‘Tá mo fhoghraíocht chomh maith le do fhoghraíocht!’

FRIOTAL: An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais? Faigheann ár gcolúnaí ‘drochbhlas’ ar a lán den Ghaeilge a chloiseann sé

Cros de na crosa a bhíonn le hiompar ag fíréin na Gaeilge mar a bhíonn lucht na gcúpla focal ag déanamh beachtaíochta orainn. Abair ‘Luas’ le Bleá Cliathach na sráide agus fiafróidh sé díot, mar a d’fhiafrófá de thachrán, an é an Lewis atá i gceist agat. Ní haon scéal nua é; déarfaidh daoine ar bheagán Gaeilge an rud is lú a chuirfeas stró orthu.

Níl a leithéid de phardún ginearálta le fáil acu siúd arb í an Ghaeilge a chuireann an t-im ar an arán dóibh. An t-aisteoir a dhéanann moron de ‘mórán’, an múinteoir a ordaíonn do dhalta focail a lorg sa folklore, an craoltóir a dhéanann iggy de ‘aige’. B’fhurasta dúinn, agus ba rófhurasta, dul a thromaíocht orthu, ach cén tairbhe a bheadh ann? Athrú meoin atá de dhíth. Tús maith a bheadh ann a chur ina luí ar fhoghlaimeoirí go bhfuil córas fuaimeanna faoi leith ag an Ghaeilge agus go bhfuil an ceartfhuaimniú lán chomh tábhachtach leis an deachtóir beag úd ar a dtugtar ‘cruinneas gramadaí’.

Shílfeá go dtiocfadh linn talamh slán a dhéanamh de thábhacht na foghraíochta. Faraor, is mó is cosúil le gaineamh súraic ná le talamh slán é. Féach mar is féidir le mic léinn céim ollscoile a bhaint amach gan staidéar ná cleachtadh cuimsitheach a dhéanamh ar fhuaimeanna na Gaeilge. Tá a shliocht ar a lán acu: bíonn sruth maith cainte acu ach ní ligeann an faitíos (nó an dea-mhúineadh) dóibh foghar scornúil mar ch a rá. Agus nuair is mian leo béim a chur ar fhocal faoi leith, is é nós an Bhéarla a chleachtann siad: ‘An bhfuil an chóisir i do theach?’

D’fhreastail mé ar ócáid i gcomhair múinteoirí meánscoile le gairid. Mhínigh duine acu nach n-úsáideann sé choíche cleachtaí cluastuisceana a bhfuil cainteoirí dúchais le cluinstin iontu. ‘Cuireann blas na Gaeltachta isteach ar na daltaí,’ a d’fhógair sé go húdarásach. An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais? Cá bhfuil an múinteoir Fraincise a mhaífeadh go bhfuil come-on tally voo ‘níos soiléire’ ná comment allez-vous? Ach tá an múinteoir sin le moladh as a ionracas, i dtaca le holc. Nocht sé tuairim atá leitheadach go leor i ngnóthaí teagaisc agus craoltóireachta, siúd is nach minic a deirtear glan amach é.

Agus ní deacair dearcadh an mhúinteora a rianú siar go meon agus manaí na hAthbheochana. Más le muintir na hÉireann uile í an Ghaeilge, thuigfeá don fhoghlaimeoir a déarfadh: ‘Tá mo fhoghraíocht chomh maith le do fhoghraíocht!’ Thuigfeá dó fosta má tá faitíos air go bhfuiltear ag iarraidh Conallach a dhéanamh de, nó Corcaíoch nó Ciarraíoch. Cuid an-bhunúsach d’fhéiniúlacht an duine is ea a bhlas cainte dílis féin agus ní hiontas ar bith é a bheith ag doicheall roimh theagascóirí a bheadh ag iarraidh é a athrú.

Ach is mithid dúinn na sean-mhíthuiscintí sin a bhréagnú. Féadann duine blas Bhéal Feirste nó blas Luimnigh nó blas Thóin re Gaoith a bheith ar a chuid cainte agus fuaimeanna na Gaeilge a thabhairt leis go binn is go beacht. Is le muintir na hÉireann uile í an Ghaeilge – ach í a fhoghlaim.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar '‘Tá mo fhoghraíocht chomh maith le do fhoghraíocht!’'

  • Larry Phelan

    sách ráite

  • Eoin P.

    Ach má tá pobal éigin ann, i mBÁC, a úsáideann an Ghaeilge sa tigh, sa tigh tábhairne agus i dtigh an taibhrimh leis agus mura gcealchtann siad an ‘ch’ céanna mar nós nach canúint eile í sin, más gá do lucht acadúil patois/créól nó eile a thabhairt uirthi? Agus tá an pobal sin ann leis.

  • Seán

    Ardfhear…

  • seán

    Sea is scorn le foghlaimeoirí áirithe an foghar bunúsach ‘ch’ sa Ghaeilge a rá .i. ní bhíonn fonn orthu é a rá ar chúiseanna nach dtuigim;
    Cén chaoi mar sin a d’fhéadfaidís aon teanga eile – Gearmáinis, Araibis, Breathnais etc- a fhoghlaim le slacht?
    Agus an ‘r’ caol ..TG4 (four!)

  • Máire Prior

    Ach conas is féidir an fhoghraíocht a fhoghlaim? Bíonn daoine ag rá “bí ag éisteacht le Raidio na Gaeltachta”. Ach bím ag éisteacht leis agus níl an fhoghraíocht cheart agam agus ba mhaith liom go mbeadh. Bhí mé in Oideas Gael le déanaí agus bhí an-chuid daoine ag moladh Diarmuid Johnson mar bhí sé ag múineadh foghraíochta sa rang, (bhí mise i rang eile). Dúirt sé liom nach raibh ag teastáil ach dhá lá, chun na fuaimeanna go léir a mhúineadh. Sílim go bhfuil bearna ann mar níor chuala mé faoi éinne eile a bhíonn ag múineadh foghraíochta. Dá mbeadh cúrsa deireadh seachtaine ar fáil, bheinn ann!

    • Antain Mac Lochlainn

      A Mháire, a chara, Ní gnách liom trácht ar na hailt seo – ar eagla go mbeinn ag cur isteach ar an chomhrá! Ach seans go mbeadh an pacáiste foghraíochta ‘Blas’ ina chuidiú agat: https://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=7682#.VbnxMubF-8A
      An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a d’fhoilsigh é. Tá sé dírithe ar dhaltaí meánscoile, ach is cúrsa praitciúil atá ann a chlúdaíonn na fuaimeanna is mó a bhíonn deacair ag daoine.

      Slán is beannacht,
      Antain Mac Lochlainn

      • Máire Prior

        Go raibh míle maith agat, a Antain. Bainfidh mé triail as.

  • Micil

    Leitir Mulláin…..Leitir Mealláin….Leitir Miolláin ?-

  • seán

    ‘An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais? ‘ Féach, tá sé in am a rá leis na múinteoirí sin nach bhfuil ábalta nó sásta an teanga a mhúineadh i gceart éirí as. Agus an fhoghraíocht san áireamh. Tá dochar mór á dhéanamh acu don Ghaeilge agus do dhaltaí na tíre seo ar mian leo an teanga a fhoghlaim go slachtmhar. Meon aigne dochreidte fallsa agus seanbhlastúil a léiríonn scata acu (faoi mar ata raite thuas). Cé a lig os comhair ranga iad? Cá bhfuil an córas cigireachta, an Roinn Oideachais?…. chun rialacha dochta daingne a leagan síos maidir le gach aon ghné den gcuraclam? Ní bhíonn an ‘ú’ ag a lán acu fiú, eg ‘de Búrca’ = de Burka! Tá an loitiméir i mbarr a réime in Éirinn anois, is baolach.

  • seán

    Cá bhfuil an guta cúnta féin imithe? sean-a-bhlas (seanbhlas); cam-a-chuairt (camchuairt); soc-a-raigh (socraigh) etc?
    Cá bhfuil an meitaitéis? mai-r-créal (maicréal), slachar (salachar) ? etc
    Cá bhfuil úsáid na copaile féin imithe? ‘Ró-chasta’ adeir na múinteoirí!
    Ró-chasta dhóibh féin…. atá i gceist dar ndó’.
    Agus tá a sliocht sin uile ar na daltaí bochta a bhfuil sé in áirithe do chuid acu a bheith ina n-oidí ‘Gaeilge’ amach anseo.
    Fáinne fí siar amach go fuineadh.
    Mhúin an Tíogar Ceilteach ceacht dúinn; ní gá slacht ná paiteantacht ná ceardúlacht ná críochnúlacht, caith i dtoll a chéile é agus t’rom an t-airgead a dhailtín.

  • philip

    Aon seans gur meitaits atá ar siúl maidir le ‘folklore/foclóire’ thuas?

  • Fear Galltachta

    An-alt go deo!

  • Cait

    Tá sé thar am tabhairt faoin cheist seo. Ina scannal saolta. Faitíos ar lucht na dea-fhógraíochta nach dtuigfí iad! In am againn tabhairt faoi.
    An- alt go deo. Bíonn an fhírinne searbh…

  • Tuigim

    FRIOTAL: An bhfuil pobal teanga eile ar domhan ina mbeadh meas ar iarrachtaí an fhoghlaimeora thar urlabhra an chainteora dúchais?

    FREAGRA: Níl sé ceart a rá go bhfuil an meas sin THAR urlabhra an chainteora dúchais. Níl faitíos ar dhaoine go gcaillfidh cainteoirí dúchais a dteanga. Tá baol áfach, nuair a fhaigheann na daoine sin bás, nach mbeidh ár dteanga againn ar chor ar bith sa tír seo. Tá baol ann nach mbeidh an teanga ach ag na daoine sa Ghaeltacht amháin. Ní leor sin. Scaip an teanga.

    An fhadhb i ndáiríre? Freagra: Tá meas níos lú ar iarrachtaí an fhoghlaimeora le sonrú anseo.

    Tá meas ag go leor tíortha ar dhaoine a dhéanann iarracht teanga a fhoghlaim. Neart acu. Aon áit ina bhfuil daoine le croíthe maithe a thuigeann gur rud iontach é go bhfuil daoine eile ag iarraidh a dteanga a fhoghlaim. Sa Spáinn, i Mericeá (is mé ag foghlaim Spáinnis ann), sa tSeapáin… bhí daoine lách agus thug siad moladh dom. Spreag sé mé. Sa Fhrainc, bhí faitíos orm mo bhéal a oscailt. Fuaim amháin mícheart agus bheadh m’aghaidh dearg ón íde béil. B’shin mo thaithí ann. D’éirigh mé as. Neart daoine cosúil liomsa sa saol. Tuig an damáiste a dhéanann sé nuair atá daoine ag tabhairt amach duit agus ag cur náire ort. Ní chabhraíonn sé ar chor ar bith. Sin ár namhaid i ndáiríre: náire.
    Mol an iarracht agus sábháil an teanga. Cén maitheas bheith dian ar dhaoine? Tiocfaidh feabhas orthu de réir a chéile. Bí foighneach agus ná bí ag caitheamh anuas ar dhaoine. Gaeilge i mbéal an phobail = teanga atá beo.

  • Oisi

    Mr/Mrs Tuigim,

    Ní féidir an iarracht a mholadh mar níl an eolas ceart ag formhór na ndaoine/ndaltaí chun iarracht a dhéanamh

    (agus má bhíonn múinteoirí ag tabhairt amach dóibh níl an fadhb leis an eolas)