Gan aon ísliú i ndán do phraghas an chaife i mbliana

Níor theip ar an bhfómhar caife is deireanaí sa Bhrasaíl, ach mar sin féin ní thiocfaidh praghas domhanda an chaife anuas go luath

Gan aon ísliú i ndán do phraghas an chaife i mbliana

Dea-scéal agus drochscéal dóibh siúd a bhfuil dúil acu i gcaife.

Ní hionann agus sa chéad leath de 2025, níor theip ar an bhfómhar caife sa Bhrasaíl sa dara leath den bhliain sin. Ach mar sin féin, ní bheidh aon ísliú i ndán do phraghas an chaife go fóilleach.

Sa Bhrasaíl a fhástar an tríú cuid de na pónairí caife ar fad ar domhan, agus bíonn pónairí as an mBrasaíl mar bhunús i nach mór chuile mheascán caife ollmhargaidh. Dá bharr sin, bíonn tionchar as cuimse ag an bhfómhar caife sa tír sin ar phraghas domhanda an chaife.

Sa chéad leath de 2025, chuir raidhse fadhbanna arbh é athrú na haeráide ba chúis leo as d’fhómhar na bpónairí caife sa Bhrasaíl: teas, triomach agus, aisteach go leor, titim thobann ar an teocht i réigiúin áirithe.

Ardú idir 25 agus 55 faoin gcéad ar phraghas domhanda an chaife (ag brath ar an gcineál pónaire) an toradh. Sa Bhrasaíl féin, mhéadaigh praghas an chaife nach mór faoi dhó, agus tharla rud nár tharla riamh cheana: tháinig laghdú (nach mór 2.5 faoin gcéad) ar an méid caife a díoladh in ollmhargaí na tíre féin.

Sa dara leath de 2025, bhí cúrsaí aeráide sa Bhrasaíl níos fabhraí agus tá an chuma ar an scéal gur dea-fhómhar caife a bheidh i ndán don séasúr 2025/2026.

Ach mar sin féin, ní thiocfaidh praghas an chaife anuas.

Tá cúpla cúis leis sin.

Ar an gcéad dul síos, úsáidfear cuid mhór den fhómhar reatha chun na tithe stórais caife ar fud na cruinne, a bhí ag éirí folamh, a líonadh arís.

Ar an dara dul síos, bhí an t-ardú a tháinig ar phraghas na bpónairí caife anuraidh chomh hard sin nach raibh sé de mhisneach ag tionscal an chaife agus ag na hollmhargaí an t-ardú sin ar fad a chur i bhfeidhm ar an bpraghas a d’íocfadh an tomhaltóir. Ar an gcúis sin, fiú má thagann praghas na bpónairí amha anuas i mbliana, beidh lucht rósta na bpónairí agus na hollmhargaí ag iarraidh caillteanais na bliana seo caite a chúiteamh sula mbeidh aon ísliú praghais i ndán don tomhaltóir.

Anuas air sin ar fad, tá fás mór ar an éileamh ar chaife sa tSín agus san India, tíortha ollmhóra nach raibh éileamh mór ar chaife iontu roimhe seo, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh ardú breise ar an bpraghas.

Idir an dá linn áfach, tá fás mór agus leanúnach ar tháirgiúlacht na bhfástóirí caife i Vítneam agus in Uganda (go háirithe), agus san Aetóip agus san Indinéis freisin, rud a mhaolóidh spleáchas an mhargaidh ar an mBrasaíl de bheagán.

Fág freagra ar 'Gan aon ísliú i ndán do phraghas an chaife i mbliana'