Táimidne Gaeil an-cheanúil ar Jim Sheridan, ach níl a ‘Secret Scripture’ thar mholadh beirte

LÉIRMHEAS: Murach áille is gaisce Vanessa Redgrave agus sárthacaíocht Rooney Mara bheadh an togra ar fad gan dealramh.

Táimidne Gaeil an-cheanúil ar Jim Sheridan, ach níl a ‘Secret Scripture’ thar mholadh beirte

‘The Secret Scripture’, le Jim Sheridan

Cliar: Vanessa Redgrave, Rooney Mara, Eric Bana, Theo James, Jack Raynor, Tom Vaughan-Lawlor, Aidan Turner.

Táimidne Gaeil an-cheanúil ar Jim Sheridan. Buachaill Shráid an tSirriam, gaiscíoch na muintire dearóile i lár na cathrach tagtha in inmhe le flosc. Ghnóthaigh sé leathdhosaen ainmniúchán pearsanta Oscar. Thairis sin, ina aonar geall leis, ba é Jim Sheridan tionscal scannán na hÉireann sna nóchaidí, – ‘My Left Foot’, ‘The Field’, ‘In the Name of the Father’.

Labhraíonn Jim Sheridan don chosmhuintir. Níl ribe den mhustar ná den chur i gcéill ag baint leis. Laoch an phobail. 

Bhí scata de threallchogaithe sóisialta Apollo House ina n-aíonna pearsanta ag Jim ag seoladh mór galánta ‘The Secret Scripture’ ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Audi sa Savoy an oíche fá dheireadh. Thugas mo ghártha áthais is mo bhuíochas dó as sin. Ach goilleann sé orm go gcaithfidh mé a thuairisciú nár tugadh ach bualadh bos patuar don scannán ag an deireadh, agus rómhaith a thuigim an chúis a bhí leis sin.                   

Moladh patuar agus íde na muc is na madraí a fuair an scannán seo chomh maith ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Toronto sa bhFómha. Fáilte shuarach, thall is abhus, d’fhéadfá a rá.

Ní thugann sé puinn sásaimh dom a admháil go bhfuil iarracht den cheart ag Sam Fragoso, ‘The Wrap’, a dúirt – The ending of this movie is monumentally, historically, even catastrophically bad. Its big reveal is so mind-numbingly asinine….it’s agonizing.’

Ach tá ‘The Secret Scripture’ i lár na bualtraí i bhfad Éireann sula dtagaimid go dtí na teidil chreidiúna deiridh. Sin in ainneoin go gcruthaíonn formhór na n-aisteoirí taispeántais atá réasúnta feidhmiúil, ar a laghad. Tá Vanessa Redgrave (‘Lady’ Rose) thar barr ar fad. Agus is beag atá idir í agus Rooney Mara (Rose, ina bean óg). Ansin caith isteach sa phota Mikhail Vladimirovic Krichman, fear lionsa den chéad grád, agus ba cheart go mbeifeá ar mhuin na muice.

Incheidteacht, plota, struchtúr agus pearsantachtaí, b’in cuid de na laigí a bhí ar an mbunleabhar nach raibh de leigheas orthu ach ‘fuilfest’ sceanairte, nó fleá chraois is chraicinn athscríofa. Mo léan, d’fhan Jim Sheridan ródhílis don bhunscéal. Agus ansin tosaíonn Sebastian Barry, údar, ag tabhairt amach faoin méid a d’athraigh sé.  Loscadh nó crochadh, tá faighte amach ag Jim Sheridan bocht gurb é an dá mhar a chéile é!    

Is í Vanessa Redgrave, ‘Lady’ Rose McNulty, seanbhean chríonna, an t-aon ‘othar’ atá fágtha i nGealtlann Shligigh. Áit ar daoradh í ina ‘nimfeamáineach’, ar fhocal an tsagairt pharóiste, agus toisc gur ‘mharaigh sí a leanbh’, ar fhocal an tsáirsint, i bhfad i bhfad ó shin in Éirinn De Valera na bliana 1942.

Sea, a chairde, tá muid i ngort torthúil na dtróp reibhiseanach. Cuirfidh mé geall leat – ní fada anois uainn sa script an bulaí IRA-man McCabe (Tom Vaughan-Lawlor) agus an t-IRA-man ‘deas’ Michael McNulty (Aidan Turner). Beidh fear as an áit againn a liostáil chun troid ar son na Breataine (Jack Reynor), beidh banaltra ‘thuisceannach’ (Susan Lynch) agus bitseach chríochnaithe de bhean rialta, Sr. Mary (Geraldine McAlinden).

Agus ní shílim gur drochgheall a bheadh ann a rá go mbeidh Sagart Paróiste ollchumhachtach ann, craptha fá ualach na gclaonmhianta gnéis a bheidh brúite faoi chois. An bhfuil an ceart agam? Tá. Sin Fr. Gaunt (Theo James), ag sodar le teann drúise i ndiaidh Rose óg (Rooney Mara). Is í atá ina siocair pheaca dó. Ar an mbean, ar ndóigh, atá an locht an t-am ar fad, nach ea?   

Bhfuil éinne fágtha as an áireamh agam? Ó, tá! Cá bhfuil an gaimbín de shlíomadóir claon a chaitheann, gan dabht, vóta ar son Fianna Fáil? Sin bainisteoir na gealtlainne (Aidan Dunbar), an fear a thugann bata agus bóthar do na háitritheoirí, le fuadar míchuí, chun go ndéanfaí só-spá cúig réalt d’óstán as an áit.

Is ait liom nach raibh aon spás ann don bhunmhúinteoir a bhrúfadh an Ghaolainn siar sna scornacha le brúidiúlacht agus batráil. Nárbh fhearr an paca iomlán cártaí agat a bheith agat? Sin é mo mholadh don athdhéanamh!

Glacaim leis go dtuigeann tú nach róthógtha a bhíos leis mar scannán.

Ach, thairis sin uile, cad mar gheall ar éacht Vanessa Redgrave sa phríomhpháirt – bean a chéad chonac i ‘Blow Up’ Antonioni sa Curzon i Mayfair Londain, mí Lúnasa 1968. Tá Redgrave iomlán inchreidte, ina colainn is ina hanam is a hintleacht.

Ach, a Jim Sheridan, cad faoi ndear na Spitfires sna spéartha os cionn Chontae Shligigh? Cad faoi ndear aonad de chuid an IRA a bheith sa tóir ar phíolóta, a caitheadh chun talún le linn an dara cogadh domhanda, chun é a chur chun báis? Cad faoi ndear Ardeaspag Ard-Deoise Shligigh, sa lá atá inniu ann, in ainm Chroim, agus smacht fós aige ar chúrsaí sláinte, ag cur an tsíciatraí Dr. William Grene (Eric Bana) chun scrúdú a dhéanamh ar shean-Rose?

Is é mo ghéarghoin tinnis nach é sin an Jim Sheridan céanna a thug My Left Foot, The Field, agus In the Name of the Father dúinn.

Teipeann ar script an scannáin, agus, is leasc liom é seo a rá, ach b’fhéidir go dteipeann ar ionracas an scannáin chomh maith céanna. Agus sin, anuas ar na teipeanna a fheicimse i mbunleabhar Sebastian Barry. Teipeanna iad, beag beann ar ráchairt is díolachán agus an an t-ainmniúchán ait Booker sin.

Murach áille is gaisce Redgrave agus sárthacaíocht Mara bheadh an togra ar fad gan dealramh.

Neamh-inchreidteacht, plota áiféiseach agus farasbarr stoc-charachtair chairtchláir cuid de na fadhbanna dosháraithe a chuireann an scannán go tóin poill i ndeireadh na dála.

Ní thugann sé puinn sásaimh dom an méid sin a rá, ach is minic an fhírinne searbh.

Fág freagra ar 'Táimidne Gaeil an-cheanúil ar Jim Sheridan, ach níl a ‘Secret Scripture’ thar mholadh beirte'