Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi?

B’fhéidir gur ‘socrú sealadach’ atá sna ciorruithe is déanaí ar sceideal Raidió na Gaeltachta, ach cuid de pholasaí fadtéarmach ag RTÉ iad chomh maith

Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi?

Socrú sealadach atá sna ciorruithe ar sceideal Raidió na Gaeltachta, dar le Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac an Iomaire.

Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil sé féin dáiríre maidir leis an méid sin, ach níl sa gcor is deireanaí seo ach toradh na mblianta den neamhshuim. Sáinnithe ar chúl na scuaine a bhí Raidió na Gaeltachta ag RTÉ riamh.

Mar chuid den iarracht atá ar bun acu faoi láthair feabhas a chur ar chúrsaí airgeadais tugadh deis don fhoireann ar fad cur isteach ar phacáistí iomarcaíochta.  Faoin gcóras, ní ceadmhach daoine nua a cheapadh in áit na ndaoine a imeoidh.

I gcás Raidió na Gaeltachta – agus comhartha é seo ar an easpa muiníne atá ag fás i measc na foirne le fada an lá – chuir an iomad daoine isteach ar an bpacáiste sin. Glacadh le hiarratais ó sheachtar.

Níl sé i gceist, ar ndóigh, ag RTÉ daoine a aistriú ón ‘máthairchomhlacht’ – mar a thugann siad orthu féin – go dtí RnaG.  Caithfidh lucht RnaG an obair chéanna a dhéanamh le foireann laghdaithe.  Ní féidir sin a dhéanamh.

Bunaíodh RnaG ar dtús mar gheall ar an agóid leanúnach a rinne Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag tús na seachtóidí. Ghéill an rialtas don agóid, ach ba dhrogallach a ghlac RTÉ an cúram orthu féin, cé go raibh siad meáite nach mbeadh aon eagraíocht neamhspleách ann.

Ó lá a bhunaithe, ámh  – le huaireanta teoranta craolta – d’éirigh le bainistíocht agus foireann an stáisiúin brú a chur ar na húdaráis chun breis uaireanta a chloig craolta a fháil, chun tuilleadh daoine a earcú agus chun feabhas a chur ar an tseirbhís.

Throid RTÉ in aghaidh gach céim den dul chun cinn sin.

Sampla den naimhdeas ab ea diúltú RTÉ foireann Raidió na Gaeltachta a chur ar chomh-thuarastal lena macasamhla in RTÉ. Stáisiún áitiúil a bhí in RnaG, dar leo, agus b’in an leithscéal a bhíodh acu.

Ach faoi cheannaireacht Phóil Uí Ghallchóir agus Thomáis Mhic Con Iomaire (athair Rónáin mar a tharlaíonn) rinne RnaG stáisiún náisiúnta de féin. Níor athraigh sin meon RTÉ agus diúltaíonn siad fós comhionannas pá a cheadú.

Nuair a chuaigh mé féin isteach i dTeach Laighean do RnaG, ní raibh oifig againn ann, ná ní raibh stádas agam a bhí ar aon chéim leis na tráchtairí polaitiúla eile. D’éirigh liom an tsíleáil ghloine sin a bhriseadh, ach níor thug RTÉ an chéim chéanna dom is a bhí ag na comhfhreagraithe polaitíochta dá gcuid arbh é an Béarla an teanga chraolta acu.  Níor tugadh an teideal Comhfhreagraí Polaitiúil dom (mar a bhí ag daoine eile in RTÉ), Eagraí Polaitíochta a bhí ionam.

Creidim gurb é an t-aistriúchán Béarla is fearr ar an teideal sin ná Political Commissar, ach ní dóigh liom gur thuig RTÉ sin ná gurbh é sin a bhí uathu.

Ag tús an chéid seo, chuaigh toscaireacht ó fhoireann RnaG go dtí Teach Laighean chun a mhíniú do pholaiteoirí nach raibh todhchaí fhiúntach i ndán don stáisiún mura ndéanfaí an infheistíocht chuí le go mbeadh siad in ann cláracha a chur le chéile a tharraingeodh is a choinneodh an lucht éisteachta.

Ach níor tugadh dóibh an t-airgead a bhí ag teastáil.  A mhalairt. Rinneadh gearradh siar ar na hacmhainní a bhí aige. An leithscéal a bhí ann ná go raibh fadhbanna airgid ag RTÉ agus gá raibh gá le ciorruithe. Tá go maith, ach bhí tionchar níos mó ag na ciorruithe ar RnaG ná mar a bhí ar aon chuid eile den eagraíocht.

Cúngú i ndiaidh cúngaithe a rinneadh ar an stáisiún, agus níl sna ciorruithe is déanaí seo ach céim eile den pholasaí céanna.

Ach an ndéanfaidh muide, lucht na Gaeilge, aon rud faoi? Nó an ndéanfaidh muid ár ngearán eadrainn féin, go ciúin.

Ní thabharfaidh RTÉ nó na polaiteoirí aird ar rud ar bith seachas an rud a chothaíonn fíordheacrachtaí dóibh – i mbliain seo na Gaeilge.

– Is iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta é údar an ailt seo. Bhí sé ina chomhfhreagraí polaitíochta i dTeach Laighean ó 1995-2011

Fág freagra ar 'Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi?'

  • Cathleen Ní Chonghaile

    Tá an ceart ar fad ag Eoin. ach meastú an ndéanfar iarracht mhaith fiú rud eicint a dhéanamh faoi….sin ceist mhaith… agus mura ndéanfar i mbliana é ní dhéanfar go brách é.. ( ach seachain mar nach shin é an “déanfar” a mharaigh an mhuic – an ndéanfaidh muid ar fad rud eicint faoi ba chirte dom a rá mar go bhfágann an “déanfar” an cúram ar dhuine eicint eile seachas mise.

  • Máire

    Is amhlaidh nach bhfuil mórán aontachta i measc na n-oibrithe i rnag! Ghlac daoine áirithe postanna dhaoine eile go réidh, de réir dealraimh. Is drochtheist é ar shaol an lae inniu