‘Tá sé ok, Mamaí, ar iasacht atá na gunnaí agam!’

Polasaí nua neamhairde fiú agus cogadh mór réidh le tosú

‘Tá sé ok, Mamaí, ar iasacht atá na gunnaí agam!’

“Féadfaidh tú na gunnaí a shíneadh trasna an chlaí,” a deir an Babaí leis na buachaillí béal dorais agus é ag seasamh ar na wheelie-bins i mbun margaíocht arm de chineál éigin.

Bhí mé sa gcistineach ag fanacht leis an gciteal. Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin am seo nach dtosóidh an t-uisce ag fiuchadh go stopfaidh tú ag faire air.

B’fhéidir gur caife láidir a bheadh ag teastáil inniu, a shocraigh mé. D’oscail mé an cófra agus thóg amach mála den stuif láidir is thosaigh ag líonadh chiteal an chaife. Shiúil an Babaí isteach tharam agus gabháil gunnaí bréige á hiompar isteach sa teach aige.

“Cá’l tú ag gabháil leo sin?” a d’fhiafraigh mé dhe.

“Tá sé ok, Mamaí,” a deir sé, “ar iasacht atá siad.”

An cheist seachanta go healaíonta aige, d’imigh sé féin agus a armlóin suas staighre. Is gearr gur chuala mé leapacha á dtarraingt trasna an urláir sa seomra codlata agus beaingeáil is rapáil is gleo thuas.

“Ar thug tú faoi deara riamh go mbíonn siad níos sásta nuair nach mbíonn muide thart orthu agus iad ag spraoi?” a d’fhiafraigh mé d’Fhear an Tí an tráthnóna sin agus muid beirt ar an bhfoscadh i gcoirnéal den pháirc spraoi. “Thug!” a d’fhógair sé. “Fada an lá ó shin. Sin é an fáth go bhfanaim glan uilig orthu,” a dúirt sé, ag leathmhagadh (sílim).

Is cosúil go raibh an scéal bunoscionn agus droim ar ais agamsa. Shíl mise go mbíonn páistí ag iarraidh aird óna dtuismitheoirí.

B’fhéidir gur fíor sin sa gcéad chúig bliana dá saol, ach chomh luath is atá siad in ann a mbealach féin a dhéanamh, dá laghad dá gcuireann a dtuismitheoirí ladar ina lá, sea is fearr leis na páistí é. Faraor, bíonn sé seo ag teacht salach scaití ar aidhmeanna an tuismitheora.

Fós féin, oibríonn an córas nua seo anois is arís. Tá an cur chuige nua tuismitheoireachta seo, an modh neamhairde, curtha i bhfeidhm agam féin le seachtain nó dhó anuas agus feictear dom go bhfuil ag éirí go breá leis.

Bhreathnaigh mé isteach sa seomra codlata an mhaidin ar bhailigh an Babaí na gunnaí ó na comharsana. Bhí na leapacha tarraingthe isteach i lár an tseomra agus tochtanna na leapacha leagtha ar an bhfána ar chaon taobh díobh.

“Errrr,” a dúirt mé agus an chaint bainte díom ag an radharc a bhí os mo chomhair.  “Hi Mamaí,” a deir an Babaí agus é ag dreapadh suas ar thaobh thocht na leapan go barr an bhunc.

“Tá an cogadh mór réidh le tosú, Mamaí,” a mhínigh an Babaí dom, “tá an áit uilig réitithe againn.”

Bhreathnaigh mé timpeall uair amháin eile, meas tú an bhféadfaí an seomra a chur ina cheart arís go brách?  Thóg sé tamall orm a dhéanamh amach cá raibh na cailíní imithe nó go bhfaca mé bairillí a ngunnaí ag gobadh amach as na scailpeanna ina raibh siad i bhfolach iontu.

“Go n-éirí libh!” a dúirt mé agus d’fhág acu é.

Fág freagra ar '‘Tá sé ok, Mamaí, ar iasacht atá na gunnaí agam!’'