Tá scéal na peile le 20 bliain anuas le fáil sna babhtaí ceathrú ceannais

Díol suime súil a chaitheamh ar stair na mbabhtaí ceathrú ceannais mar gur iontu atá scéal na peile san achar lena mbaineann siad

Tá scéal na peile le 20 bliain anuas le fáil sna babhtaí ceathrú ceannais

Má tá tú sásta glacadh leis go mba bhabhtaí ceathrú ceannais freisin iad na cluichí a imríodh faoi chóras an ‘Sár 8’ a facthas i gCraobh Shinsearach Peile na hÉireann in 2018 agus in 2019, tá scór séasúr feicthe anois againn den athrú a tháinig isteach in 2001. An ‘cúldoras’ a bhaisteadar siúd a bhí ar bheagán fáilte roimhe air. I laghad atá a líon gafa le himeacht na mblianta.

An Covid amháin a chur na babhtaí ceathrú ceannais de dhroim seoil – in 2020 agus anuraidh filleadh ar an seanchóras a bhí i bhfeidhm go dtáinig 2001, an bhliain inar bhuaigh Gaillimh ar chontae na Mí i gCluiche Ceannais na hÉireann, tar éis do Ros Comáin an Ghaillimh a bhualadh i gConnachta.

Díol suime súil a chaitheamh ar stair na mbabhtaí ceathrú ceannais mar gur iontu atá scéal na peile san achar lena mbaineann siad – na contaetha a bhí thar a bheith láidir i gcónaí chomh maith leo siúd a bhí lag; na contaetha a tháinig chun cinn ar a seal agus iadsan nach bhfuair ach aon deis amháin – an Cabhán (2013), Luimneach (2011), Tiobraid Árann (2016) agus Loch Garman (2008). 

Tá siad ann freisin nach bhfuair an seans sin beag ná mór, ainneoin a ndíchill – 10 gcinn de na contaetha a chuaigh ar thóir Chorn Mhig Uidhir ó 2001 agus nár éirigh leo babhta deireanach na craoibhe a shroichint – Aontroim, Ceatharlach, Liatroim, Longfort, contae Lú, Uíbh Fhailí, Port Láirge, Cill Mhantáin, Londain agus Nua-Eabhrac.

Is mór idir iad siúd agus Ciarraí a thugann aghaidh inniu ar na babhtaí sin don 19ú huair, nó go deimhin Áth Cliath a rinne amhlaidh inné. Ní mór dul siar chomh fada leis an mbliain 2003 sula dtiocfaidh tú ar an am a raibh fir na príomhchathrach as láthair. Ba mhinic a bhris Mick O’Dwyer agus Ciarraí a gcroí siúd roimhe sin, ach ba i gceannas Laoise a bhí Micko an uair seo. Bhí a bháireoir Fergal Byron thar barr agus bhí cumas scórála Átha Cliath chomh suarach sin gur shocraigh a mbainisteoir siúd, Tommy Lyons, ceathrar acu a bhaint den pháirc.

Tá cliseadh Chiarraí níos gaire de láthair. Ceithre bliana ó shin agus córas an ‘Sár 8’ i réim, bhuaigh Gaillimh orthu den chéad uair le 53 bliain agus nuair a chríochnaigh peileadóirí na Ríochta agus Mhuineacháin ar comhscór i gCluain Eois (1-17 an taobh), ní raibh ag Ciarraí ach a bheith ag brath nach mbuafadh siad siúd ar Ghaillimh sa gcluiche deireanach – rud a rinne siad.

Ba iad Tír Eoghain an fhoireann a cuireadh dá bonn i mbliana – bhíodar siúd i bPáirc an Chrócaigh i mbabhtaí deireanach na craoibhe 14 uair ar fad ón mbliain 2001 agus chuile bhliain ó 2015 go dtí gur chuir Ard Mhacha de dhroim seoil iad ar Pháirc na Lúthchleas ag tús na míosa seo. 

2018 an bhliain a sciorr Maigh Eo. Murach sin bheadh na babhtaí ceathrú ceannais bainte amach acu chuile bhliain ó 2011 i leith – go deimhin shroich siad an cluiche ceannais leath de na blianta sin. Faraor, tá a fhios agaibh féin an chuid eile.

Tá babhtaí ceathrú ceannais na bliana seo bainte amach freisin ag an dá chontae eile a thagann i ndiaidh na gcinn atá luaite agam san ord rathúlachta. Dosaen uair atá sin déanta ag Corcaigh agus péire faoina bhun sin ag Gaillimh.

Cuairteoirí rialta ar Pháirc an Chrócaigh is ea Dún na nGall freisin, ainneoin iad a bheith ar iarraidh i mbliana – tá babhtaí deireanacha Chraobh na hÉireann sroichte acusan deich n-uaire freisin.

Ó thaobh ionadaíochta cúige tá rath i bhfad níos mó ar chontaetha Ultacha nuair a déantar comhaireamh ar an líon a mhaireann beo chomh fada leis an tráth seo den chomórtas. As na naoi gcinn atá sa gcúige sin is iad Aontroim an t-aon dream nár éirigh leo sin a dhéanamh. Tá loicthe ar Liatroim i gConnachta, ach ar ndóigh is lú i bhfad contaetha atá ansiúd.

Is iad Ceatharlach, Longfort, contae Lú agus Cill Mhantáin na foirne Laighneacha atá ag fanacht fós leis an nglaoch, mar aon leis na Déisigh.

Annamh go maith a facthas ábhair iontais sna cluichí seo ó tháinig siad i réim. Bheadh bua Thiobraid Árann ar Ghaillimh in 2016 (3-13 in aghaidh 1-10) ar an gceann ba mhó acu, is dócha. Sa gcéad leath a facthas cúl Michael Quinlivan i dtréimhse inar scóráil na buaiteoirí 1-6 gan freagra. Conor Sweeney a fuair an péire eile.

Tír Eoghain a bhí thíos le péire eile – 2004 nuair a bhuaigh Fear Manach orthu agus gan ar an bpáirc acusan ach cúigear den fhoireann a d’imir i gcraobh na bliana roimhe. Tom Brewster a fuair an dá chúilín deireanach ina mbua (0-12 in aghaidh 0-11).

Ceithre bliana dár gcionn ba iad Loch Garman a chuir de dhroim seoil iad – Mattie Forde a fuair 1-5 d’iomlán na mbuaiteoirí (1-14 in aghaidh 0-12).

Go fiú gur cuireadh Ciarraí as an gcathaoir ríoga uair nó dhó. Bhuaigh an Dún orthu in 2010 agus babhta ceannais na craoibhe sroichte ag an Ríocht le sé bliana roimhe sin. Dhá bhliain dár gcionn ba le Dún na nGall an doras a dhúnadh ar na Ciarraígh i gcluiche inar chuir cúpla scór a fuaireadar sna nóiméid dheireanacha slacht níos fearr ar iarracht na gcaillteoirí.

Seo an liosta díobh siúd a bhfuil babhtaí ceathrú ceannais peile bainte amach acu agus líon a ngaiscí.

Ciarraí agus Áth Cliath (19); Tír Eoghain (14); (Maigh Eo (13); Corcaigh (12); Gaillimh & Dún na nGall (10); Ard Mhacha (8); Cill Dara agus Muineachán (6); Laois & Co. na Mí (5); Doire, Ros Comáin agus An Iarmhí (4); Fear Manach (3); An Clár, An Dún agus Sligeach (2); An Cabhán, Luimneach, Tiobraid Árann agus Loch Garman (1).

Fág freagra ar 'Tá scéal na peile le 20 bliain anuas le fáil sna babhtaí ceathrú ceannais'