Bhí colún le scríobh ag an Saoithín Aeráide ach bhí sé róthe le bheith ag obair (tá cónaí ar an Saoithín sa Bhrasaíl) agus chuaigh sé síos go dtí an cladach ar thóir leoithne ghaoithe.
Bhí sé ina lag trá agus an chéad rud eile bhí an Saoithín ag siúl ar chlár carraige a bhíonn faoi uisce nuair a bhíonn sé ina lán mara. Ní hiad na taoidí, an sáile agus an ghrian amháin a bhíonn ag ídiú na gcloch sa chladach sin ach cuáin mhara agus bundúin leice de chineálacha éagsúla agus in imeacht na gcianta thochail fórsaí an nádúir locháin sna carraigeacha atá cosúil le linnte beaga snámha.
Nó le huisceadáin: nuair a théann an taoide amach, fágtar na céadta iasc beag sna locháin sin. Na céadta? Na céadta míle is dócha, mar sa lochán áirithe amháin a raibh an Saoithín Aeráide ag breathnú isteach ann, bhí breis agus céad iasc beag le feiceáil ag sciurdadh anonn is anall san uisce gléghlan, gach ceann acu níos áille ná an ceann roimhe. Bhí dath ‘stuama’ donnliath ar na cinn ba mhó, ach dá laghad dá raibh na héisc ba gháifí an chuma a bhí orthu: stríoca ingearacha dubha agus buí ar chuid, líne lonrach ghorm ar chuid eile, na cinn sin ag bogadh thart san uisce mar a bheadh lasracha beaga leictreachais iontu.
Ní raibh neart ag an Saoithín air féin agus isteach leis i measc na n-iasc, gan air ach a chuid fobhristí. Rinne sé cupán as a dhá lámh agus rinne iarracht breith ar na héisc le go bhféadfadh sé lán a shúl a bhaint astu, ach ar ndóigh níor éirigh leis, bhí siad rósciobtha dó. Rinne an Saoithín iarracht ansin na cineálacha éagsúla éisc a chomhaireamh. Níor éirigh leis sa tasc sin ach oiread, bhí an iomarca acu ann, agus ansin rith smaoineamh eiriceach leis an Saoithín.
Cén díothú speiceas atá ar na heolaithe agus ar Extinction Rebellion ar chor ar bith? a shíl sé. Má tá oiread speicis éagsúla sa lochán carraige seo gur deacair iad a chomhaireamh, lochán carraige amháin ar cóimhéid le jacuzzi, samhlaigh an líon speiceas i locháin charraige an domhain ar fad curtha le chéile, ní hea, sna farraigí agus sna haigéin ar fad agus sna coillte, sna foraoiseacha agus sa dufair agus sna portaigh agus sna mangróibh agus ar na féarthailte agus sna fásaigh…
Bhain an focal deireanach sin stad tobann as sruth smaointe an tSaoithín.
Ní raibh air ach a cheann a chasadh timpeall le go bhfeicfeadh sé cathair Salvador, fásach coincréite ina bhfuil cónaí ar cheithre mhilliún duine san áit a mbíodh dumhcha gainimh agus foraois bháistí tráth.
Is fíor go bhfuil oiread speiceas agus bithóm éagsúla ar chlár na cruinne go rachadh sé ó mheabhair ort, ach is fíor freisin go bhfuil speicis á ndíothú agus bithóim á scrios ar luas lasrach. De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 2019 tá milliún speiceas plandaí agus ainmhithe i mbaol a ndíothaithe as seo go ceann scór bliain.
Milliún speiceas.
Bhí sé de mhí-ádh ar na héisc a bhí ag cur gliondair ar an Saoithín Aeráide gur fágadh i lochán carraige iad, ach bhí an t-ádh orthu go raibh a speicis fós beo. Agus tá an t-ádh orainne, a bhfuil cónaí orainn i bhfásaigh choincréite nó i gceantair thuaithe a bhfuil fásaigh bhithéagsúlachta déanta astu ag an tréantalmhaíocht, nár scrios muid chuile shórt fós.
Fág freagra ar 'Tá milliún speiceas plandaí agus ainmhithe i mbaol…ach níor scrios muid chuile shórt fós'