Tá ball de CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann, club Gaeltachta i nDún na nGall, ag súil go bhfaighidh dhá rún faoin nGaeilge a ritheadh ag cruinniú cinn bhliana LFGA Dhún na nGall tacaíocht náisiúnta ag comhdháil an LGFA i Márta 2026.
Níos luaithe i mbliana dhiúltaigh LGFA [Peil na mBan] Dhún na nGall cás smachtaithe a bhain le beirt chailíní ó CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann a éisteacht i nGaeilge, cé go raibh siadsan ag iarraidh an cás “a dhéanamh i nGaeilge”.
Éilíodh sa chéad rún a ritheadh ag an chruinniú go mbeadh leagan Béarla agus Gaeilge ar fáil den Treoir Oifigiúil agus go bhfoilseofaí “rialacha agus cóid an chumainn ina n-iomláine i nGaeilge agus i mBéarla”.
71 duine a bhí ar son an chéad rúin agus ní raibh duine ar bith ina choinne. Glacadh leis an dara rún chomh maith, 45 duine ar son an rúin agus 9 ina choinne.
Moladh sa dara rún a ritheadh go ndéanfaí uasdátú ar an Treoir Oifigiúil chun go mbeadh “an ceart ag baill nó Aonad ar bith dár gCumann éisteacht a lorg a bheadh déanta tré mheán na Gaeilge i gcás nithe ar bith atá clúdaithe faoi rialacha CODA”.
“Caithfear aon iarratas dá leithéid a cheadú, agus ní mór don Chumann Náisiúnta éascaíocht a chur ar fáil chun na hiarratais sin a éisteacht trí choistí a chur ar fáil chun iad a láimhseáil.”
Deir Dónal Ó Searcaigh a chur na rúin chun cinn go bhfuiltear ag súil go nglacfar leis an chéad rún ag comhdháil an LFGA ar an bhliain seo chugainn ach go mbeidh “a lán cainte” faoin dara rún agus go mbeidh sé “níos deacra” an rún sin a rith.
Ag labhairt dó le Tuairisc, deir Ó Searcaigh go bhfuil siad ag iarraidh ar Pháirc an Chrócaigh “painéal éisteachta” a chur le chéile chun go mbeadh an LGFA ábalta freastal ar na cumainn ar mhaith leo éisteachtaí “a dhéanamh i nGaeilge”.
Dúirt sé go bhfuil an LFGA “rud beag falsa” nuair a thagann sé go cúrsaí Gaeilge agus go bhfuil “cuidiú” de dhíth orthu anois ó na clubanna Gaeltachta agus clubanna eile ar fud na tíre chun go n-éireoidh leis an dá rún seo.
Deir sé go bhfuil na leasuithe atá á moladh aige féin agus CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann “d’achan nduine sa tír” agus gur cheart go mbeadh daoine ábalta éisteachtaí a dhéanamh i nGaeilge.
Cúpla mí ó shin, thug Ó Searcaigh le fios “nach raibh aon rogha fágtha” aige ach éirí as a phost mar Oifigeach Cultúrtha agus Teanga le LGFA Dhún na nGall mar gheall ar an chinneadh a rinneadh gan éisteacht le cás i nGaeilge.
I litir a sheol sé chuig LGFA Dhún na nGall chun a chur in iúl dóibh go raibh sé ag éirí as mar oifigeach cultúrtha agus teanga an chontae, dúirt sé, gurb í an Ghaeilge “an chéad teanga dár mbaill club” agus gur cur chuige “idirdhealaitheach” é gan éisteacht a cheadú “inár dteanga dhúchais, chéad teanga na tíre”.
I ráiteas ón LGFA ag an am, dúirt siad “nach mbeadh siad ag rá rud ar bith faoin ábhar seo go poiblí.”
Fág freagra ar 'Tacaíocht náisiúnta á lorg ag club Gaeltachta do dhá rún a bhaineann le cearta teanga'