Tá Molly Malone i lár BÁC, ach cá bhfuil Brian Boru?

Léigh Pól Ó Muirí dhá leabhar staire a thabharfadh ar dhaoine amharc níos faide siar ná an Somme agus Éirí Amach na Cásca sula dtosaíonn siad ag caint faoi “Irish history”.

15/4/2014 Brian Boru Paintings Murals
Pictiúr: Photocall Ireland

Ireland in the Medieval World AD 400-1000: landscape, kingship and religion le Edel Bhreathnach, Four Courts Press, ISBN 978-1-84682-341-1

Brian Boru and the Battle of Clontarf le Seán Duffy, Gill & Macmillan, ISBN 978-0-7171-5778-5

Bainim le glúin ollscoile a d’fhoghlaim stair as Traidisiún Liteartha na nGael, leabhar mór trom gan oiread agus pictiúr ann agus leabhar, dá fheabhas é ag am a fhoilsithe, nach spreagfadh mórán daoine lena thógáil sa lá atá inniu ann.

Is trua liom nach raibh teacht agam ar an dá leabhar bhreátha seo Ireland in the Medieval World le hEdel Bhreathnach, agus Brian Boru and the Battle of Clontarf le Seán Duffy.

Ní hamháin go bhfuil pictiúir iontu ach tá siad scríofa ar dhóigh a gcuireann i gcuimhne duit gur pléisiúr í an léitheoireacht.

Anois sula dtosaíonn tú ag spochadh asam as luach a chur ar phictiúr i leabhair, déarfainn leat go gcuireann na pictiúir leis an scéal agus an stair a insítear sa dá leabhar.

Tóg, mar shampla, pictiúr as leabhar Bhreathnach de “…the bodies of two adolescent males who died due to violent trauma – one was decapitated and the other received blows to the left side of his head.”

Anois, an dtuigeann tú an ré atá i gceist aici?

De réir mar a théim anonn in aois, is amhlaidh is láidre mo thuairim nach bhfuair an tuath ná na ríochtaí beaga bás in am ar bith ach go maireann siad go fóill faoi chraiceann na nDáilcheantar agus na dtoghlach Westminster.

Tá an tsaint sin chun cumhachta a chothaigh rí tuaithe, ruairí, rí ruireach, le feiceáil go fóill i gcomhairleoirí, i dTeachtaí Dála, agus in Airí agus is minic a bhíonn cúrsaí dlí ina gcnámh spairne fosta.

Luann Breathnach, mar shampla, cúrsaí ginmhillte. Is fada an t-achrann sin, is cosúil.

Tugann Breathnach léargas an-chumasach ar Éirinn ar na fórsaí cultúrtha, creidimh agus polaitiúla a bhí ar obair in Éirinn le linn na meánaoiseanna, fórsaí atá ar obair i gcónaí i ndáiríre ach faoi ainmneacha eile.

B’fhéidir go bhfuil deireadh le Síl nÁedo Sláine agus a bhfine ach is ann d’Fhine Gael agus bíodh is go bhfuil Fionn Mac Cumhaill agus a chomrádaithe ar shlí na fírinne le fada, maireann Fianna Fáil de chineál eile.

Cinnte, tuigfidh lucht na Gaeilge é sin go maith ach an dtuigfidh mórán nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu?

Tabharfaidh leabhar Bhreathnach an-eolas ar stair na tíre don té nach saineolaí sa Léann Ceilteach é.

Lena chois sin, b’fhéidir go dtabharfadh Breathnach ar dhaoine amharc níos faide siar ná an Somme agus Éirí Amach na Cásca sula dtosaíonn siad ag caint faoi “Irish history”.

Deirtear go bhfuil barraíocht staire ar eolas againn ach cuireann Edel Bhreathnach i gcuimhne dúinn nach fíor sin; aineolach ar an stair atá muid.

Ní dóigh liom gur áibhéil agam a rá nach dtuigfidh duine ar bith an tír seo againn gan greim de chineál inteacht a bheith acu ar an tréimhse atá faoi chaibidil ag Breathnach.

Mar sin féin, gearán beag amháin. Tá dhá léarscáil sa leabhar a dhéanann trácht ar earraí a fuarthas in “Ireland and Britain” idir an 5ú agus 7ú haois.

Tá an Teorainn le feiceáil ar an léarscáil a bhaineann le hÉirinn agus sé chontae Thuaisceart Éireann faoin chuid thuaidh den chlaí sin. An bhfuil an léitheoir le tuigbheáil as seo gurb ionann earraí a fuarthas roimh chríochdheighilt na tíre agus earraí a fuarthas sa Bhreatain?

Níorbh ann do Thuaisceart Éireann sa 5ú, 6ú agus 7ú haois. (Leoga, níorbh ann do Thuaisceart Éireann nuair a chuaigh an Titanic go tóin na farraige. Is in Éirinn a tógadh an bád, Éire aontaithe faoi Choróin Shasana, cinnte, ach in Éirinn mar sin féin.) B’fhiú na léarscáileanna sin a athrú sa chás go mbíonn an dara cló ann.

1,000 bliain ó shin a troideadh Cath Chluain Tarbh agus bhí Brian Bóraime i mbéal an phobail seal tamall.

An ndéarfá go ndearnadh comóradh mar ba cheart air? Ní dóigh liom é. Cuireann leabhar Sheáin Duffy i gcuimhne duit cé chomh tábhachtach agus a bhí sé i stair na hÉireann.

Is Ollamh le Stair na Meánaoiseanna ar Choláiste na Tríonóide é Duffy ach ná cuireadh sin eagla ar an léitheoir – tá leabhar scríofa aige nach gcuirfidh crua ar dhuine ar bith a léamh. Tá fios a ghnaithe aige agus cur chuige deas scríbhneoireachta a chuireann eolas roimh an léitheoir ar dhóigh inléite.

Is é ceannlíne scéal Duffy é go raibh tábhacht thar na bearta le bua Bhriain.

Tugann Duffy droim láimhe leis an dearcadh nach raibh i gceist leis an chath ach cogadh eile idir Éireannaigh. Baineann sé úsáid as foinsí comhaimseartha na linne le léiriú gur chloígh Brian Bóraime ionradh eile Lochlannach.

Murach é, gach seans go mbeadh forlámhas Lochlannach fud fad na hÉireann.

Oiread céanna le Breathnach, cuireann sé sochaí na linne romhainn agus tuigeann muid chomh fuilteach agus a bhí cúrsaí an t-am sin.

Ní fada uait dúnmharú, feallmharú, cath nó cogadh in am ar bith. Mar sin féin, duine thar a bheith eisceachtúil a bhí ann mar Bhrian: “Brian’s people were a branch of a branch of a branch of a branch of people who were … only vassals of the kings of Munster.”

Ina ainneoin sin, thug sé dúshlán a chomhghleacaithe agus d’éirigh leis ceannas a bhaint amach in Éirinn uilig – bíodh is nár mhair an ceannas sin i bhfad agus go raibh go leor dreamanna eile ann a bhí sásta a dhúshlán a thabhairt ach deis a fháil.

Rinne mé trácht ar phictiúir ar ball. Tá pictiúr sa leabhar a insíonn mórán dúinn faoin luach nach bhfuil againn ar Bhrian Bóraime, grianghraf de chuimhneachán ar bhalla Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha: “Near this spot on the north side of the great Church was laid the body of Brian Boroimhe, slain at Clontarf, A.D. MXIV.”

Nach suarach ar fad an cuimhneachán sin ar dhuine de laochra móra na hÉireann?

Tá dealbh de Molly Malone féin i lár Bhaile Átha Cliath ach ní hann do Bhrian.

Cad chuige?

Fág freagra ar 'Tá Molly Malone i lár BÁC, ach cá bhfuil Brian Boru?'