Bhí ceapaithe gurb í 2020 bliain an Chadhnaigh, leathchéad bliain tar éis a bháis. Déanadh spior spear de go leor de na pleananna de dheasca an chóivid mhallaithe, agus go deimhin, cuireadh moill ar fhoilsiú roinnt áirithe leabhar mar thoradh air. Mar sin féin, foilsíodh go leor a chuir le saibhreas an phlé ar an gCadhnach, go háirithe an mórchnuasach, Léachtaí Uí Chadhain (Mac Amhlaigh agus Mac Giolla Léith), Cumadóireacht Uí Chadhain (Briody agus Nic Eoin), agus an bailiúchán d’aistí dúshlánacha, Cadhnaíocht le hAindrias Ó Cathasaigh. Fairis sin, d’fhoilsigh Yale The Quick and the Dead: selected stories anuraidh, leabhar nach bhfuair aon iomrá fós ó na mórmheáin arb é a gcúram aird éigin a thabhairt ar litríocht na hÉireann.
Anois tá chugainn leabhar sainiúil ar fad Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge/ A Selection of Irish Teaching Texts arna n-eagrú agus arna n-aistriú ag Feargal Ó Béarra & Arndt Wigger (Curach Bhán Publications €27.50). Is é atá ann go díreach mar a thugtar le fios ar an gclúdach. Cé gur mór é ár n-aithne ar an gCadhnach mar scríbhneoir, agus mar ghníomhaí polaitíochta agus teanga, níl oiread sin tráchta go poiblí air mar mhúinteoir ollscoile seachas i measc na ndaoine a raibh sé mar oide acu.
Chuige sin is luachmhar ar fad an cnuasach seo ina bhfuil ailt ghearra teagaisc, sleachta as cleachtaí gramadaí agus foghraíochta, móide agallaimh agus aiste ag Micheál Ó Siadhail ar an gCadhnach mar léachtóir. Tá na sleachta Gaeilge ar fad aistrithe go Béarla. Fairis sin ar fad tá dlúthdhiosca (is ea, úsáidtear dlúthdhioscaí fós!) ina bhfuil an t-údar á léamh, agus mar sméar mhullaigh sliocht as tús Cré na Cille á léamh aige go tomhaiste glanbhriathrach.
De réir gach teiste, múinteoir inspioráideach ba ea an Cadhnach. ‘It was more by dint of personality than method that he was an inspiring teacher,’ a deir Micheál Ó Siadhail. Dá éamais sin níor dhein sé iarracht iad a bhréagadh, ach a mhalairt. Thug sé a ndúshlán.
Tá seo fíor, agus tá faoi gach aon mhúinteoir den scoth dár mhair riamh. Níl sa mhodheolaíocht ach maide siúil a thugann creatlach don té nach bhfuil fios a bhealaigh aige. Ní haon mhúinteoir é an múinteoir leamh.
Ina choinne sin, tá cur chuige le sonrú anseo. Is dócha go bhféadfá cur chuige an charntha nó an athrá smut ar smut a thabhairt air. Níl an cleas seo neamhchosúil le gnéithe dá chuid scéalaíochta. Rud a rá, a rá arís ar shlí eile, casadh a bhaint as, cur leis, fadú as.
Agus go deimhin, scéalta is ea formhór na n-alt, na míreanna teagaisc atá sa leabhar. Duine dá phearsana samhlaíochta anois is ea ‘An Fear Bacach’ a chaitheann tamall ar an drabhlás, tamall eile ar Neamh agus a chasann le daoine chomh diamhair leis féin fan na slí. Bídís ina ngearrscéalta nó ina splancscéalta, is ceart iad a áireamh mar chuid dá shaothar cruthaitheach.
A leithéid seo mar shampla den obair thógála sin: ‘Fuair an Bhean Bhodhar litir ó Mheiriceá. Litir a fuair sí. As Meiriceá a fuair sí an litir. Litir mhór ghorm a bhí inti. Leathuair ina dhiaidh sin, tháinig an Fear Bacach aníos an staighre agus isteach sa seomra. Aníos an staighre a tháinig sé. Isteach sa seomra a chuaigh sé.’
Tá an greann agus an diabhlaíocht agus an bhligeardaíocht siar síos tríothu ionas gur pléisiúr gach ceann díobh a léamh ar a shon féin. Ní réiteoidh an greann le daoine nach maith leo greann, ach is ait an mhuc an saol.
Beidh daoine eile a sheargfaidh isteach ina gcnó féin nuair a chífidh siad na ceachtanna gramadaí, bunaithe ar mhistéirí chomh domhain sin le réimniú an bhriathair, an briathar mírialta agus an modh coinníollach féin. Ar éigean go bhfaighidh tú ‘Nár dhéana sí maith ná sláinte dó, an craosaire!’ ‘Tá bhur mias salach’, ‘Ní sheasann sé ar a mhullach gach oíche, an seasann?’
Agus maidir le húsáid an ailt cad déarfá le: ‘An dtaitníonn an Rúiseachas leat? Deireann an Sasanach agus an Francach gur cneámhaire millteach an Rúiseach. Deireann an tÉireannach gurb é an Sasanach an cneámhaire mar ní thaitníonn an Sasanachas leis agus is mar a chéile aige an Sasanachas agus an chneámhaireacht.’
Tá seoda cainte agus teagaisc sa leabhar seo. Nuair a éisteann tú le glór údarásach an Chadhnaigh tuigtear duit go bhfuilid seo á ndingeadh abhaile aige.
Díol suime iad na hagallaimh, leis, ceann fíorspéisiúil faoin gcampa géibhinn agus sliocht as dialann ón mbliain 1955 agus é sa Ghearmáin. ‘Tuigtear duit go raibh caitheamh i ndiaidh na seanréime ag cuid de na daoine ar casadh air iad…’ Leanas súile na nGearmáineach go dtí na cnoic faoi gcuairt, ag lorg na háite a raibh Hitler, ar nós Bharbarossa, ag feitheamh…’
Táimid faoi chomaoin mhór ag Feargal Ó Béarra agus ag Arndt Wigger ar son na taifid fhíorluachmhara a fháil, a theasargan, a chur faoi réir, a aistriú agus a fhoilsiú do phobal na Gaeilge agus d’aon duine eile a bhíonn ar bís le haon rud leis an gCadhnach a bhlaiseadh is a léamh.
Fág freagra ar 'Tá seoda cainte agus teagaisc sa leabhar seo…'