaí Chill Choca, Sráid na Scoile i gCill Choca an Satharn beag seo idir a 3.00pm agus a 5.00pm agus beidh an ealaín le feiceáil ansin go dtí tús an Mheithimh.

Gach eolas anseo.

FÉILTE

Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Beidh Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar bun ó 2 go 10 Bealtaine in ionaid éagsúla ar fud chathair na Gaillimhe. Cuirfidh Taibhdhearc na Gaillimhe léiriú den dráma Dathanna Geala Amháin le Pauline Gordon, ar stáitse ag tosú ar an 3 Bealtaine. Dráma aonair dúghrinn atá ann, agus é ag tarraingt ar thórramh na hÉireann mar thobar inspioráide.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun le linn na féile, beidh ceardlann gluaiseachta agus teanga leis an damhsóir Siobhán Ní Dhuinnín. Tá an cheardlann dírithe ar ealaíontóirí téatair, léirithe agus rince agus díreofar ar úsáid na teanga, go háirithe an Ghaeilge mar fhoinse don chruthaitheacht, don chur i láthair agus don ghluaiseacht.

Ticéid agus clár na féile anseo.

Féile Joe Éinniú i gCarna

Beidh Féile Joe Éinniú ar siúl i gCarna, Conamara ón 2-5 Bealtaine, 2025. Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine, 2 Bealtaine, tráth a mbeidh fáiltiú agus oscailt oifigiúil na féile le Odí Ní Chéilleachair in Áras na hOllscoile. Beidh taispeáint eile ar an scannán faisnéise Carna an Cheoil agus na nAmhrán i ndiaidh na hoscailte agus cuirfear clabhsúr leis na himeachtaí oscailte le seisiún ceoil agus amhránaíochta Tigh Mheaic.

Cuirfear ceardlanna ceoil, amhránaíochta agus damhsa ar fáil i gcaitheamh na maidine ar an Satharn, agus mórsheisiún amhránaíochta na féile Tigh Mhóráin i lár an lae. Beidh ceolchoirm na féile ar bun an tráthnóna sin agus Orla Ní Fhinneadha ina bean an tí. Ar an Domhnach beidh Aifreann na Féile á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin. I measc na n-imeachtaí eile beidh comórtais amhránaíochta na n-óg ar bun agus seolfar an t-albam Ceiliúradh 50 Bliain: PJ agus Marcus Hernon.  

Tá eolas agus clár na féile ar fáil ar leathanach Facebook Fhéile Joe Éinniú.

Aiséirí ‘an Phoenix’ le ceiliúradh ag Féile na Bealtaine

Beidh Féile na Bealtaine ar bun i gCorca Dhuibhne ón 1-5 Bealtaine. Tá an fhéile seo ar an bhfód le os cionn 30 bliain agus clár mór imeachtaí leagtha amach do chúig lá  na féile arís. Beidh mórshiúl na féile ar siúl arís i mbliana agus ceiliúradh á dhéanamh ar an scéal go mbeidh pictiúrlann an Phoenix sa Daingean á hathoscailt.

Téama an fhéinics agus na haiséirí atá ag an bparáid, é faoi stiúir Sheila Kelleher, stiúrthóir ealaíne na féile, agus á chur i láthair ag meitheal mhór ealaíontóirí agus daoine eile sa bpobal.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh ceolchoirm le Máire Breathnach in An Díseart agus í ag cur píosa ceoil nuachumtha Cosán na Naomh i láthair Lá Bealtaine. Beidh ceol le Bernie Pháid agus Cormac de Barra i McCarthy’s ar an Aoine, an 2 Bealtaine, agus Lisa Hannigan ag seinm ar an 3 Bealtaine.

Tá gach eolas agus clár na féile anseo.

LÉIRIÚ

Seó na Bealtaine ag Cleamairí Bhéal Feirste

Beidh seó na Bealtaine á chur i láthair ag Cleamairí Bhéal Feirste ar an Satharn an 3 Bealtaine ag 1.oo i.n. i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bunaíodh an grúpa leis an traidisiún cleamaireachta a chur os comhair an phobail agus a chur chun cinn.

Déanann siad seónna trí Ghaeilge, i mBéarla agus go dátheangach. Bíonn siad ag ceiliúradh na bhféilte Ceilteacha agus ag cur seónna i láthair atá bunaithe ar na nósanna a bhain go traidisiúnta leis na féilte Ceilteacha.

Tuilleadh eolais anseo.

Albam début Emer O’Flaherty á sheoladh ag Féile na gConsairtín  

Beidh ceolchoirm speisialta inniu in Eaglais Naomh Columba in Inis leis an albam début le Emer O’Flaherty a sheoladh. Tá cead isteach in aisce go dtí an cheolchoirm ag a seolfar an t-albam Go dTí Seo leis an amhránaí, cumadóir ceoil agus amhrán as Inis ó dhúchas.

Sheinn sí ag seónna aonair ag féilte i nDún Éideann agus i bPrág agus tá go leor duaiseanna don amhránaíocht thraidisiúnta agus chomhaimseartha gnóthaithe aici ag comórtais Oireachtas na Gaeilge. Bhuaigh sí comórtas náisiúnta agus idirnáisiúnta Phan-Cheilteach d’amhrán nua-chumtha in éineacht le Paddy Mulcahy agus Angelo Heart don amhrán ‘Taibhse’.

Tá tuilleadh eolais faoi sheoladh Go dTí Seo le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Taispeántas ealaíne in ómós d’oileáin na hÉireann, Féile Joe Éinniú i gCarna, Aiséirí an ‘Phoenix’ ag Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne'