‘Tá súil agam go mbeidh mé thart chun Éire Aontaithe a fheiceáil’ – urlabhraí Gaeilge an SDLP

Labhair Tuairisc leis an bhFeisire Tionóil de chuid an SDLP Patsy McGlone faoi na dúshláin atá roimh a pháirtí agus an Tuaisceart

‘Tá súil agam go mbeidh mé thart chun Éire Aontaithe a fheiceáil’ – urlabhraí Gaeilge an SDLP

Is as Baile an Doire ó dhúchas é Patsy McGlone, paróiste beag atá suite ar theorainn Dhoire agus Thír Eoghain.

Gael go smior é. Tá céim aige sa Ghaeilge agus an-dáimh aige i gcónaí leis an gcultúr Gaelach. D’imir a athair John le foireann peile Dhoire ach laoch peile eile ón gcontae a chuir Patsy i dtreo na polaitíochta. Bhí Roddy Gribbin, a d’imir i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1958, ina chomhairleoir áitiúil don SDLP i Machaire Fíolta sna 1980idí.

Mhol sé do Patsy a bheith ina bhall don pháirtí agus thosaigh sé ar a aistear polaitíochta.

Níos déanaí, chas sé le John Hume agus Séamus Mallon agus chuaigh fealsúnacht na bhfear sin go mór i bhfeidhm air. Shocraigh Patsy mar sin luachanna a bhí bunaithe ar an tsíocháin, an tuiscint agus an comhionannas a chur chun chinn. Toghadh é den chéad uair i 1993 ar Chomhairle Cheantar na Coirre Críochaí agus in 2003 toghadh é go Stormont do thoghcheantar Lár Uladh. Faoi láthair, is é an urlabhraí an SDLP do Phobail Tuaithe agus na Gaeilge.

Ar ndóigh, nuair a thosaigh Patsy amach sa pholaitíocht, bhí codarsnacht mhór le feiceáil idir modhanna síochánta an SDLP agus tacaíocht Shinn Féin don IRA Sealadach. Ach beagnach 30 bliain i ndiaidh shos cogaidh iomlán na Sealadach, an bhfuil difríocht suntasach fós ann eatarthu? Tacaíonn siad araon leis an bpróiseas síochána agus spriocanna áirithe maidir le Éire Aontaithe agus ceartas sóisialta. Glacann an feisire leis gur ceist í seo a chuirtear coitianta sa Tuaisceart:

“Ar ndóigh tá difríochtaí ann ó thaobh roinnt polasaithe de, ach d’fhormhór an phobail, bheadh an cheist sin acu, cad é an difríocht?” Creideann sé féin go bhfuil difríochtaí stairiúla na bpáirtithe tábhachtach. “Ní thiocfadh liom dul go sráidbhaile Aontachtach in aice liom agus a rá go dtugaim tacaíocht iomlán d’fheachtas na Sealadach. Ghoill an feachtas sin ar dhaoine as cúlraí Náisiúnacha agus Aontachtacha araon.”

Dar leis, is bac ollmhór fós é feachtas an IRA Shealadaigh roimh spriocanna náisiúnacha.

“Ar an dá thaobh de mo theaghlach, tá daoine ann a chreideann sa Phoblacht, ach más rud é go bhfuil muid chun na pobail ar an oileán seo a aontú, caithimid daoine as cúlra Aontachtach a mhealladh … Sin fadhb ollmhór atá ag Sinn Féin.”

Creideann sé mar sin go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh chun muinín a chothú in Aontachtaithe ach gur fearr cumas an SDLP chuige sin. “Má tá tú i ndáiríre faoi dhaoine a thabhairt isteach in Éirinn Úr, caithfidh tú a bheith iontach tuigbheálach go mbeidh barúil dhifriúil acu. Tá mise ag caint ar mo chomharsana, daoine a bhí ar scoil liom as cúlra Aontachtach. Ní rud é atá iontach neamhphraiticiúil. Seo í an fhírinne.”

In ainneoin na spriocanna uaillmhianacha atá ag aige agus ag an SDLP, tá meath mór tagtha ar vóta an pháirtí ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. I 1998, bhain an SDLP 22% den vóta amach i dToghchán Stormont. Níor éirigh leo ach 9% a bhaint amach sa toghchán céanna in 2022. Dar leis an bhfeisire, spreagann an córas polaitíochta vótáil shoiniciúil agus cuireann sé seo le deacrachtaí an pháirtí.

“Nuair a bhíomar ag dul thart ar na doirse, bhí daoine ag rá gur cheart fáil réidh leis an DUP agus an Chéad-Aireacht a bhaint amach do Shinn Féin. Ní raibh idé-eolaíocht ag baint leis. Bhí sé ar nós cluiche peile polaitíochta maidir le cé a bheadh ábalta an príomhjab a bhaint amach.”

Sa chomhthéacs sin, cruthaíonn neamhghéilliúlacht an DUP maidir leis an bPrótacal agus cúrsaí eile níos mó fadhbanna don SDLP.

“Ní hé sin a bhí beartaithe ag an gComhaontú, ach an dóigh ina bhfuil an DUP ag feidhmiú, tá sé sin ina bhuntáiste mór ag Sinn Féin.”

Tá an chuma air go gcuireann an córas seo bac ar fhealsúnacht pholaitiúil nach mbaineann le cúrsaí bunreachtúla, cultúrtha nó seicteacha.

“Bhí polasaithe á bplé beagáinín ag na doirse maidir le cúrsaí oideachais nó sláinte, ach an príomhrud a bhí á phlé ná cé a bheadh in ann jab an Chéad-Aire a bhaint amach,” a deir sé.

Ar ndóigh, bunaíodh an SDLP mar pháirtí a bheadh ina chuid lárnach de ghluaiseacht an lucht oibre chun oibrithe Protastúnacha agus Caitliceacha a aontú. Admhaíonn urlabhraí Gaeilge an SDLP go bhfuil sé seo dodhéanta faoi láthair.

“Ní mar sin a fheidhmíonn sé anseo. Ní thacaíonn na ceardchumainn le páirtí amháin nó páirtí eile. Is as cúlraí éagsúla iad na baill atá acu, mar sin caithfidh siad déileáil leis na páirtithe uilig. Tá sé cineáil éagsúil sna Sé Chontae. Ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil an pholaitíocht ag éabhlóidiú, nó fiú i dtreo éabhlóide ar an bpointe sin.”

Mura dtacaíonn an córas toghchánaíochta le polaitíocht an lucht oibre, an féidir a rá go dtacaíonn an státchóras féin leis ach oiread? Baineann cúrsaí an lucht oibre leis an eacnamaíocht go bunúsach, ach Westminster atá i mbun an sparáin i dTuaisceart Éireann. Is cuma cén dearcadh polaitiúil atá ag Aire Sláinte sna sé chontae, má theastaíonn ó Rialtas na Breataine an t-airgead don chóras a ghearradh, níl an dara rogha ann ach sin a dhéanamh.

Glacann sé leis nach bhfuil smacht iomlán ag polaiteoirí sa Tuaisceart ar chúrsaí atá ceaptha a bheith faoina gcúram.

“Tá an-chuid fadhbanna againn sna sé chontae maidir le liostaí feithimh. Tá sé an-deacair. Agus pé Aire a bheadh ann, is cuma cén páirtí, bheadh sé deacair dóibh… Braitheann sé ar cén rialtas atá i bhfeidhm [in Westminster] maidir leis na polasaithe agus an méad airgid a théann i dtreo na sé chontae.”

Níl sé róchinnte ach oiread céard a bheidh i ndán do Thuaisceart Éireann má thagann athrú rialtais. “Anois nuair atá an Bhreatain i dtrioblóid airgeadais, an mbeadh rialtas úr an Lucht Oibre in ann níos mó airgid a chur i dtreo sláinte, oideachais, nó geilleagair? Níl a fhios agam.”

In ainneoin na ndeacrachtaí seo, an bhfuil an SDLP ábalta fanacht tiomanta do pholaitíocht an lucht oibre? De réir phobalbhreith Lucid Talk i mí na Samhna, i measc na ndaoine a bhí fostaithe, bhain 35% de lucht vótála an SDLP leis an chatagóir ‘Lucht Oibre’. Bhí 44% de lucht vótála Shinn Féin sa chatagóir céanna agus 41% den daonra i gcoitinne a bhí i gceist.

Ní difríocht ollmhór é, ach an léiríonn sé claonadh éigin? Níl dóigh leis é.

“Más rud é go bhfuil daoine ag rá go bhfuil vóta s’againne meánaicmeach, ní thuigeann siad Doire. Fuair an páirtí vóta iontach do shuíochán Westminster ansin. Bhí mise ag feachtasaíocht leis an bpáirtí i gceantair ann, agus ní ceantair mheánaicmeacha a bhí iontu. Fuaireamar aiseolas iontach.”

Céard faoin dea-chaidreamh atá ag an SDLP le páirtithe an Deiscirt? An bhfuil paradacsa áirithe ann idir luachanna sóisialta an pháirtí agus geilleagar nua-liobrálach na Poblachta? Ní chuireann sé seo isteach air.

“Tá cairde agamsa in achan pháirtí sna 26 contae agus oibrím go hiontach maith leo. Tá sé iontach tábhachtach go ndéanaimid sin. Más rud é go bhfuilimid ag smaoineamh ar Éire Úr a chruthú, caithimid uilig comhoibriú lena chéile.”

Dar leis, ba cheart teacht ar shocrú maidir le seirbhísí poiblí mar chuid den phróiseas chun Éire Aontaithe a bhaint amach. “Cad é mar is féidir le daoine a bheith compordach in Éirinn Úr? Níor mhaith liomsa nó an páirtí go mbeadh difríochtaí ann ó thaobh cúrsaí sláinte do dhaoine bochta agus saibhre. Táimid ag iarraidh an chothromaíocht sin a chothú i gcibé Éire Úr a bheadh againne”.

Mar sin, bheadh ról iomchuí fós ag an bpáirtí in Éirinn Aontaithe, dar leis.

“Tá súil agam go mbeidh mé thart chun é sin a fheiceáil. Bheadh ról an pháirtí mar an gcéanna leis an ról a bhíodh againne thar na mblianta. Ag iarraidh sochaí úr a chruthú agus luachanna úra a spreagadh maidir le cothromaíocht, cruthú jabanna, oideachas agus sláinte.”

Fág freagra ar '‘Tá súil agam go mbeidh mé thart chun Éire Aontaithe a fheiceáil’ – urlabhraí Gaeilge an SDLP'