Tá muid tuirseach spíonta agus ní léir na freagraí a bheith ag aon dream

Tá níos mó ceisteanna ná freagraí ann i dtaobh na paindéime agus na polaiteoirí ach oiread linn go léir ag brath ar an tsnáthaid

Tá muid tuirseach spíonta agus ní léir na freagraí a bheith ag aon dream

Níl aon pholaiteoir beo nach ndéarfaidh leat faoi thorthaí pobalbhreithe gur beag aird a thugann siad orthu. Níl aon tábhacht leo. Níl iontu ach blaiseadh de thuairimí sciar beag den phobal ag nóiméad ar leith. An phobalbhreith is tábhachtaí ar fad lá an toghcháin nuair a gheofar breithiúnas na vótóirí. Cloiste cheana agaibh?

Nach aisteach mar sin go raibh sé ina chogadh ag cruinnithe parlaiminte mhórpháirtithe an rialtais an tseachtain seo, an lá céanna a foilsíódh pobalbhreith san Irish Times a léirigh easpa muiníne an phobail sna mórpháirtithe rialtais?

Léiríonn na figiúirí, is dóigh, go bhfuil an pobal feargach mífhoighdeach faoi láthair. Léiríonn siad easpa muiníne sna polaiteoirí agus ina bhfuil ar siúl acu leis an ngéarchéim sláinte a láimhseáil agus a chur taobh thiar dínn.

Tá sé spéisiúil ag breathnú ar na figiúirí nach bhfuil an oiread céanna easpa muiníne léirithe san gComhaontas Glas cé go bhfuil siad i rialtas in éineacht le Fianna Fáil agus Fine Gael. Spéisiúil freisin go bhfuil laghdú ar thacaíocht Shinn Féin agus Pháirtí an Lucht Oibre, na páirtithe is cáintí ar chur chuige an rialtais. Go deimhin an rud is suntasaí sa bpobalbhreith, dar liom, gur chuig neamhspleáigh atá tacaíocht an phobail ag dul agus de ghnáth tugann sin le fios go bhfuil an pobal chomh míshásta céanna leis na páirtithe ar fad agus ar thóir rogha nua.

Nuair a thiocfaidh lá toghcháin cé mhéad de na daoine sin a fhillfidh ar a rogha thraidisiúnta?

Níl aon amhras ach go bhfuil an pobal ag cailleadh muiníne i straitéis an rialtais.

Ní féidir le tromlach an phobail taisteal níos faide ná 5 ciliméadar ó bhaile ach tá seachtainí caite ag iarraidh córas coraintín a chur i bhfeidhm le daoine a stopadh ag scaipeadh an ghalair ar theacht isteach chun na tíre dóibh. Tá muid tuirseach spíonta agus ní léir dúinn go bhfuil na polaiteoirí atá i mbun na tíre in ann aon fhuascailt a thabhairt dúinn.

An deacracht leis an argóint sin, ar ndóigh, nach bhfuil na freagraí ag aon dream.

Faoi láthair tá an rialtas ag cur a muiníne ar fad sna vacsaíní. Céard a tharlaíonn má bhíonn fadhb nó moill eile ar an gcóras sin? Céard faoi na daoine ar fad go dteastaíonn cóir leighis uathu taobh amuigh de Covid-19? An bhfuil an córas sláinte ag feidhmiú dóibh sin? Níl an polasaí ó thaobh taisteal chun na tíre seo iomlán soiléir fós. Céard faoi má chothaíonn oscailt na scoileanna ráig eile? Cén uair a bhféadfaidh páistí filleadh ar pháirceanna imeartha na tíre? Sa chomhairle is déanaí a chuir NPHET ar fáil don Rialtas deirtear go mbeidh tamall sách fada ann sula bhfillfidh an saol mar a bhí agus go mbeidh an víreas ag scaipeadh ar feadh roinnt blianta eile.

“Ní fios céard é éipidéimeolaíocht an víris seo sa bhfadtéarma,” a dúirt NPHET.

Tá níos mó ceisteanna ná freagraí ann agus ní hiontas nach mbíonn na freagraí i gcónaí ag na polaiteoirí. Uaireanta bheadh fonn ort go ndéarfaidís sin.

Ach tá teannas i gcroílár an rialtais idir an dá pháirtí mhóra agus an teannas sin ag cothú deacrachtaí cumarsáide. Tá na deacrachtaí sin ag cothú easpa muiníne agus imní i measc an phobail. Agus drogall roimh pholaiteoirí trí chéile.

Taca an ama seo anuraidh, bhí Fine Gael ar mhuin na muice mar gurbh léir don phobal go raibh an ghéarchéim sláinte á láimhseáil go maith acu. Cá bhfios faoi cheann leathbhliana eile nuair a bheidh snáthaidí faighte ag go leor againn agus dóchas nua dá réir nach mbeadh dearcadh an phobail i leith na bpolaiteoirí athraithe arís?

Fág freagra ar 'Tá muid tuirseach spíonta agus ní léir na freagraí a bheith ag aon dream'

  • Antóin

    Ní haon ionadh go bhfuil an pobal feargach mífhoighdeach faoi láthair agus nach bhfuil muinín acu as an rialtas. Fealltóirí déanta an t-iomlán acu. Fianna Fealltach Fáil, Fine gan Ghael agus na Giollaí Glasa.
    Agus ní haon ionadh go bhfuil laghdú ar thacaíocht an fhreasúra nach freasúra é. Shinnister Féin ar geall le fealldóirí críochnaithe iad ag lorg INTERNMENT. Náireach.

    Agus an fear nó an bhean ghnó a bhfuil siopa beag acu – ag streachailt ar a nglúine nó caite isteach i gcúl cairr de chuid na Gardaí nuair a cheapann siad oscailt.

    Go bhfóire Dia ar aon pholaiteoir a thagann chuig mo dhoras arís. Is deacair gan a bheith ag spalpadh mionnaí móra!

  • Séamas Mac Coitir

    Is cosúil go bhfuil páirtithe éagsúla an Chomhrialtais seo ag gníomhú go sonrach ar a son féin faoi láthair, gan dul i gcomhairle lena gcomhghleacaithe roimh ré sula n-eiseodh siad ríomhphost. Gan aon amhras, tá muid uilig tuirseach traochta de chúrsaí uile an Chomhrialtais, agus is críonna an té a déarfadh cén fad eile a sheasfaidh siad le chéile. Is maith an scéalaí an aimsir, agus tá súil agam go bhfanfaidh siad ag obair as lámha a chéile amach anseo, ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne. Ní dóigh liom go dteastaíonn olltoghchán ó dhuine ar bith ag an tráth cinniúnach seo.