‘Tá sé nádúrthach dom anois a bheith leochaileach, ach ní raibh mé i gcónaí mar seo’  

Sa tsraith nua Síle Seoige: An Saol Mar Atá scrúdaítear cuid de na dúshláin mhóra a bhfuil daoine ag streachailt leo sa lá atá inniu ann. Labhair an láithreoir le Tuairisc

‘Tá sé nádúrthach dom anois a bheith leochaileach, ach ní raibh mé i gcónaí mar seo’  

Labhraíonn Síle Seoige le réimse daoine ina sraith nua maidir le cuid de na mórcheisteanna a bhaineann leis an saol comhaimseartha in Éirinn. Castar tuismitheoirí uirthi, saineolaithe síceolaíochta agus go leor daoine eile ón bpobal lena ndearcthaí a fháil ar ghnéithe éagsúla de na hábhair a phléitear sa tsraith.

Thosaigh Síle féin ag cuimhneamh ar na hábhair seo trína saol pearsanta mar mháthair agus chonaic sí go mbíonn go leor daoine ag láimhseáil na ndúshlán céanna.

Bhí sé seo ina spreagadh aici leis na cláir a dhéanamh, go háirithe an t-eagrán ina mbreathnaítear ar an mbulaíocht ar na meáin shóisialta agus an brú a bhaineann leis an saol ar líne, a deir sí.

“Bhuel is máthair mé agus le bheith fírinneach faoi, tá mé imníoch faoi na blianta amach romhainn mar chlann, go háirithe an tionchar a bheidh ag na meáin shóisialta ar shaol na ngasúr.”

Tá an oscailteacht agus an t-ionracas le hábhair íogaire a phlé ina gcuid den chur chuige atá ag Síle ina podchraoladh aitheanta Ready to be Real by Síle Seoige. Tháinig sé sin chuici de réir a chéile a deir sí, tar éis di tréimhse dhúshlánach a chaitheamh ina saol féin. Ar an bpodchraoladh bíonn agallaimh dhoimhne aici le haíonna éagsúla ar ábhair a bhaineann le cúrsaí spioradáltachta, meabhairshláinte agus cúrsaí an tsaoil.

“Tá sé nadúrthach dhom anois ag an tréimhse seo i mo shaol a bheith leochaileach, ach ní raibh mé i gcónaí mar seo.”

Tugann sí an t-ionracas sin léi go dtí an tsraith teilifíse, áit a mbíonn sí ag caint le daoine faoi ábhair éagsúla ach ina dtugann sí a dearcadh féin freisin ar na hábhair atá idir lámha acu.

Sa gcéad eagrán, Ag Tógáil Clainne, breathnaítear ar na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil in Éirinn. Labhraíonn Síle le tuismitheoirí atá ag déileáil leis an easpa seirbhísí cúram leanaí agus daoine atá ag streachailt ag iarraidh tacaíochtaí cuí a fháil dá gclann. Téann sí go dtí an Iorua san eagrán seo freisin, áit a mbreathnaíonn sí ar an gcóras atá i bhfeidhm ansin i dtaobh cúram leanaí.

“Is léir go bhfuil i bhfad níos mó tacaíochta ar fáil san Iorua ó thaobh tógáil clainne de, agus feabhsaíonn sé sin an caighdeán maireachtála do chuile dhuine. D’fhéadfaimis go leor a fhoghlaim uathu.”

San eagrán eile, déanann sí iniúchadh ar cheist na himní, rud a bhfuiltear ag tagairt dó mar dhúshlán náisiúnta anois. Tar éis a bheith ag caint le síceolaithe, néareolaithe, agus daoine atá buailte leis an imní, deir sí go raibh téama amháin a sheas amach di, gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

“Tá go leor daoine faoi bhrú agus caithfidh muid tacaíocht a thabhairt dhá chéile agus tuiscint níos fearr a bheith againn ar an strus a bhaineann leis an saol sa lá atá inniu ann.”

Tugann an t-eagrán deireanach aghaidh ar cheist na bulaíochta, ón mbulaíocht i gclós na scoile, go dtí an drochíde a thugtar do phearsana poiblí ar líne. Ceann de na gnéithe suntasacha faoi na cláir ná go ndéantar iarracht iontu aird a tharraingt ar an gceist, ach breathnú freisin ar chuid den chomhairle a thugtar le go mbeadh daoine in ann iad féin a chosaint agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile.

Tá súil aici go dtabharfaidh na cláir cúnamh do dhaoine atá ag streachailt agus go mbeidh, ní hamháin níos mó eolais acu faoin bhfadhb, ach go mbeidh a fhios acu freisin nach bhfuil siad ina n-aonar.

“Ba mhaith liom go mbeadh tuiscint níos fearr ag an lucht féachana ar an méid daoine atá ag streachailt sa lá atá inniu ann, nach bhfuil siad ina n-aonar, and tá daoine faoi bhrú. Tá súil agam go mbeidh siad ar an eolas chomh maith faoi na bealaí difriúla atá ann le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dhóibh fhéin. Tá cabhair ar fáil.”

Tá Síle Seoige: An Saol Mar Atá ar fáil ar sheinnteoir TG4 ag an nasc seo

Fág freagra ar '‘Tá sé nádúrthach dom anois a bheith leochaileach, ach ní raibh mé i gcónaí mar seo’  '