‘Tá muid ag suí anseo gan a fhios againn céard atá romhainn’ – fearg agus imní léirithe faoi chiorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge

Ag cruinniú do ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge a bhfuil gearradh siar le déanamh ar a mbuiséad, dúradh go raibh an scéal á phlé sna meáin ar feadh seachtaine sula ndearna Foras na Gaeilge teagmháil leo

‘Tá muid ag suí anseo gan a fhios againn céard atá romhainn’ – fearg agus imní léirithe faoi chiorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge

Tá fearg agus díomá léirithe ag grúpaí pobail faoin mbealach gur fógraíodh ciorruithe atá le déanamh ar a mbuiséad i mbliana.

D’fhógair Foras na Gaeilge ag deireadh na míosa seo caite go raibh breis is €800,000 le gearradh ón maoiniú atá le deonú ag an eagraíocht in 2025 mar gheall ar “bhearna mhór” ina bhuiséad.

Ag cruinniú a eagraíodh do ghrúpaí agus eagraíochtaí a bhfuil na ciorruithe le cur i bhfeidhm orthu, dúradh gur tháinig an scéal aniar aduaidh ar ghrúpaí agus go raibh seachtain ann idir fógairt na gciorruithe sna meáin agus an uair go ndearna an Foras teagmháil le grúpaí chun na ciorruithe a mhíniú dóibh.

Fógraíodh tar éis cruinniú a bhí ag bord an Fhorais ar an Aoine an 31 Eanáir go raibh scéimeanna ar leith le cur ar ceal agus gearradh siar le déanamh ar scéimeanna eile. Ach dúradh ag an gcruinniú, a d’eagaraigh Conradh na Gaeilge, go raibh seachtain ann sular tháinig ríomhphost chucu ón bhForas, ar an Aoine 7 Feabhra, ag míniú d’eagraíochtaí cén ciorrú a bheadh i gceist. Bhí ciorruithe á bplé sna meáin idir an dá linn, a dúradh.

Dúradh go raibh éiginnteacht ann maidir le todhchaí cuid de na grúpaí toisc go raibh deacrachtaí airgid acu fiú sular fógraíodh na ciorruithe is deireanaí seo.

“Tá muid ag suí anseo agus gan a fhios againn céard atá romhainn,” a dúirt Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge Bhoirche Íochtair i gcontae an Dúin.

“Ni raibh muid in ann coinníollacha na scéime a chomhlíonadh gan dul sa tóir ar fhoinsí airgid eile.”

Dúirt Ó Donnáin go raibh plean straitéiseach do 2025 déanta amach aige sular fógraíodh na ciorruithe agus go mbeadh air tarraingt siar ó chuid de na seirbhísí a chuireann a ghrúpa ar fáil don phobal anois. Dúirt Ó Donnáin go raibh air iliomad rólanna a ghlacadh – múinteoir, glantóir, cuntasóir agus eile – toisc nach raibh fostaithe ach é féin agus go bhfágfaí faoi féin anois a mhíniú do phobal a cheantair cén fáth go raibh scéimeanna agus ranganna á gcur ar ceal.

Dúirt sé go mbeadh sé “i bhfad níos éasca” ag oifigigh Ghaeilge mar é féin a gcuid post a fhágáil agus cinn eile a fháil, ach go rabhthas bailithe le chéile chun gníomhú ar son a bpobal.

Ghlac Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Ghlór na Móna go raibh na ciorruithe tar éis “dúshláin” a chruthú do ghrúpaí ach go raibh “deis ollmhór” ann anois cothrom na Féinne a bhaint amach maidir le maoiniú na teanga.

Dúirt sé go raibh grúpaí “ag fáil bháis” le blianta fada agus ‘gearrthacha beaga” á ndéanamh arís agus arís eile ach gur thug an “ghéarchéim” is déanaí deis do dhaoine “teacht le chéile mar chomhphobal” agus “fís chomhaontaithe” a chur chun cinn.

Mhol Darragh Adelaide, comhairleoir áitiúil de chuid Phobal Seachas Brabús i gComhairle Contae Átha Cliath Theas, gur cheart smaoineamh ar agóidí poiblí a eagrú ar mhaithe leis an “teachtaireacht a thabhairt chuig Teach Laighean agus Stormont”.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh siad ag iarraidh cothrom na Féinne don Ghaeilge ó thaobh maoinithe. Deir siad gur chóir ar a laghad €20 milliún breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus gur cheart go gcuirfí ar neamhní na ciorruithe seo le haon mhaoiniú breise a chuirfí ar fáil.

Tá an Conradh ag éileamh freisin go nglacfadh an dá rialtas leis an múnla nua maoinithe d’eagraíochtaí trasteorann a d’aontaigh na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas.

D’aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas anuraidh go dtabharfaí isteach múnla maoinithe nua d’eagraíochtaí ar nós Foras na Gaeilge a thabharfadh cead do rialtas amháin airgead breise a bhronnadh gan dualgas a bheith ar an rialtas eile cur leis.

Tá diúltaithe ag an DUP glacadh leis an múnla nua, áfach, agus sa gcás nach mbeidh athrú poirt acu faoi, tá an Conradh ag iarraidh go gcuirfeadh an rialtas ó dheas maoiniú ar fáil do ghrúpaí Gaeilge trí mhúnla eile.

Fág freagra ar '‘Tá muid ag suí anseo gan a fhios againn céard atá romhainn’ – fearg agus imní léirithe faoi chiorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge'